mercredi 9 juin 2010

Adhmholadh d'Adhmhaidin

Is breá liom Adhmhaidin. Is fiú éisteacht leis i gcónaí ach nuair a bhíonn an meascán ceart ann is ardú croí agus meanman é. Bhí an t-ádh liom maidin inniu gur chaill mé scéal uafáis na mban ar dúradh leo go raibh a leanaí marbh sa bhroinn nuair nach raibh. Is ag am lóin a fuair mé amach faoi. Chiallaigh sin gurb é an chéad rud a chuala mé Breandán Ó Lionaird ag caint faoin halla atá le tógáil le taobh Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Dúirt sé rud a bhain gáire asam: gheall an Roinn Oideachais halla dúinn, a dúirt sé ... fan anois, a léitheoir, ... cé méad bliain ó shin? ... cúig bliana ó shin? deich mbliana ó shin? ... ní hea ... cúig bliana déag ó shin! Ansin bhí an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh ag caint faoin Tuirc i gcomhthéacs na n-ionsaithe is déanaí ag Iosrael: cur síos cuimsitheach tomhaiste ag críochnú le pointe rí-spéisiúil, go bhfuil ar chumas na Tuirce go leor uisce a chur ar fáíl d'Iosrael in aimsir triomachta. Ansin bhí fear agus iníon as Cor na Móna, Seán agus Caitríona Uí Mháille, ag caint ar an gcaoi nach bhféadfaidís teach a thógáil ar an talamh acu féin mar gheall ar Bhord Soláthair an Leictreachais - Gaeilge bhreá lán focal Béarla ag Seán, fearg agus frustrachas ina chuid cainte. Bhí Eoin Ó Murchú ag tabhairt tuairisce faoi na tuarascála is déanaí faoin tubaiste eacnamaíoch, stuama mar is iondúil leis. Sa deireadh bhí tuairisc faoin droch-sholáthar uisce i Machaire Rabhartaigh agus an chaoi a raibh sin ag cur as do chúrsaí Gaeilge agus don turasóireacht.

Scoth an phlé ar an nuacht idirnáisiúnta, náisiúnta, agus áitiúil. Maidir leis an nuacht áitiúil thacaigh sé leis an téis atá agamsa le fada gurb iad na státseirbhísigh agus an lucht riartha atá ag coinneáil lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta síos. Piolóin á dtógáil i ngarrantaí daoine. Cúig bliana déag ag tógáil halla Agus píobáin uisce ag pléascadh de shíor i gceantar turasóireachta agus coláistí samhraidh. A leithéid de script mhagaidh.

Ach ní magadh é. Deir na húdaráis náisiúnta le pobail na Gaeilge maratóin idéalachais agus comhoibrithe a rith agus ansin ceanglaíonn siad slabhraí faoina gcosa.

Sea. Ach adhmholadh d'Adhmhaidin as an nuacht a thabhairt chugainn. Is iontach an tús leis an lá é, dá dhonacht í an nuacht chéanna go minic.

5 commentaires:

  1. Ní éistím le hAthmhaidin rómhinic, ach mar gheall ar cutbacks 'sé an t-aon phodcraoladh atá le fáil ar suíomh RnaG anois. Do bhíodh podcraoltaí Rogha na Seachtaine agam ar mo iPod gach seachtain. Thug sé léirmheas iontach ar gach cineál scéal agus clár ar an stáisiún.

    RépondreSupprimer
  2. an téis atá agamsa le fada gurb iad na státseirbhísigh agus an lucht riartha atá ag coinneáil lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta síos

    Is féidir go mbeadh suim agat i leabhar atá á léamh agam faoi láthair, The Rational Optimist le Matt Ridley. Tá sé ar intinn agam níos a scríobh air “ar an imeall”.

    RépondreSupprimer
  3. Taitníonn Athmhaidin go mór liom féin, freisin, a Chailliomachais.

    RépondreSupprimer
  4. An clár is fearr atá acu gan amhras.

    RépondreSupprimer
  5. Thug mé sin faoi deara i gcás RnG, John - gearradh siar. Ach dar le Ridley tá gach rud ag dul i bhfeabhas. D'éirigh liom teacht suas leis ar YouTube, grma Dennis. Níor mhiste liom an leabhar a léamh. Ach ná ceap gur duine de lucht 'beagán rialtais' mé. Creidim i rialúcháin ar mhaithe leis an bpobal.

    RépondreSupprimer