samedi 31 octobre 2009

Seanturnapa



Tá suil agam go mbainfidh sibh uile an chuid is fearr as siamsaíocht Oíche Shamhna.
Anocht a thosaíonn an geimhreadh.

jeudi 22 octobre 2009

Danmhairgis

B'fhéidir go gceapfaidh sibh gur aisteach an greann atá agam ach táim fós ag gáire faoin bhfíseán seo (scrolltar síos). Mar dhuine a thug faoin Danmhairgis a fhoghlaim, chuir sé mé sna trithí. Samhlaigh Gaeilge a fhoghlaim sa litriú clasaiceach ach gan h-eanna i ndiaidh na gconsan agat le taispeáint duit go bhfuil siad séimhithe, agus ansin na focail a d'fhoghlaim tú ar an gcaoi sin a chloisteáil á rá. Léann tú: Tá mé ag foglaim na Gaeidilge. Is mait liom í a leigeam. Agus cloiseann tú, abair: Tá mé a fólaim na Gaeilge. Is ma liom í a léú.

Mar shampla, sa Danmhairgis, deirtear doven (leisciúil) rud beag cosúil leis an gcaoi a deir muidne 'domhan', dig (tusa) cosúil le 'daigh', afstand (achar) cosúil le 'abhsteim', glad (sona) cosúil le 'gluth', laege (dochtúir) cosúil le 'lae' etc. Ceann is breá liom: le Tivoli deirtear 'tiúlaí. Agus cá bhfágann tú an fealsamh cáiliúil: Surn Kíceagó.

Grúpa grinn teilifíse san Iorua a rinne an clár a bhfuil an mhír seo ann, Uti Vår Hage, agus iad ag magadh faoina comh-Lochlannaigh. Tá sé áiféiseach uile - sin é an fáth a bhfuil sé greannmhar is dócha - ná glactar dáiríre leis, mar a deirtear sa tráchtaireacht faoin bhfíseán. Is fiú an tráchtaireacht chéanna a léamh freisin: tuisceanach, greannmhar, íorónta ar bhealach nach mbíonn a leithéid ar YouTube go minic. Mo thaithí phearsanta ar mhuintir na Danmhairge gur daoine lácha iad, malairt ar fad a bhfuil i gceist leis an bhfocal 'danartha', agus más aon fhianaise an tráchtaireacht, go maith in ann gáire fúthu féin.


mercredi 21 octobre 2009

Dráma Nua


Feasta na míosa seo amuigh, a chairde. Is éard a theastaigh uaim a dhéanamh breathnú ar Éamonn Mac Giolla Iasachta agus ar a chuid oibre i gcúrsaí ginealais mar chúlú ón nGaeilge agus mar dhíspeagadh uirthi. Titim siar a bhí ann go cinnte ó obair an Athar de Bhulbh atá pléite ag Dubhaltach anseo. Freagairt a bhí sa chúlú pearsanta seo, dar liom, don Chogadh Cathartha ar thaobh amháin agus d'urlámhas an Bhéarla i gcúrsaí riaracháin ar an taobh eile.

Ar aon chuma, theastaigh uaim clúdach na míosa seo de Feasta a chur leis seo ach, an gcreidfeadh sibh, ní thig liom mo lámh a leagan air. Mar sin shíl mé an cárta poist seo a fuair mé sa phost an lá cheana a chur suas. Dráma nua le Darach Ó Scolaí a thosaigh sa Project i mBaile Átha Cliath aréir, An tSeanbhróg.

'Dráma grinn ... a fhéachann go caolchúiseach ar an stair agus ar an soiscéal náisiúnach.... dearcadh difiúil ar an Éireannachas....'

Beidh sé ar siúl i Leitir Ceannainn chomh maith le linn an Oireachtais a deir an cárta.

mercredi 14 octobre 2009

Staighre Beo

Ó Áth Buí go dtí an Bhreatain Bheag go dtí an tSualainn. D'aimsigh mé an físeán seo ar an mblag Breatnaise seo. Is é Dubhaltach a chuir ar an mbóthar mé agus táim buíoch de dá réir. Tá súil agam go dtaitníonn sé libh mura bhfuil sé feicthe agaibh cheana féin. Thaitin sé liomsa.

mardi 13 octobre 2009

Suíomhanna Gaeilge


Session in Cartys during Éigse Uí Ghramhnaigh. Gearóidín Nic Ghabhann ar an veidhlín, Ray MacGabhann ar an nguitar agus Maicó Ó Mealóid ar an mbosca cheoil.


Bímse ag cur le mo liosta de shuíomhanna Gaeilge an t-am ar fad. Mar a tharla, inniu, rinne mé googleáil ar na focail 'jumelage twinning Gaeilge' agus fuair mé an suíomh seo ar bharr an liosta: www.athbui.com. Feictear dom gur ceann eile é le cur ar mo liosta. Tá suíomh breá ag Conradh na Gaeilge freisin ach ní cosúil go bhfuil mórán suíomhanna ceangailte leis na Craobhacha.

Agus sin rud eile. Le tamall anuas tá mé ag cuardach blagairí Breatnaise ach níl ag éirí liom aon cheann sásúil a fháil, is é sin ceann nach bhfuil dlúthcheangailte le polaitíocht na Breataine Bige nó nach bhfuil ar scaradh gabhail idir Breathnais agus Béarla. Níl a fhios agam an bhfuil saol blagadóireachta i mBreatnais mar atá againne anseo. Caithfidh go bhfuil ach tá ag teip orm é a aimsiú. B'fhéidir gur i bhfolach i measc na sléibhte in Eryri atá.

mercredi 7 octobre 2009

An tAraltas Gaelach








Sin thuas cuid de na sciatha breátha a mhaisíonn Irish Families le hEdward MacLysaght. Cúpla rud le tabhairt faoi deara, sílim. Sa chéad áit na dúile beo atá le feiceáil ar na sciatha. Tá an t-alt breá seo ag Nicholas Williams ina dtaobh ina leabhar álainn, Armas, lgh 14-5:

Is suntasach a fhairsinge is atá fíora áirithe in araltas na nGael nach bhfuil róchoitianta in araltas Shasana ná na Mór-roinne. Ar na dúile beo a fhaightear go fairsing in araltas na dtaoiseach Gaelach áirítear an torc, an carria, an cú, an bradán, an nathair nimhe agus an laghairt. I measc na nithe eile atá coitianta in araltas na nGael d'fhéadfaí an ghrian, an lámh dhaonna agus cineálacha éagsúla crann a lua. Tá siad sin uile chomh coitianta sin san araltas Gaelach nach dócha gur de thaisme a fheictear ann iad. Is gnéithe formhór na nithe sin de dhealbhra págánach na gCeilteach in Éirinn, an Bhreatain agus ar an Mór-roinn i gcoitinne. Tagtar orthu go forleathan sna hiarmsaí atá ar caomhnú d'ealaín chultasach na gCeilteach réamh-Chríostaí agus atá léirithe ag seandálaithe.
An dara rud atá le tabhairt faoi deara gur i mBéarla a thug Éamonn Mac Giolla Iasachta na sloinnte.

Níor mhiste a lua chomh maith, chomh fada is a bhaineann le Príomh-Aralt na hÉireann de, ní leis an sloinne, nó leis an sliocht, an t-armas, ach leis an gceann fine.

Is maith liom an t-araltas seo, caithfidh mé a rá. Tá rómáns ag baint leis, agus dathanna geala. Gan trácht ar dhiamhrachas na siombailí.

lundi 5 octobre 2009

Tíopaí


Ar ais ag obair inniu tar éis beagnach coicís tinnis. Deir daoine gurb é fliú na muc a bhí orm. Deir daoine eile nach ea. Ní dheachaigh mé chuig an dochtúir ach mura leanfaidh an biseach beidh mé chuige gan mhoill.

Tá mí Dheireadh Fómhair ann agus Feasta linn i gcionn lá nó dó. San eagrán seo labhraím faoi Éamonn Mac Giolla Iasachta / Edward MacLysaght agus na hIrish Families. Dar liom gur sampla de thíopa é Mac Giolla Iasachta. San aiste tugaimse 'cantalóir' air ar aithris a bheathaisnéisí, Sheán Uí Cheallaigh. Ach sílim go mb'fhéidir gur fearr an téarma an 'cancrán cumasach'.



Fad a bhí an tinneas orm, bhí deis agam a bheith ag smaoineamh ar thíopaí daoine agus tháinig mé ar chúpla ceann eile - trí cinn eile, b'fhéidir ceithre cinn. Braithim go bhfuil tíopaí nó carachtair Theophrastus neamhshubstaintiúil. Is mór an spórt iad ach dáiríre is éard tá iontu daoine mar ba léir don phobal iad, nó mar ba léir do lucht béadáin iad, carachtair chairtchláir.



Na tíopaí ar tháinig mise orthu is daoine cumasacha atá i gceist leo, daoine atá tar éis teacht chun cinn i saol na cumhachta, daoine a bhfuil ardphostanna bainte amach acu sa saol polaitiúil, abair, nó sa saol institiúideach. Tá ceithre cinn agam go dtí seo:

An Fírinneach: an té a insíonn an fhírinne go cruinn ciúin agus - amanta - go straitéiseach.

An Bullaí: an té a úsáideann fórsa pearsantachta - agus cleasanna eile - chun dul i gcion ar dhaoine.

An Caidreamhach: an té a chuireann aithne ar iliomad daoine, agus a bhunaíonn agus a bhuanaíonn caidreamh leo, agus atá in ann labhairt le gach duine ar a mbealach / leibhéal féin.

An Cancrán: an té atá tiomanta d'aon rud amháin ach nach bhfeiceann an mórphictiúr go minic.


D'fhéadfadh sé go bhfuil an cúigiú tíopa ann: An tOibrí, is é sin an té a dhéanann aon obair a thugtar dó go cruinn agus go slachtmhar agus in am sa chaoi is gur féidir brath air. Bhí mé in amhras faoi seo a chur le liosta na bpearsantachtaí láidre.

Ar aon chuma, is píosa spóirt é a bheith ag iarradh daoine a lua leis na tíopaí difriúla. Beidh a thuairim féin ag gach duine. Dar liom gur sampla maith den Chaidreamhach é John O'Donoghue, T.D., Ceann Comhairle na Dála. Ní bheadh aon easpa ort dá mbeifeá ina chomhluadar ag Longchamps nó ag Rásaí na Gaillimhe. Ní hiad a chuid paidreacha atá sé ag léamh thuas ach clár na rásaí, cuirimse geall.