lundi 1 mars 2010

Géarchéim


Ag caint le daoine thar an deireadh seachtaine a bhí i láthair ag an Tóstal ar Bhóthar na Trá i nGaillimh agus le daoine eile a bhí ag an gcruinniú de Chomhchoiste na Dála in Indreabhán. 'Géarchéim,' is cosúil, an focal is fearr a dhéanann cur síos ar shuíomh na Gaeilge sa Ghaeltacht de réir mar a thuigimse uathu. Is iad na daoine óga atá ag roghnú an Bhéarla in ionad na Gaeilge is cosúil, mar ghnáth-theanga eatarthu féin, agus sin ainneoin dícheall na dtuismitheoirí Gaeilge a choinneáil leo. Sin mar a tharlaíonn i gcás go leor teangacha atá i gcontúirt, agus tá 4000 de os cionn 6000 teanga ar fud an domhain i gcontúirt mhór.

Ba éard a bhí na pobail Ghaeltachta ag rá leis an gComhchoiste Dála go gcaithfear an Ghaeltacht a láidriú ó thaobh institiúidí de: Údarás na Gaeltachta, cúrsaí oideachais, cúram daoine óga. Úsáideadh an focal géarchéim sa chomhthéacs sin freisin.

Tá an moladh agamsa déanta anseo thíos, ach aisteach go leor ní cosúil go ndúirt aon duine é sna téarmaí loma céanna a dúirt mise é. Is é sin céatadán suntasach de na postanna nua sa státseirbhís a chur i leataobh do dhaoine a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga.

4 commentaires:

  1. Is agatsa atá an ceart maidir leis an réiteach.

    RépondreSupprimer
  2. Aontaím go gcuideodh an réiteach sin go mór, a Chailliomachais, ach, mar a dúirt mé cheana, caithfidh an Foras féin an cleachtas sin a chur i bhfeidhm, go diongbháilte, agus iad i mbun gnó - daoine le Gaeilge a fhostú nuair atá gnó an Fhorais ar bun in áit.

    RépondreSupprimer
  3. Is maith liom go bhfuil an bheirt agaibh, a bheag nó a mhór, ar aon intinn liom. Ach, a Mhise Áine, feictear dom nach bhfuil aon tuairim ag an bhForas; tá siad caillte; agus léiríonn do scéalsa cé chomh caillte is atá siad. Sin é an fáth, seans, a athrófar cuid dá gcúraimí chuig an Údarás.

    RépondreSupprimer