mercredi 14 octobre 2009

Staighre Beo

Ó Áth Buí go dtí an Bhreatain Bheag go dtí an tSualainn. D'aimsigh mé an físeán seo ar an mblag Breatnaise seo. Is é Dubhaltach a chuir ar an mbóthar mé agus táim buíoch de dá réir. Tá súil agam go dtaitníonn sé libh mura bhfuil sé feicthe agaibh cheana féin. Thaitin sé liomsa.

2 commentaires:

  1. Iontach! Go raibh maith agat, a chara. Bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. Is maith liom greann...:-)

    RépondreSupprimer
  2. Tá sin ar fheabhas, bhain 66% níos mó daoine úsáid as an staighre nuair a bhí sé ina phianó.
    Is dóigh go raibh na staighrí ró-ghnóthach don chuid eile

    RépondreSupprimer