samedi 23 avril 2011

Cothrom an lae

Oileán Í
An Cháisc a bheith chomh déanach i mbliana a chuir ag smaoineamh mé, is dócha. Cad tá i gceist le comóradh a dhéanamh ar ócáid a tharla fadó? De ghnáth déanaimid an comóradh ‘cothrom an lae’ a tharla an ócáid. Cad a chiallaíonn sé sin? De ghnáth ciallaíonn sé go ndéanaimid an comóradh ar an dáta céanna agus sin go hiondúil de réir an fhéilire thuata (sa mhéid is go bhfuil a leithéid de rud agus féilire tuata ann). Is é sin má tá cáipéis ann a deir gur rugadh duine ar 23 Aibreán 1711, déanaimid comóradh ar an mbreith sin ar 23 Aibreán i mbliana. Ach más i Sasana a  rugadh an duine sin, cuiream i gcás, ní baileach go bhfreagraíonn an dá dháta; beidh aon lá déag de dhifear ann. (Ach cad a chiallaíonn difear? Nó cá bhfuil an pointe socair sna cúrsaí seo ar fad?) Agus dá mba ar 23 Feabhra (dhá mhí roimhe sin) a rugadh an duine, ní sa  bhliain 1711 a rugadh é ar chor ar bith ach sa bhliain 1710.

Maidir le comóradh na Cásca, ní de réir an fhéilire thuata shibhialta a dhéantar sin ach de réir chomhairimh chasta a bhí ina ábhar aighnis go minic san am a chuaigh thart agus a bhí ina chúis tráth le raic mhór idir an eaglais Ghaelach agus eaglais na Róimhe, oidhrí Cholm Cille agus muintir Oileán Í, mar shampla, ag seasamh an fhóid don sean-chomhaireamh. Bhí an bua ag comhaireamh na Róimhe, ní gá a rá.

Deirimse gurb í an Cháisc a bheith 'déanach' a chuir ag smaoineamh mé ach b'fhéidir gur rud eile é: fear a chonaic mé inné ag bailiú airgid don pháirtí polaitiúil, Sinn Féin, agus dá réir sin ag déanamh comóradh ar Éirí Amach na Cásca, 1916. Mar a tharlaíonn i mbliana tá féilire eaglasta an iarthair agus an féilire tuata beagnach ‘cothrom’ ó thaobh Éire Amach na Cásca de, gan ach lá amháin de difear eatarthu.

Bíodh Cáisc mhaith agaibh.

5 commentaires:

  1. Thuirling Lá na Talún agus Aoine an Chéasta ar an lá céanna i mbliana, mar a tharla. Bhí súil in airde agam inné, féachaint an mbeadh siad á lua le chéile nó aon rud mar sin. Ní fhaca mé dada, ach ba léir go bhfuair Lá na Talún top billing ar fud an idirlín.

    Ós ag caint ar an idirlíon atá mé, fáilte ar ais inár measc, a Ch !! Bhí tú ró-fhada i do thost.

    RépondreSupprimer
  2. @ 'Cad tá i gceist le comóradh a dhéanamh ar ócáid a tharla fadó?'

    Táim den bharúil go mbaineann a leithéid le 'cumhacht', a Chailliomachais, is cuma eaglais nó páirtí i gceist.

    Aontaím le Dennis - 'Bhí tú ró-fhada i do thost', a chara...:-)

    RépondreSupprimer
  3. Tá sé ráite agat, a Áine. An smaoineamh ceannann céanna a bhí agam féin ach níor theastaigh uaim é a chur sa mhír mar bhí mé ag iarraidh a bheith cineál síochánta in am seo na Cásca. Aclú cumhachta ba ea achrainn na Cásca. Go raibh maith agat as an bhfáiltiú ar ais.

    RépondreSupprimer
  4. Go raibh maith agatsa, freisin, a Dennis. Shíleas go raibh sin ráite agam ach níor tháinig an 'commentaire' amach!

    RépondreSupprimer
  5. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    RépondreSupprimer