mercredi 20 octobre 2010

Ficheall 2: An n-imríonn tú?

Tá a fhios agam, tá a fhios agam, ach in ainneoin gach rud, taitníonn seo liom mar radharc. (Ní gá dom a rá is dócha go mbeinnse ag imirt i bhfad níos mó fichille dá mbeadh duine agam a d'imreodh liom!) Ar aon chuma, ach Fearghus agus Conchúr ar an Táin - nó tamaillín roimhe le bheith cruinn faoi is dócha - ní dóigh liom go bhfuil aon chluiche fichille ficseanach eile a fhanann i mo chuimhne mar a fhanann an ceann seo. B'fhéidir gur féidir le duine eile smaoineamh ar cheann.

15 commentaires:

  1. An cluiche a bhain Diarmaid d'Oisín san tóraíocht.

    RépondreSupprimer
  2. Céard faoin gceann seo: http://www.youtube.com/watch?v=anvRFJFUnRE
    B'fhearr liom do roghasa.

    Dála an scéil, an bhfaca tú an botún, nó an raibh tú róthógtha le Faye?

    Continuity: During the infamous chess scene an overview of the board is shown as Vicki Anderson moves her bishop forward that shows that Crown has already castled, but it is not until later in the scene that he actually performs the move.

    RépondreSupprimer
  3. é, sa radharc sin tá trí bhog déanta acu, ach tá an cuma ar an bhord go bhfuil níos mó ná 10 bog déanta acu!!!

    RépondreSupprimer
  4. Imrím féin, ach cosúil leatsa ní féidir liom daoine a aimsiú le himirt. Fuair mé App Fichille don bhfón ach tá sé an-deacair.
    Tá an ríomhaire ró-chliste dom agus ní shílim go bhfuil aon chluiche amháin buaite agam ina aghaidh fiú!

    RépondreSupprimer
  5. Tá an ceart agat a Aonghuis, tá sé go maith an chaoi a bhfuil Diarmaid ag cabhrú le hOisín trí na caora a chaitheamh ar na fir ba cheart dó a bhogadh. Agus grma a John as Bergman - atmaisféar iontach agus treallachas an scéil béaloidis ag baint leis.

    Ach leanúnachas an radhairc! Tá an ceart ar fad agaibh: 0:52 tá an caisliú déanta, 2:10 caisliú á dhéanamh. Imíonn an t-am, éiríonn an seomra níos dorcha, ach tá beagnach an méid céanna píosaí ar an gclár nuair a dhéantar sáinn ag 4:29 is atá ag an tús.

    RépondreSupprimer
  6. Is léir go bhfuil nithe faoin gcluiche seo nár chuala mé ó m'athair!

    Táim den bharúil, a John, go raibh Crown 'castled', nó i marbhsháinn, chomh luath agus a chuir sé an cheist 'do you play' ar bhean chliste...;-)

    RépondreSupprimer
  7. Tá ficheall agus ficheall ann, a Áine ;)

    RépondreSupprimer
  8. Dála an scéil, an eol dúinn cén cluiche a bhí i gceist le ficheall na bhFiann?

    Cluiche seilge seachas cogaidh? i. Gaolta le Hnefatafl seachas an ficheall a bhfuil cleachtadh againn anois air?

    RépondreSupprimer
  9. Ní raibh a fhios agam, a Aonghuis, go raibh aon difear idir ficheall na bhFiann agus ficheall na Tána, abair. Ach cá bhfios nuair nach bhfuil na rialacha ar eolas againn. 'A game played for a stake with two sets of figures on a square board divided into black and white squares (usually rendered "chess" but the rules are unknown' DIL sv fidchell.
    Tá an cur síos ar chluichí na Lochlannach spéisiúil. Spéísiúil freisin gur tugadh táiplis < 'tables' ar 'backgammon'. Bhí brandubh agus buanfach ann freisin, ach níl a fhios agam tada fúthu.

    RépondreSupprimer
  10. Shíl mise gur draughts is ea táiplis.

    Cluiche cearrbhachais is ea backgammon.

    RépondreSupprimer
  11. Dar le hÓ Donaill, a Aonghuis: táiplis mhór = backgammon; táiplis bheag = draughts. Ach má théann tú siar cúpla céad bliain - cá bhfios.

    RépondreSupprimer
  12. Nach bhfaca sibh an scannán seo?
    http://www.youtube.com/watch?v=0pdY47NJv-g
    Níl sé chomh gnéasúil, dar ndóigh. Ach más maith leat ficheall, seo an ceann.

    RépondreSupprimer
  13. Go raibh maith agat, a Shéamais. Ní fhaca mé cheana é.

    RépondreSupprimer