mercredi 21 octobre 2009

Dráma Nua


Feasta na míosa seo amuigh, a chairde. Is éard a theastaigh uaim a dhéanamh breathnú ar Éamonn Mac Giolla Iasachta agus ar a chuid oibre i gcúrsaí ginealais mar chúlú ón nGaeilge agus mar dhíspeagadh uirthi. Titim siar a bhí ann go cinnte ó obair an Athar de Bhulbh atá pléite ag Dubhaltach anseo. Freagairt a bhí sa chúlú pearsanta seo, dar liom, don Chogadh Cathartha ar thaobh amháin agus d'urlámhas an Bhéarla i gcúrsaí riaracháin ar an taobh eile.

Ar aon chuma, theastaigh uaim clúdach na míosa seo de Feasta a chur leis seo ach, an gcreidfeadh sibh, ní thig liom mo lámh a leagan air. Mar sin shíl mé an cárta poist seo a fuair mé sa phost an lá cheana a chur suas. Dráma nua le Darach Ó Scolaí a thosaigh sa Project i mBaile Átha Cliath aréir, An tSeanbhróg.

'Dráma grinn ... a fhéachann go caolchúiseach ar an stair agus ar an soiscéal náisiúnach.... dearcadh difiúil ar an Éireannachas....'

Beidh sé ar siúl i Leitir Ceannainn chomh maith le linn an Oireachtais a deir an cárta.

4 commentaires:

  1. Súil agam é a fheiceáil i Leitir Ceanainn.

    RépondreSupprimer
  2. Bhí sé i gceist agam é a fheiceáil aréir, ach tháinig cuairteoirí chugainn!
    Bhí cúram an Taoisigh Ghaelaigh orm ag cur fleá is spraoi ar fáil.

    RépondreSupprimer
  3. Ó, agus san alt a scríobh tú cad atá i gceist agat go díreach le "Béarlú na Gaeilge ag na meáin"?

    RépondreSupprimer
  4. Tá súil agam gur thaitin sé leat a bheith i do thaoiseach Gaelach, a Dhubhaltaigh. Is dócha gurb éard a bhí i gceist agam an saol Gaelach go háirithe go háirithe saol na Gaeltachta a bheith á aistriú go Béarla. M.sh. na háitainmneacha Béarla a bheith fós in úsáid (Bloody Foreland in ionad Cnoc Fola etc.); scéalta nuachta ón nGaeltacht á dtuairisciú amhail is nárbh ann don Ghaeilge; cláir mar 'Who do you think you are' a bheith ag dul siar chuig Scoil Náisiúnta na Ceathrú Rua ag tús na haoise seo caite agus ag plé léi amhail is gur scoil Bhéarla í; an ceol Gaelach a bheith scartha go hiomlán ón teanga. Ní inné ná inniu a thosaigh sé. Ach níl aon lagú air.

    RépondreSupprimer