
Shíl mé go raibh an t-alt seo le Dan O'Brien ar an Irish Times, an Satharn seo caite, an-spéisiúil. Léiríonn sé tábhacht na státseirbhíse agus an ról ollmhór atá aici i ndrochstaid na tíre. Mana na státseirbhíse: mura ndearnadh cheana é, ná déan anois é. Fasach bun agus barr an riaracháin phoiblí. Cad ar rinneamar an uair dheireanach a thit an tír as a chéile? Faic. Mar sin ná déanaimis faic anois.
Ar thit an tír seo as a chéile mar seo cheana? Níor thit. Mar sin níl aon fhasach againn! Mar sin ní thig linn faic a dhéanamh. Mar sin ná déanaimis faic.
Ó, mo chuimhne. Rinneamar cúpla rud nuair a bhí cúrsaí go dona cheana: ghearramar anuas ar an seanphinsean agus ar liúntas na leanaí agus ar na rudaí beaga eile a chabhraigh le daoine a raibh ganntanas airgid orthu. Ó! Go maith. Déanfaimid é sin arís mar sin. Sin fasach.
Lochtaítear na polaiteoirí. Ach níl sna polaiteoirí ach an ceathrú cuid den fhadhb. Os cionn leath na faidhbe an institiúid bhuan leathphroifisiúnta neamhthofa a rialaíonn an tír de facto. Ach nach iad na polaiteoirí ata i gceannas ar an institiúid sin, nach iad atá freagrach? Sin cuid den chur i gcéill. Ní thig le duine ar bith a bheith i gceannas ar rud na dtuigeann sé. Is í an státseirbhís atá freagrach as an Aire, ní an bealach eile timpeall. Mar a mhínigh Ivan Yates, iar-Aire Talmhaíochta, ar chlár teilifís le déanaí: they told me not to write on the file itself, but to use yellow stick-its, so there was nothing permanent.... Níl a fhios agam ab in iad na focail díreach a d'úsáid sé ach tuigeann Tadhg Taidhgín. Ná déan faic. (Pictiúr d'Oifig an Aire thíos - cá bhfios.)

Spéisiúil freisin go luann O'Brien múineadh / foghlaim na Gaeilge mar ghné d'obair na státseirbhíse atá calctha ag leitís mharfach an riaracháin phoiblí. Sin í an Roinn Oideachais: croílár na leitíse. An bhféadfadh sé go raibh an ceart ag Dónal Ó Corcara nuair a lochtaigh sé an státseribhís a tháinig i gcumhacht i 1922, gur dream Béarla iad, scáthánú lag iarmharach den riarachán a bhí ann aimsir Shasana. Ab é a chiallaigh saoirse dúinn mánuadú na státseirbhíse? Ach mar a deir O'Brien, tá státseirbhís Shasana tar éis athrú de réir a chéile (bhuel, ba leo í, tuige nach n-athróidís í). Ach níor athraigh an institiúid seo againne. 'Yes, Minister' na 1950í atá i réim in Éirinn i gcónaí.
Lochtaíonn O'Brien an Bunreacht as an staid neamhghníomhach seo. Tá cuid den cheart aige ach níl a fhios agam an n-aontaím go hiomlán leis. Sílim go bhféadfaí an Seanad a leasú chun teacht timpeall ar chuid de na deacrachtaí seo: saineolaithe a cheapadh don Seanad agus ansin iad a cheapadh mar Airí, mar shampla. Ach cé leasóidh an Seanad nó an Bunreacht? Muidne? Sin an ceathrú cuid dheireanach den fhadhb - na daoine a ghlacann leis an status quo nó nach bhfuil aon chumhacht acu é a athrú - muidne. Sin é a fáth a bhfuil díomá orainn faoin gComhaontas Glas. Shíleamar go gcuirfidís athruithe radacacha i bhfeidhm seachas géilleadh do fa niente na státseirbhíse. Teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.
Bhíos ag iarraí m'inchinn a chur timpeall ar íomhá an deadly lettuce ... agus ní raibh ag éirí liom. Ansin d'oscail mé an foclóir, faoi dheireadh.
RépondreSupprimer:-)
Agus mise anois freisin!
RépondreSupprimerDála an scéil, thaitin Feasta na míosa seo liom. Agus creidimse gur litríocht iad na cérinnecháin pé scéal é!
Go raibh maith agat, a Aonghuis. Cérinneacháin - go maith. Abair le focal.ie é. Tá sé níos mealltaí ná úrscéal lorgaireachta / bleachtaireachta. Agus an ceart agat fúthu freisin.
RépondreSupprimerDéanta anois díreach agam.
RépondreSupprimer“Cé-rinneachán” le fleiscín? Ní maith leis an gCaighdeán fleiscíní, ach bainim féin feidhm astu níos minice anois, ar mhaithe le soiléireacht. Nuair a chonaic/chuala mé (im intinn) an focal "cérinneachán" níor aithin mé ar feadh meandair é.
RépondreSupprimer