mardi 16 mars 2010

Lá Fhéile Pádraig i Mullach Íde


Sin é an teideal ar an aiste is déanaí le Cailliomachas in Feasta na míosa seo. Ag labhairt faoi phictiúr le Erskine Nicol atáim. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuilim ábhairín cantalach san aiste seo. Ach má tá féin is ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis na Gaeil é - an seanscéal gan aos oifigiúil an Bhéarla a bheith ag tabhairt aon airde orainn.

Rud nach miste dom a mhíniú: cé tá i gceist agam nuair a deirim 'Gael'? Go simplí, gan cur chuige ná uaidh, aon duine a labhraíonn Gaeilge.

Téarma idirnáisiúnta, trasnáisiúnta, ilnáisiúnta is ea 'Gael' agamsa. Cinnte ní téarma náisiúnta nó náisiúnaíoch agam é. Níl aon bhaint aige le náisiúntacht ná fiú ná le saoránacht ná - i bhfad uainn an anachain - le DNA.

Tá a fhios agam go bhfuil an úsáid seo agamsa bun os cionn leis an úsáid a bhaintí as an bhfocal san am atá thart. Sa Leabhar Gabhála agus i scoileanna na bhfilí, chiallaigh an focal, 'Gael' nó 'Goídel' duine de chlann Mhilesius nó Míl Easpáine, a bheag nó a mhór. San ochtú haois déag chiallaigh sé duine a raibh 'Ó' nó 'Mac' sa sloinne aige. In aimsir na hathbheochana féachadh lena úsáid agus an bhrí 'Éireannach' leis.

Ní mar sin domsa - agus sin é an fáth nach n-úsáidim an focal chomh minic sin - ar fhaitíos na míthuisceana.

Ach is maith liom a cheapadh go bhfuil an leagan amach agamsa i dtiún le Bunreacht Chonradh na Gaeilge.
Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.
Is maith liom a cheapadh, chomh maith, go bhfuil sé ag teacht, ar bhealach éigin, leis an méid seo a scríobh Amhlaoibh Ó Súilleabháin in Aibreán 1831.
Is clos dom gurb í an teanga Ghaelach is teanga mháthartha i Montserrat san India Thiar ó aimsir Oilibher Cromaill, noch do dhíbir cuid de chlanna Gael ó Éirinn gusan Oileán sin Montserrat. Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána. Maise mo ghrá na díbeartaigh bhochta Ghaelacha. Cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael.
Agus bíodh sé sin mar bheannacht uaimse chugaibhse Lá Fhéile Pádraig. Bainigí sult as.

dimanche 14 mars 2010

Dí-ainm


Idir bhrú oibre agus bhrú fola (atá smachtaithe anois cuid mhaith le diansuaimhneasú) agus turais go leor as baile, níl ag éirí liom mórán blagála a dhéanamh.

Sin agus rud eile: go bhfuil an clóca dí-ainm - Cailliomachas - ag tosú ag goilliúint orm, méid áirithe. Go háirithe tar éis dom post Dennis chuig an gCainteoir Dóchais a léamh. B'fhéidir gur dearcadh piúratánach atá agam (agus mar leigheas air sin b'fhéidir gur mithid dom aiste Wilde faoi ealaín na bréagadóireachta a léamh arís) ach fós tá an cheist á cur agam orm féin: céard is fiú do chuid tuairimí mura bhfuil tú sásta seasamh leo trí d'ainm ('fírinneach') a lua leo? Cén fáth an mbeifeá ag súil go léifeadh daoine eile iad mura bhfuil tú féin sásta tú féin a cheangal leo mar dhuine aonair, mar shaoránach neamhspleách.

Ar dtús shíl mé go dtabharfadh an phostáil dí-ainm, an neamhainmníocht, saoirse dom - dála an duine óig sa chathaoir mhóir a deir leis féin gur féidir leis a rogha rud a dhéanamh anois toisc nach bhfuil a fhios ag duine ar bith cé hé. Tá sin fíor go pointe - tá saoirse áirithe agam. Ach tá rud éigin cladhartha ag baint leis an tsaoirse chéanna. Agus más cladhaire féin mé ní maith liom é sin a admháil dom féin. Ar an ábhar sin féachaim leis an gníomh cladhartha a sheachaint agus is ciorrú ar an tsaoirse dhí-ainm sin.

Toisc nach maith liom a bheith i mo chladhaire amach is amach coinním siar. Tá rudaí áirithe nach ndeirim. Go háirithe faoi dhaoine lasmuigh de shaol na blagála. Ach da mbeinn ag scríobh faoi m'ainm sa saol lasmuigh (lasmuigh?) b'fhéidir nach ndéarfainn tada. Níl aon réiteach ar an bhfadhb fós agam. Mar sin, leanfaidh mé orm chomh fada is a ligeann an dá bhrú eile orm a dhéanamh.

Agus rud eile: teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.

lundi 1 mars 2010

Géarchéim


Ag caint le daoine thar an deireadh seachtaine a bhí i láthair ag an Tóstal ar Bhóthar na Trá i nGaillimh agus le daoine eile a bhí ag an gcruinniú de Chomhchoiste na Dála in Indreabhán. 'Géarchéim,' is cosúil, an focal is fearr a dhéanann cur síos ar shuíomh na Gaeilge sa Ghaeltacht de réir mar a thuigimse uathu. Is iad na daoine óga atá ag roghnú an Bhéarla in ionad na Gaeilge is cosúil, mar ghnáth-theanga eatarthu féin, agus sin ainneoin dícheall na dtuismitheoirí Gaeilge a choinneáil leo. Sin mar a tharlaíonn i gcás go leor teangacha atá i gcontúirt, agus tá 4000 de os cionn 6000 teanga ar fud an domhain i gcontúirt mhór.

Ba éard a bhí na pobail Ghaeltachta ag rá leis an gComhchoiste Dála go gcaithfear an Ghaeltacht a láidriú ó thaobh institiúidí de: Údarás na Gaeltachta, cúrsaí oideachais, cúram daoine óga. Úsáideadh an focal géarchéim sa chomhthéacs sin freisin.

Tá an moladh agamsa déanta anseo thíos, ach aisteach go leor ní cosúil go ndúirt aon duine é sna téarmaí loma céanna a dúirt mise é. Is é sin céatadán suntasach de na postanna nua sa státseirbhís a chur i leataobh do dhaoine a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga.