vendredi 18 juin 2010

Léitheoireacht Samhraidh

Ní hamháin pictiúr aoibhinn samhrata ar chlúdach Feasta na míosa seo ach ábhar spéisiúil taobh istigh: Comhrialtas nua na Breataine, dánta, léirmheasanna (ceann ar An Béaslaíoch le Pádraig Ó Siadhail - más maith is mithid), cuntas iarbháis ar an Ollamh Seán Ó Cinnéide leis an Ollamh Séamus Ó Flaithimhín, go leor faoi chúrsaí oideachais agus ardteistiméireachta agus píosa le hAindrias Ó Cathasaigh faoi Phádraig Ó Conaire agus an iris An tÓglách.

Agus tá Cailliomachas ag cur de arís agus é ag iarraidh dul i ngleic in athuair le fadhb mhór na státseirbhíse. Tar éis dom an píosa a scríobh rith sé liom go raibh fabht eile san earnáil chumhachtach sin atá ag rith na tíre, de facto. Is é sin, in ochtóidí an haoise seo caite, chuir fear an léine Charvet cosc le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí - níor chosc iomlán é ach bhí sé trom go maith. Na daoine a d'earcófaí an t-am sin dá mbeadh earcaíocht i gceist, sin iad na daoine a bheadh ag teacht i gceannas ar an tseirbhís anois a bheag nó a mhór. Ach níor earcaíodh iad; mar sin níl siad ann. Tá taisce tallann na státseirbhíse dhá thrian folamh.

Níl aon chóras in Éirinn chun a chinntiú go n-earcaítear scoth tallann na tíre don státseirbhís. Níl aon ENA againn ná traidisiún ollscolaíochta a fhéachann le sruth leanúnach d'ábhar riarthóirí a chur ar fáil ag an leibhéal is airde mar a dhéanann ollscoileanna Oxford agus Cambridge i Sasana. Rud eile: is státseirbhís Bhéarla atá againn go huile is go hiomlán gan fiú is aon traidisiún náisiúnach acu a théann siar níos faide ná 1923 ach traidisiún impiriúil acu a théann siar beagnach míle bliain - traidisiún arb é a phríomhchúram muintir na tíre (na Gaeil) a choinneáil faoi smacht. Ní hin atá státseirbhís an lae inniu ag iarraidh a dhéanamh ach, de facto, sin atá ar bun acu. Tá an Roinn Oideachais á dhéanamh de facto agus d'aon ghnó.

2 commentaires:

  1. "píosa le hAindrias Ó Cathasaigh faoi Phádraig Ó Conaire agus an iris An tÓglách."

    Idir seo agus d'aiste tá mo spéis in airde agus ag súil leis an gceann seo.

    RépondreSupprimer
  2. Tá súil agam go mbainfidh a Dhubhaltaigh. Ceann de scríbhneoirí móra na Gaeilge ag scríobh d'iris mhíleata... toisc go nglacaidís le ficsean i nGaeilge...

    RépondreSupprimer