mardi 13 octobre 2009

Suíomhanna Gaeilge


Session in Cartys during Éigse Uí Ghramhnaigh. Gearóidín Nic Ghabhann ar an veidhlín, Ray MacGabhann ar an nguitar agus Maicó Ó Mealóid ar an mbosca cheoil.


Bímse ag cur le mo liosta de shuíomhanna Gaeilge an t-am ar fad. Mar a tharla, inniu, rinne mé googleáil ar na focail 'jumelage twinning Gaeilge' agus fuair mé an suíomh seo ar bharr an liosta: www.athbui.com. Feictear dom gur ceann eile é le cur ar mo liosta. Tá suíomh breá ag Conradh na Gaeilge freisin ach ní cosúil go bhfuil mórán suíomhanna ceangailte leis na Craobhacha.

Agus sin rud eile. Le tamall anuas tá mé ag cuardach blagairí Breatnaise ach níl ag éirí liom aon cheann sásúil a fháil, is é sin ceann nach bhfuil dlúthcheangailte le polaitíocht na Breataine Bige nó nach bhfuil ar scaradh gabhail idir Breathnais agus Béarla. Níl a fhios agam an bhfuil saol blagadóireachta i mBreatnais mar atá againne anseo. Caithfidh go bhfuil ach tá ag teip orm é a aimsiú. B'fhéidir gur i bhfolach i measc na sléibhte in Eryri atá.

4 commentaires:

  1. Bhíodh Breatnach éigin ag tabhairt cuairt ar na blaganna dátheangacha tráth den saol, agus bhí liosta fada de bhlaganna breátha Breatnaise aige, leis.
    Seans go bhfuilid fós thart.

    RépondreSupprimer
  2. Go raibh maith agat. Rachaidh mé ar a thóir.

    RépondreSupprimer
  3. Ní rabhas in ann teacht orthu ach níl a fhios agam an bhfaca tú an leathanach seo thíos:
    http://datblogu.weblog.glam.ac.uk/2009/7/24/welsh-language-blog-deficit

    Deireann an t-údar seo go measann sé nach bhfuil ann ach timpeall 200 blag.

    Dá mbeadh 200 blag ann bheadh sé ar fheabhas, nuair a smaoiníonn tú nach bhfuil ach timpeall 30 blag as Gaeilge agus chuid mhaith acu siúd an-chiúin.

    RépondreSupprimer
  4. Go raibh maith agat, a Dhubhaltaigh. Chonaic mé an suíomh sin cheana ach chuaigh mé ar ais chuige agus d'aimsigh mé nasc amháin. Bhí físeán amháin air a thaitin liom. Sílim go gcuirfidh mé suas é anseo.

    RépondreSupprimer