lundi 5 octobre 2009

Tíopaí


Ar ais ag obair inniu tar éis beagnach coicís tinnis. Deir daoine gurb é fliú na muc a bhí orm. Deir daoine eile nach ea. Ní dheachaigh mé chuig an dochtúir ach mura leanfaidh an biseach beidh mé chuige gan mhoill.

Tá mí Dheireadh Fómhair ann agus Feasta linn i gcionn lá nó dó. San eagrán seo labhraím faoi Éamonn Mac Giolla Iasachta / Edward MacLysaght agus na hIrish Families. Dar liom gur sampla de thíopa é Mac Giolla Iasachta. San aiste tugaimse 'cantalóir' air ar aithris a bheathaisnéisí, Sheán Uí Cheallaigh. Ach sílim go mb'fhéidir gur fearr an téarma an 'cancrán cumasach'.



Fad a bhí an tinneas orm, bhí deis agam a bheith ag smaoineamh ar thíopaí daoine agus tháinig mé ar chúpla ceann eile - trí cinn eile, b'fhéidir ceithre cinn. Braithim go bhfuil tíopaí nó carachtair Theophrastus neamhshubstaintiúil. Is mór an spórt iad ach dáiríre is éard tá iontu daoine mar ba léir don phobal iad, nó mar ba léir do lucht béadáin iad, carachtair chairtchláir.



Na tíopaí ar tháinig mise orthu is daoine cumasacha atá i gceist leo, daoine atá tar éis teacht chun cinn i saol na cumhachta, daoine a bhfuil ardphostanna bainte amach acu sa saol polaitiúil, abair, nó sa saol institiúideach. Tá ceithre cinn agam go dtí seo:

An Fírinneach: an té a insíonn an fhírinne go cruinn ciúin agus - amanta - go straitéiseach.

An Bullaí: an té a úsáideann fórsa pearsantachta - agus cleasanna eile - chun dul i gcion ar dhaoine.

An Caidreamhach: an té a chuireann aithne ar iliomad daoine, agus a bhunaíonn agus a bhuanaíonn caidreamh leo, agus atá in ann labhairt le gach duine ar a mbealach / leibhéal féin.

An Cancrán: an té atá tiomanta d'aon rud amháin ach nach bhfeiceann an mórphictiúr go minic.


D'fhéadfadh sé go bhfuil an cúigiú tíopa ann: An tOibrí, is é sin an té a dhéanann aon obair a thugtar dó go cruinn agus go slachtmhar agus in am sa chaoi is gur féidir brath air. Bhí mé in amhras faoi seo a chur le liosta na bpearsantachtaí láidre.

Ar aon chuma, is píosa spóirt é a bheith ag iarradh daoine a lua leis na tíopaí difriúla. Beidh a thuairim féin ag gach duine. Dar liom gur sampla maith den Chaidreamhach é John O'Donoghue, T.D., Ceann Comhairle na Dála. Ní bheadh aon easpa ort dá mbeifeá ina chomhluadar ag Longchamps nó ag Rásaí na Gaillimhe. Ní hiad a chuid paidreacha atá sé ag léamh thuas ach clár na rásaí, cuirimse geall.

5 commentaires:

  1. Tuige go dtugann tú "cancrán cumasach" ar Mhac Giolla Iasachta?
    Nó an mbeadh sé orainn an t-alt a léamh le fáil amach? ;)

    RépondreSupprimer
  2. Sin nó leabhar Sheáin Uí Cheallaigh! Ach sampla amháin: d'ullmhaigh sé leabhar cruinn cumasach faoi na sloinnte Gaelacha (an chéad eagrán de Irish Families) gan a fheiceáil go mbeadh tóir mhór ar na sciatha breátha daite ann. Ní cosúil gur chuir sé margadh mór Mheiriceá san áireamh ar chor ar bith agus cuir sé olc ar go ndearna daoine eile airgead air.

    RépondreSupprimer
  3. Fáilte ar ais, agus súil agam go bhfuil tú féin agus do shláinte mór lena chéile arís!

    Meastú an bhfuil John O ag rá a chuid paidreacha anocht, a Chailliomachais?

    RépondreSupprimer
  4. Tá mé i bhfad níos fearr, a Mhise Áine, go raibh maith agat. Chuala mé go raibh Páidí Ó Sé ag moladh John O ar RnG ar maidin as an méid a rinne sé ar son Gaeltachta, contae etc. Meas tú an ndeir na daoine seo 'Tá mé ag déanamh an-chuid ar son na tíre, an chontae, na Gaeltachta etc. Tá cúpla lá ag Longchamps tuillte go maith agam'? Paidir John O? An Nunc Dimittis anois cheapfainn - tabhair bata agus bóthar do do shearbhónta dílis anois, a Thiarna.

    RépondreSupprimer
  5. Nach raibh Páidí mór le Charlie freisin, agus le Bertie...

    RépondreSupprimer