mercredi 30 juin 2010

Cúnamh aimsire


Tá an aimsir tar éis a bheith iontach le tamall anois, tríd is tríd. An leanfaidh sé? Cuir ceist ar mhuintir na hIorua. Seo suíomh ar insíodh dom mar gheall air cúpla seachtain ó shin. Feictear dom go bhfuil sé breá inúsáidte agus féadfaidh tú ainmneacha na háite a bhfuil faisnéis uait mar gheall uirthi a chur isteach i nGaeilge agus gheobhaidh tú faisnéis bhreá agus cruinn - ach athraíonn an fhaisnéis chomh maith leis an aimsir. Tá ainm an tsuímh breá simplí freisin: yr.no.

Ach ná cuirimis Met Éireann as an áireamh ach an oiread. Tá méid áirithe Gaeilge ar an suíomh acu ach tá an cur síos laethúil i mBéarla feictear dom. Ná níor shíl mé go raibh sé chomh héasca faisnéis a fháil d'aon cheantar faoi leith. Níor oibrigh an cuardach dom i nGaeilge nó i mBéarla ar an gcaoi sin. Nuair a chuir mé isteach 'Dingle' (níor éirigh le 'An Daingean') chuir siad ceist orm an é 'single' a bhí uaim.

Ar aon chuma, beidh mise ag bualadh an bhóthair ó thuaidh i gceann uair a chloig anois, i dtreo na gréine tá súil agam. Bainigí sult as an dea-aimsir.

samedi 26 juin 2010

Sú Talún


Sútha talún agus uachtar! Cé chuirfeadh suas dó . Go háirithe lá breá samhraidh agus an ghrian ag taitneamh. Ach seo smaoineamh eile: sútha talún agus Fleurie. Tamaillín sula mbíonn sé i gceist agat na sútha talún a ithe caith taespúnóg nó dó den fhíon isteach i mbabhla na sútha talún réitithe agus corraigh iad. Chomh simplí leis sin. Agus na sútha talún ite, má tá aon chuid den fhíon fágtha, caith siar blogam de. Cuirimse geall go mblaisfidh tú na sútha talún arís. Cuireann daoine áirithe beagán siúcra leis na sútha talún agus iad á réiteach. Ná ní gá go dtiocfadh an Fleurie in áit an uachtair, ach an oiread. Bon appetit.

jeudi 24 juin 2010

Ag troid ar ais


Ba mhaith liom a cheapadh gur duine féaráilte mé. Ar an ábhar sin ní mór dom a aithint go bhfuil an Roinn Airgeadais ag cur i gcoinne na tuairime nár chuid siad comhairle a leasa ar an Rialtas. Dúirt siad leo go raibh siad ag brath an iomarca ar cháin ón ráchairt mhór i gcúrsaí tithíochta. Tá eolas faoi sin anseo agus anseo. Is breá an rud é go bhfuil an díospóireacht phoiblí seo tosaithe. Ní toisc go bhfuil mórán de bhuntáiste le fáil as a bheith ag fáil locht ar dhuine éigin as ar tharla, ach toisc go bhfeabhsú cúrsaí dúinn uile amach anseo. Caithfear na státseirbhísigh a cheistiú agus ní miste go bhfuil siad á gcosaint féin. Ní cluiche dhá thaobhach é seo ach cluiche iltaobhach; agus riarthóirí na tíre ar thaobh na cumhachta.

mercredi 23 juin 2010

Athbhreithniú


An rud is annamh is iontach: nuair a chas mé an raidió air ar maidin fuair mé ‘Morning Irleand’ in ionad an cláir is ansa liom. Caithfidh go raibh sé socraithe mar sin agam ón oíche roimhe. Ar chas mé chuig RnaG ar an bpointe? Níor chas mar bhí fear ag caint agus bhí sé geall le bheith ag éisteach liom féin; ach mé níos líofa, níos ciallmhaire, níos réasúnta, níos cruinne. Brian Lucey a bhí ann, Ollamh Cúnta san Airgeadas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí sé faoi agallamh agus ag caint faoi ról na státseirbhíse sa ghéarchéim eacnamaíoch, go háirithe ról na Roinne Airgeadais.


Seo achoimre Gaeilge i mo chuid focal féin ar chuid de na rudaí a bhí sé ag rá.


Is é dearcadh na státseirbhíse go mbíonn an chomhairle a fhaigheann siad taobh istigh níos fearr ná an chomhairle a thagann chucu ón taobh amuigh. Sin ainneoin nach teicneolaithe airgeadais nó eacnamaíochta iad. Dáiríre, bíodh is go bhfuil siad an-chliste (d'úsáid sé an focal 'smart' cúpla uair), tá sé deacair acu na mionsonraí a thuiscint. Samhlaigh mura mbeadh ailtirí in Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhuel sin mar atá an Roinn Airgeadais; níl daoine atá traenáilte i gcúrsaí eacnamaíochta ann. Tá Garret Fitzgerald á rá sin le fada. Mar sin nuair a bhí an ESRI ag rá leo go raibh an Rialtas ag brath an iomarca ar cháin ó aon fhoinse amháin – réadmhaoin (tithe, talamh, etc.) – níor éist siad leo. Dáiríre níl aon struchtúr ag an státseirbhís le déileáil le heasaontais, díospóireacht, agus idirphlé. Níl aon Comhairle de Chomhairleoirí Eacnamaíochta ann, mar shampla, bíodh is gurbh fhurasta a leithéid a bhunú.


Ní bhaineann seo leis an Roinn Airgeadais amháin, a dúirt an tOllamh Lucey. Baineann sé le cosaint leanaí, mar shampla. Níl eacnamaithe d’aon sórt ag obair sa Roinn atá freagrach as leas páistí, mar sin cén chaoi ar féidir leo costas agus éifeacht scéimeanna a mheas, mar shampla? Ní hé go bhfuil leigheas gach uile dheacracht ag eacnamaithe ach tá eolas agus scileanna acu a bhíonn ag teastáil in go leor gnéithe de rialú agus riaradh na tíre.


Is ag caint ar an athbhreithniú ar obair na Roinne Airgeadais atá molta ag an Aire Brian Lenihan a bhí sé. Más maith is mithid.


Athbhreithniú eile atá ag teastáil go géar athbhreithniú ar an Roinn Oideachais, naimhde an oideachais trí Ghaeilge. Ach dáiríre ní theastaíonn aon athbhreithniú sa chás sin. Ní theastaíonn ach Roinn Oideachais dár gcuid féin.

vendredi 18 juin 2010

Léitheoireacht Samhraidh

Ní hamháin pictiúr aoibhinn samhrata ar chlúdach Feasta na míosa seo ach ábhar spéisiúil taobh istigh: Comhrialtas nua na Breataine, dánta, léirmheasanna (ceann ar An Béaslaíoch le Pádraig Ó Siadhail - más maith is mithid), cuntas iarbháis ar an Ollamh Seán Ó Cinnéide leis an Ollamh Séamus Ó Flaithimhín, go leor faoi chúrsaí oideachais agus ardteistiméireachta agus píosa le hAindrias Ó Cathasaigh faoi Phádraig Ó Conaire agus an iris An tÓglách.

Agus tá Cailliomachas ag cur de arís agus é ag iarraidh dul i ngleic in athuair le fadhb mhór na státseirbhíse. Tar éis dom an píosa a scríobh rith sé liom go raibh fabht eile san earnáil chumhachtach sin atá ag rith na tíre, de facto. Is é sin, in ochtóidí an haoise seo caite, chuir fear an léine Charvet cosc le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí - níor chosc iomlán é ach bhí sé trom go maith. Na daoine a d'earcófaí an t-am sin dá mbeadh earcaíocht i gceist, sin iad na daoine a bheadh ag teacht i gceannas ar an tseirbhís anois a bheag nó a mhór. Ach níor earcaíodh iad; mar sin níl siad ann. Tá taisce tallann na státseirbhíse dhá thrian folamh.

Níl aon chóras in Éirinn chun a chinntiú go n-earcaítear scoth tallann na tíre don státseirbhís. Níl aon ENA againn ná traidisiún ollscolaíochta a fhéachann le sruth leanúnach d'ábhar riarthóirí a chur ar fáil ag an leibhéal is airde mar a dhéanann ollscoileanna Oxford agus Cambridge i Sasana. Rud eile: is státseirbhís Bhéarla atá againn go huile is go hiomlán gan fiú is aon traidisiún náisiúnach acu a théann siar níos faide ná 1923 ach traidisiún impiriúil acu a théann siar beagnach míle bliain - traidisiún arb é a phríomhchúram muintir na tíre (na Gaeil) a choinneáil faoi smacht. Ní hin atá státseirbhís an lae inniu ag iarraidh a dhéanamh ach, de facto, sin atá ar bun acu. Tá an Roinn Oideachais á dhéanamh de facto agus d'aon ghnó.

mercredi 9 juin 2010

Adhmholadh d'Adhmhaidin

Is breá liom Adhmhaidin. Is fiú éisteacht leis i gcónaí ach nuair a bhíonn an meascán ceart ann is ardú croí agus meanman é. Bhí an t-ádh liom maidin inniu gur chaill mé scéal uafáis na mban ar dúradh leo go raibh a leanaí marbh sa bhroinn nuair nach raibh. Is ag am lóin a fuair mé amach faoi. Chiallaigh sin gurb é an chéad rud a chuala mé Breandán Ó Lionaird ag caint faoin halla atá le tógáil le taobh Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Dúirt sé rud a bhain gáire asam: gheall an Roinn Oideachais halla dúinn, a dúirt sé ... fan anois, a léitheoir, ... cé méad bliain ó shin? ... cúig bliana ó shin? deich mbliana ó shin? ... ní hea ... cúig bliana déag ó shin! Ansin bhí an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh ag caint faoin Tuirc i gcomhthéacs na n-ionsaithe is déanaí ag Iosrael: cur síos cuimsitheach tomhaiste ag críochnú le pointe rí-spéisiúil, go bhfuil ar chumas na Tuirce go leor uisce a chur ar fáíl d'Iosrael in aimsir triomachta. Ansin bhí fear agus iníon as Cor na Móna, Seán agus Caitríona Uí Mháille, ag caint ar an gcaoi nach bhféadfaidís teach a thógáil ar an talamh acu féin mar gheall ar Bhord Soláthair an Leictreachais - Gaeilge bhreá lán focal Béarla ag Seán, fearg agus frustrachas ina chuid cainte. Bhí Eoin Ó Murchú ag tabhairt tuairisce faoi na tuarascála is déanaí faoin tubaiste eacnamaíoch, stuama mar is iondúil leis. Sa deireadh bhí tuairisc faoin droch-sholáthar uisce i Machaire Rabhartaigh agus an chaoi a raibh sin ag cur as do chúrsaí Gaeilge agus don turasóireacht.

Scoth an phlé ar an nuacht idirnáisiúnta, náisiúnta, agus áitiúil. Maidir leis an nuacht áitiúil thacaigh sé leis an téis atá agamsa le fada gurb iad na státseirbhísigh agus an lucht riartha atá ag coinneáil lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta síos. Piolóin á dtógáil i ngarrantaí daoine. Cúig bliana déag ag tógáil halla Agus píobáin uisce ag pléascadh de shíor i gceantar turasóireachta agus coláistí samhraidh. A leithéid de script mhagaidh.

Ach ní magadh é. Deir na húdaráis náisiúnta le pobail na Gaeilge maratóin idéalachais agus comhoibrithe a rith agus ansin ceanglaíonn siad slabhraí faoina gcosa.

Sea. Ach adhmholadh d'Adhmhaidin as an nuacht a thabhairt chugainn. Is iontach an tús leis an lá é, dá dhonacht í an nuacht chéanna go minic.

vendredi 4 juin 2010

An tImeall

Caithfidh mé a rá gur bhreathnaigh Aonghus na Smaointe Fánacha agus Tomás Ó Conghaile an-mhaith sa Mhúsaem Cló ar Imeall TG4 agus iad ag caint ar an mblagaireacht is faoin mblagáil. Réaltaí teilifíse na blagaireachta iad anois gan aon dabht. Go maire sibh beirt.

Tá ábhar sásaimh ag duine eile freisin, mar gheall ar an gclár, duine nach raibh ann mar a tharlaíonn. Is é sin an blagadóir áirithe seo, mise, Cailliomachas. Tá an mhír seo liomsa le feiceáil ar an teilifís, níl a fhios agam cén fáth. Ach dá bhfeicfeadh sibh an straois a bhí orm agus mé ag breathnú air! Ar ndóigh sin an leathanach ar a ndeirim gur fearr liom fanacht faoi scáth. Mar sin ní ceart dom a bheith ag únfairt san fhéinsástacht mar atá mé... go háirithe agus blagadóirí eile ann atá ag freastal, ar iliomad bealaí, i bhfad níos fearr ná mise ar an sféar seo againne (breathnaítear ar imeall deas bhlag Mise Áine, mar shampla, faoi 'blagálaithe eile').

Ach mar a deir Aonghus is aisteach an meán é an teilifís. Sé nóiméad lena bhfuil ag tarlú sa bhlagaireacht Ghaeilge a léiriú! Ní féidir é. Ach thug an bheirt an-spléachadh dóibh siúd atá ar an imeall.