vendredi 12 février 2010

Slánú na Gaeilge: aon ghníomh amháin


An Plean Straitéis 20 Bliain faoi chaibidil agam féin agus ag Seán Ó Loingsigh in Feasta na míosa seo; muid beirt ag fáiltiú roimh cruinniú Chomhchoiste na Dála a phléigh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus a theilifísiú (Cúrsaí Reatha - Cartlann 20.01.2010); muid beirt ag labhairt faoina bhfuil le déanamh amach anseo.

Tá aiste an-tábhachtach eile ann le Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin a phléann an Plean Straitéise ag díriú 'go sonrach ar chastachtaí teanga sa nGaeltacht.'

Ba mhaith liomsa pointe amháin a dhéanamh. Tagraíonn Seán don phointe seo i measc go leor pointí tábhachtacha eile aige. Luann sé a éiginnte atá mír (g) sa faoin teideal An Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí sa Straitéis, a deir go gceapfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tSeirbhís um Cheapachán Phoiblí comhshocruithe chun cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. 'Cad a chiallaíonn sé sin?' a fhiafraíonn Seán. Agus chun a fhreagra féin a léamh, beidh ort Feasta Mhí Feabhra a aimsiú in áit éigin.

Anois bheadh sé chomh dóchúil smoothy fuar a fháil in ifreann is a bheadh sé comhshocrú faoin nGaeilge a fháil ón Roinn Oideachais. Ach fág sin i leataobh. Ritheann sé liom go bhfuil aon bheart amháin a rachadh chun leasa na Gaeilge agus a chuirfeadh tuismitheoirí na Gaeltachta á labhairt lena gclann, agus cá bhfios, a chuirfeadh daoine óga á labhairt ina measc féin. (Tá laghad na gcainteoirí óga Gaeilge agus nósanna teanga na ndaoine óga i gcoitinne sa Ghaeltacht ina ábhar mór imní d'Ó Giollagáin agus d'Ó Curnáin - agus dúinn uile.) Is é an beart é ná seo: riachtanas líofachta Gaeilge a bheith ag teastáil le haghaidh gach ceathrú post sa tseirbhís phoiblí agus san earnáil leathstáit. Ní hacmhainn Ghaeilge atá i gceist agam ná cumas 'feidhmiú go dátheangach'. Is éard tá i gceist agam go gcaithfeadh gach ceathrú duine a gheobhadh post sa státseirbhís a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga laethúil.

An mbeadh dóthain daoine ann? Moladh ag Seán: comhairle a lorg ar an gCoimisinéir Teanga; labhair seisean faoi chúrsaí oideachais cheana.

Molann an bheirt theangeolaí ina n-aiste siadsan cur le Scéim Labhairt na Gaeilge agus níl aon dabht ach gurb in a choinnigh na Gaeltachtaí ag labhairt na Gaeilge sna 1930í nuair a thug Tomás Ó Deirg isteach é an chéad uair. Aontaím leo. Ach chomh maith leis sin tá gá le spreagadh buan fadtréimhseach. Cén spreagadh fadtréimhseach ab fhearr ná obair do dhaoine óga?

5 commentaires:

  1. Smaoineamh maith. Ach bheith Rialtas láidir, atá sásta na Ceardchumainn a throid, de dhíth.

    I bhfianaise na cathanna eile atá le troid acu - agus i bhfianaise nach bhfuiltear ag fostú duine ar bith, ....

    RépondreSupprimer
  2. An pointe céanna a dhéanann Seán Ó Loingsigh, a Aonghuis. Ach cuid de phobal na tíre na ceardchumainn agus cinneadh le déanamh acu mar atá againn ar fad: cén cineál todhchaí atáimid ag iarraidh don Ghaeilge? Os a choinne sin is ceist cearta é. Cén chaoi ar féidir leis an tseirbhís phoiblí freastal ar phobal na Gaeilge gan daoine a labhraíonn Gaeilge a bheith ag obair ann?

    RépondreSupprimer
  3. Aontaoim leat ach beidh deachtaireachtaí ann chun an beart seo a chur i gcrích.

    RépondreSupprimer
  4. cén cineál todhchaí atáimid ag iarraidh don Ghaeilge?

    Ar chuir aoinne an cheist? Agus an bhfuil an pobal trí chéile gafa leis an bplé? Feictear dom nach bhfuil ach mionlach a labhraíonn í agus mionlach ar fuath leo í bainteach leis an bplé.

    RépondreSupprimer
  5. Anuraidh, agus mé i mBaile Átha Cliath do scrúdú an Fhorais, Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí, bhí ochtar feitheoirí ar an láthair, agus ní raibh Gaeilge ag a bhformhór, ná ag an bpríomhfheitheoir, más buan mo chuimhne.

    Mura bhfuil Foras na Gaeilge féin in ann/sásta daoine le Gaeilge a aimsiú agus a fhostú do scrúdú Gaeilge fearacht 'Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí', cén teachtaireacht atá ansin, meas tú?

    RépondreSupprimer