Caithfidh mé a rá gur bhreathnaigh Aonghus na Smaointe Fánacha agus Tomás Ó Conghaile an-mhaith sa Mhúsaem Cló ar Imeall TG4 agus iad ag caint ar an mblagaireacht is faoin mblagáil. Réaltaí teilifíse na blagaireachta iad anois gan aon dabht. Go maire sibh beirt. Tá ábhar sásaimh ag duine eile freisin, mar gheall ar an gclár, duine nach raibh ann mar a tharlaíonn. Is é sin an blagadóir áirithe seo, mise, Cailliomachas. Tá an mhír seo liomsa le feiceáil ar an teilifís, níl a fhios agam cén fáth. Ach dá bhfeicfeadh sibh an straois a bhí orm agus mé ag breathnú air! Ar ndóigh sin an leathanach ar a ndeirim gur fearr liom fanacht faoi scáth. Mar sin ní ceart dom a bheith ag únfairt san fhéinsástacht mar atá mé... go háirithe agus blagadóirí eile ann atá ag freastal, ar iliomad bealaí, i bhfad níos fearr ná mise ar an sféar seo againne (breathnaítear ar imeall deas bhlag Mise Áine, mar shampla, faoi 'blagálaithe eile').