vendredi 28 août 2009

NAMA namá

Ní dóigh liom gur maith an smaoineamh don leabharlannaí an iomarca baint a bheith aige le cúrsaí poiblí. Ní hé sin an cúram atá air. Má nochtann sé tuairim faoi chúrsaí “polaitíochta,” tá an baol ann go bhfeicfear mar chancrán é. Gnó an leabharlannaí (nó cuid de) an mionsonra, an freastal, an t-ord, cúram na leabhar agus eolas orthu. Ach... bhí mé ag éisteach le Raidió na Gaeltachta ar maidin agus – táim ag dul sa seans anseo, admhaím – chuala mé an chosaint ab fhearr fós ar NAMA – scéim Rialtas na hÉireann chun na bainc a shábháil – ó bhéal an Aire Éamoin Uí Chuív. Seo é (i mo chuid focal féin).

Dá rachadh na bainc i ndiaidh a bhféichiúnaithe láithreach bheadh orthu seo a gcuid sócmhainní uile - más é sin an focal - a dhíol ar an bpointe. Bheadh oiread sin sealúchais ar an margadh ag an am céanna ansin go dtitfeadh an tóin as an margadh uile. Bheadh teach le fáil ar ‘ardaigh orm é.’ Os a choinne sin, níl NAMA ag iarraidh an sócmhainní seo uile a cheannach thar a luach. Tá an luach sin le hoibriú amach fós. Ach is luach é a bheidh i gcoibhneas leis an méid airgid a bheifí ag súil a fháil ar na sócmhainní sin dá ndíolfaí arís iad, abair i gcionn ceithre nó cúig bliana.

Nílim in ann a rá; agus táim cinnte go rachaidh an argóint ar aghaidh is ar aghaidh. Níl ionamsa ach leabharlannaí. Ach de bharr mé a bheith sáite sna leabhair, níor chuala mé argóint Uí Chuív cheana agus chuaigh sé i gcion orm. Anois ar ais chuig na leabhair chéanna nó déarfar gur cancrán mé agus nach dtuigim céard faoi a bhfuilim ag caint.

jeudi 27 août 2009

Eriugena agus Theodorus


Is é Dennis King a d’iarr orm an pictiúr seo a scanadh agus tá súil agam gur éirigh liom sin a dhéanamh go sásúil. Feictear dom go bhfuil giorria álainn dúisithe aige féin agus ag Aonghus. Tá an pictiúr le fáil mar thulmhaisiú le heagrán I.P. Sheldon-Williams de Periphyseon (De Diuisione Naturae) Iohannes Scottus Eriugena. Is i lámhscríbhinn in Bibliothèque Nationale na Fraince atá sé: lat. 6734 f. 3r. Is éard tá sa lámhscríbhinn sin cóip d’achoimre ar an Periphyseon, an Clavis Physicae, a scríobh Honorius Augustodunensis. Deir Dermot Morgan gur idir na blianta 1125 agus 1130 a scríobh Honorius a leabhar agus go bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuil sé le fáil ann lán de phictiúir áille. Baineann an lámhscríbhinn leis an dara haois déag. Is í an leagan is sine den Clavis í dá bhfuil ar fáil.


Is iad atá sa phictiúr Iohannes seo againne – ‘genere scotho’ – ar thaobh na láimhe deise agus Theodorus éigin – níl a fhios agam cérbh é ach deir an pictiúr gur Gréagach é – ‘genere greci’ – ar thaobh na láimhe clé.


Tá scrolla ag sileadh as a láimh chlé gach duine acu. Tá castacht álainn ag baint leis na scrollaí seo nach bhfuilim in ann a scaoileadh. Ní cosúil go bhfuil na scoláirí ar aon intinn, fiú, faoina bhfuil scríofa orthu (léann Sheldon-Williams an focal ‘pandit’ mar ‘pendit’). Tá ceann Theodorus níos airde; mar sin, de réir choinbhinsiúin na gcartún is na n-anime pléifimid leis sin ar dtús. Seo mar atá scríofa air:


Dogmatis is. lumen pan

dit per mentis acumen.


Sileann scrolla Eriugena trasna air sin agus seo mar atá air:


I.nvolucrum rerum. petit

is. fieri sibi clarum.


Deacracht amháin a fheicim leis na scrollaí seo ná go simplí cé leis na focail atá scríofa orthu? An iad Theodorus agus Eriugena féin atá ag labhairt? Nó an é an t‑ealaíontóir atá ag miniú an scéil dúinn agus ag insint dúinn faoin té a bhfuil an scrolla ina láimh aige? Is é sin an bhfuil Theordorus ag rá faoi Eriugena (agus é ag díriú méire air): Osclaíonn an fear seo (‘is’) solas an dogma le géire intinne. Nó an é an t‑ealaíontóir atá á rá sin faoi Theodorus. Mar a chéile, cé hé an ‘is’ atá ‘ag iarraidh go ndéanfaí castacht rudaí soiléir dó’? Theodorus nó Eriugena? Tá mo thuairim féin agam ar ndóigh.


Agus níl ansin ach ceann amháin de na castachtaí áille atá ag baint leis an léaráid seo, cuid acu pléite ag Dolores Warwick Frese agus ag M.-Th. d’Alverny; ach níl a leabhair siadsan ar an tseilf agam faraor.

mercredi 26 août 2009

An Eilifint úd


Is gearr anois go mbeidh Feasta mhí Mheáin Fómhair amuigh. San eagrán seo déanaim iarracht an Eilifint i Seomra na Staire a nochtadh. Beidh a fhios agaibh céard é féin, táim cinnte chomh luath is a fheiceann sibh é. Ní haon nuacht é ar bhealach.

Bímse tógtha leis na nithe seo, ní thuigim cén fáth. Cuireann sé i gcuimhne dom an seanjóc faoi na Polainnigh. Iarradh ar saineolaithe ó thíortha difriúla san Eoraip aiste a scríobh i gcomhair leabhair idirnáisiúnta a bhí le foilsiú faoin eilifint. Scríobh an Sasanach aiste dar teideal "The Commercial Aspects of the Elephant Industry"; scríobh an Gearmánach aiste faoi "The Gaussian Dynamics of Elephant Protein"; scríobh an tIodálach faoi "Represenatations of the Elephant in Renassance Art"; scríobh an Francach "The Love Life of the Elephant"; scríobh an Polainneach aiste faoi "The Elephant and the Polish Question".

Mar sin féin, sílim go bhfuil méar leagtha agam ar rud éigin an-bhunúsach. Anois agus é tugtha faoi deara agam, feicim gach áit é.

lundi 24 août 2009

Pióg Crecy


Bhí mé ag réiteach pióg “Crecy” don bhéile agus rinne mé rud nach ndéanaim go minic tráthnóna, chuir mé an raidió ar siúl. Bhí sé d’ádh orm gur tharla mé ar Thobar an Cheoil ar RnG á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig. Fad a bhí na meacana dearga á ngrátáil sheinn Seosamh 'Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir'. Sheinn sé faoi dhó é – an chéad uair á chanadh ag na Wolfe Tones agus an dara huair á chanadh ag Nioclás Tóibín. Bhí d'éifeacht le ceann amháin a theacht i ndiaidh an cheann eile go raibh sé cosúil le céim siar a thógáil san am, ní cúpla bliain ach cúpla céad bliain – bhí sé draíochtach. Bhí sé cosúil le bheith ag éisteacht le seanspiorad Gaelach éigin. Ní maith go gcreidim i seansprideanna ach ní hin le rá nach bhfuil siad ann. Seans go raibh Nioclás i dtiún leo.

Agus bhí an phióg go breá freisin.

mardi 18 août 2009

An Pholaitíocht á huimhriú


Táimid ar an gcuid dheireanach d’atheagrú na leabhar. Níl fágtha ach an tSocheolaíocht, an Pholaitíocht, an Dlí etc. (rannóg 3). Tá An Fhealsúnacht (1), An Creideamh (2), An Eolaíocht (5), Teanga agus Litríocht (8), Tíreolas, Beathaisnéisí, Stair (9) uile déanta. Ní dhéanfar Ceirdeanna agus Ealaíona etc. (6 agus 7) i mbliana.

Rith sé liom go bhféadfaimis atheagrú a dhéanamh ar na leabhair shocheolaíochta, pholaitíochta agus dlí de réir tíortha. (Ní tharlóidh sé ach cér mhiste an cheist a phlé.) D’fhéadfaimis réimír a úsáid don tír. I gcás na hÉireann d’fhéadfaimis EI (giorrúcháin FIPS na Stát Aontaithe) a úsáid seachas IRL (giorrúchán an ISO) – bíodh is go ndéanfadh sin éagóir ar thíortha eile, mar shampla an Ghearmáin, agus gurbh fhearr liom ar bhonn prionsabail glacadh leis an ISO. Ar aon chuma, seo sampla den rud a d’fhéádfadh a bheith i gceist:


3 AS 342 BUN

Unfinished business: Reconciliation, The Republic and the Constitution Bill Bunbury

3 EI 323 LAO

Náisiún na hÉireann mar a bhí agus mar atá eag. Diarmuid Ó Laoghaire

3 EI 327.8 (4) GADH

Éire agus Polaitíocht na hEorpa Nollaig Ó Gadhra

3 EI 338.486 OCO

Tourism in Ireland: a critical analysis eag. Barbara O’Connor, Michael Cronin

3 EI 342 CEA

Bunreacht na hÉirean: A study of the Irish text Micheál O Cearúill

3 GM 323.26 BAU

Wie Alles Anfing Bommi Bauman


Seo mar atá faoi láthair – agus mar a bheidh:


323 (417) OLA

Náisiún na hÉireann mar a bhí agus mar atá eag. Diarmuid Ó Laoghaire

323.26 (430) BAU

Wie Alles Anfing Bommi Bauman

327.8 (417) (4) OGA

Éire agus Polaitíocht na hEorpa Nollaig Ó Gadhra

338.486 (417) OCO

Tourism in Ireland: a critical analysis eag. Barbara O’Connor, Michael Cronin

342 (417) OCE

Bunreacht na hÉirean: A study of the Irish text Micheál O Cearúill

342 (94) BUN

Unfinished business: Reconciliation, The Republic and the Constitution Bill Bunbury

mercredi 12 août 2009

Brian Óg


Seo leabhar an-taitneamhach a thóg mé anuas den tseilf an lá cheana: Brian Óg le Pádraig Ó Conaire. Thosaigh mé air agus bhí cúig leathanach léite agam sular thug mé faoi deara go raibh sé á léamh ar chor ar bith. Tá stíl bhreá éasca ag Ó Conaire. Bhí mé gafa. Is geall le fantaisíocht codanna den leabhar. Níor thóg sé i bhfad orm an leabhar a chríochnú agus nuair a leag mé uaim é bhraith mé go raibh mé tar éis spléachadh a fháil ar rud éigin pléisiúrtha. Scríobhadh an leabhar i dtús na 20í agus foilsíodh é i 1926.

Aisteach go leor níl an chuma air gur tugadh mórán airde ar an scéal mar phíosa scríbhneoireachta. Níor áirigh Tomás Ó Floinn é i measc na n-úrscéal a raibh fiúntas litríochta iontu a scríobhadh roimh 1939. Níl ach tagairt amháin ag Alan Titley dó agus tagairt bheag eile ag Eibhlín Ní Chionnaith. (Féach Foinsí anseo.) Is cosúil, toisc gur leabhar scoile a bhí ann nó go raibh sé chomh gearr sin (111 lch) nach raibh mórán measa air. Céard is féidir liom a rá. Bhí an scéal simplí, rian na drámaíochta stáitse air in áiteanna, bearnaí áirithe plotaíochta ann. Ach bhain mé taitneamh as.

mardi 4 août 2009

Na Diamhróirí


Rith rud liom agus mé ag dul don bhlag eile agam, An Litríocht seo againne. Litir a scríobh an tiarna seo, Mac Uibhelinn, chuig an nGiúistís sa bhliain 1568. Tá sé geall leis doléite ag aon duine nár oileadh i léann na scol. Tá sé lán le giorrúcháin. Cé léadh é mar sin? Duine eile a oileadh i léann na scol. Bhí an ceart ag George Bernard Shaw sa Doctor's Dilemma mar sin: every profession is a conspiracy against the laity. Tá faitíos orm go gcaithfear an focal 'dúnta' a úsáid sa chomhthéacs seo agus diamhróireacht a chur i leith an aosa léinn. Sin agus an chaoi nár ghlac siad, is cosúil, le nithe mar pheannaireacht nó scríbhneoireacht reatha ná le húsáid fhorleathan pháipéir a chuir bac lena gcumas cur in éadan ghabháil na Sasanach. Páipéar agus peannaireacht a chloígh na taoisigh chomh cinnte céanna le claíomh agus cailibhéar.