jeudi 24 juin 2010

Ag troid ar ais


Ba mhaith liom a cheapadh gur duine féaráilte mé. Ar an ábhar sin ní mór dom a aithint go bhfuil an Roinn Airgeadais ag cur i gcoinne na tuairime nár chuid siad comhairle a leasa ar an Rialtas. Dúirt siad leo go raibh siad ag brath an iomarca ar cháin ón ráchairt mhór i gcúrsaí tithíochta. Tá eolas faoi sin anseo agus anseo. Is breá an rud é go bhfuil an díospóireacht phoiblí seo tosaithe. Ní toisc go bhfuil mórán de bhuntáiste le fáil as a bheith ag fáil locht ar dhuine éigin as ar tharla, ach toisc go bhfeabhsú cúrsaí dúinn uile amach anseo. Caithfear na státseirbhísigh a cheistiú agus ní miste go bhfuil siad á gcosaint féin. Ní cluiche dhá thaobhach é seo ach cluiche iltaobhach; agus riarthóirí na tíre ar thaobh na cumhachta.

2 commentaires:

  1. @ 'toisc go bhfeabhsú cúrsaí dúinn uile amach anseo.'

    Súil agam go dtarlóidh sé sin, a Chailliomachais.

    RépondreSupprimer
  2. Súil agam é, a Mhise Áine. Caint fós ar W seachas V! Agus má éalaíonn na bainc ó na rialacháin nua is é W a bheas ann, táim ag ceapadh.

    RépondreSupprimer