jeudi 11 février 2010

Polaitíocht agus intleacht

Ní theastaíonn uaim mórán a chur leis an tráchtaireacht ar an gcor is déanaí i bpolaitíocht na tíre - éirí as George Lee, T.D. (Tráchtaire Drochscéil, Teachta Díchairdiúil, Treascóir Dóchais) - ach ar tharla a chur i gcomhthéacs an mhéid a dúirt mé cheana faoin gcaoi nach féidir leis an gcóras againn - an córas polaitiúil ná córas na státseirbhíse - déileáil le fadhbanna na tíre agus iad a réiteach. Léiríonn cás Lee nach féidir le haon duine tionchar a imirt ar chumhacht rialaithe na tíre nach polaiteoir Éireannach é, sin nó státseirbhíseach coimeádach. Ní hé sin le rá nach bhfuil go leor polaiteoirí éirimiúla againn agus státseirbhíseach coimeádach cumasach. Ach cuma cé chomh éirimiúil nó cumasach is atá tú níl seans agat tionchar a imirt ar rialú na tíre mura bhfuil scil agat sa pholaitíocht nó sa riarachán coimeádach. Ní cosúil go bhfuil ceachtar acu ag George Lee.

An duine eile ar smaoinigh mé air sa chomhthéacs seo, Bill Tormey, Comhairleoir d'Fhionnghlas i mBaile Átha Cliath - duine éirimiúil cumasach a bhfuil go leor le rá aige mar shampla faoi chóras sláinte na tíre (A Cure for the Crisis – Irish Health Care in Context, Blackwater Press, 2003), agus ar tráchtaire raidió páirtaimseartha é féin. Bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre ach d'éirigh sé as agus chuaigh sé le Fine Gael. Is leo atá sé ó shin. Rith sé liom gur duine eile é Bill Tormey a d'fhéadfadh cur go mór le acmhainní intleachtacha lucht rialaithe na tíre ach a mbeadh deacracht aige luí isteach le córas na polaitíochta Éireannaí.

Tá go maith. Bhí an-spéis agam a fheiceáil mar sin gur scríobh an Comhairleoir as Fionnghlas litir oscailte chuig George Lee, T.D., ar an mblag seo aige. Tá sé i gcoinne an T.D. Lee. Ritheann sé leis gur 'bit of a prat' é. Ach má léann muid ar aghaidh feicimid go ndéanann Tormey díreach an pointe atá déanta agam féin. Rinne Fine Gael neamhsuimh de, deir sé. Admhaíonn sé go bhfuil sé fágtha as comhairlí an pháirtí ar chúrsaí sláinte, ainneoin a leabhair agus a thaithí 25 bliain mar lia chomhairleach ospidéil. Ach admhaíonn sé chomh maith go bhfuil daoine níos fearr ná eisean i mbun polasaí leighis a phleanáil don pháirtí.

Is ea b'fhéidir go bhfuil. Ach léiríonn litir an Dr Bill Tormey an méid stríocadh a chaithfidh an t-intleachtach Éireannach a dhéanamh le go mbeadh aon ghlacadh leis sa chóras polaitiúil. Ní miste beagáinín umhlaíochta - agus léiríonn Tormey umhlaíocht phraiticiúil réalaíoch sa litir - ach is bocht an scéal é agus drochthuar do thodhchaí na tíre nuair a chaithfidh duine dá chumas, dá éirim, a bhfuil oiread sin taithí aige ar an gcóras sláinte, a lámh a chur in airde agus cead cainte a iarraidh mar a bheadh buachaill dána ag bun an ranga.

Nó an é atá i gceist, nuair a thréig formhór mhuintir na tíre an Ghaeilge agus d'iompaigh ar an mBéarla briste gur thug siad cúl le cibé cé méid intleachtachais a bhí acu agus thaobhaigh le meon díchultúraithe frith-Ghaelach na naoú haoise déag. Ní hé an córas polaitíochta atá frith-intleachtach ach cultúr uile na tíre anglafónaí arb iad na polaiteoirí a hionadaithe dílse agus a heiseamláirí fíorasacha.

3 commentaires:

  1. Ní hé an córas polaitíochta atá frith-intleachtach ach cultúr uile na tíre anglafónaí arb iad na polaiteoirí a hionadaithe dílse agus a heiseamláirí fíorasacha.

    Is eagal liom gur leag tú do mhéir air ansin.

    Ní cuimhin liom cé a dúirt, ach is cuimhin liom léamh (sa Sacs Bhéarla) gurbh é an buama is éifeachtaí [sa chiall meafarach] in Éirinn ná an buama ar a bhfuil "yah! intellectual" scríofa air.

    Scrios an Má Nuadachas idir Stát agus Eaglais - táid araon lofa le cléireachas [agus ní gá bóna Rómhánach a bheith ar an gcléireach!}

    RépondreSupprimer
  2. Cléireachas neamh-intleachtach an Bhéarla - téann sé gar go leor do staid intinne áirithe in Éirinn a mhíniú, idir chléireachas Mhá Nuad (nach ionann ar chor ar bith agus spioradáltacht) agus cléireachas na státseirbhíse.

    RépondreSupprimer
  3. Feicim go bhfuil David Quinn ar thuairim cosúil linn.

    RépondreSupprimer