lundi 10 mai 2010

Rún na garraíodóireachta


An tráthnóna faoi dheireadh agus an ghrian ag dul faoi, mórán mar atá sí ag déanamh anois, i bhfallaing sheomra dheargóir, bhí mé an-bhuíoch go raibh leithscéal agam a bheith amuigh: an gairdín. Sin é é, a dúirt mé liom féin, sin é rún na garraíodóireachta. Leithscéal atá ann dul amach sa dea-aimsir. Tá leithscéalta eile ann: galf, an madra, siúlóid. Ach is beag ceann ar féidir oiread céanna ama a chaitheamh leis agus atá a bheag nó a mhór faoi do smacht féin. Go dtí seo bhí mé ag breathnú ar an ngarraíodóireacht mar obair, mar dhualgas. Nach orm a bhí an dul amú.

Mar chomhartha ar an aoibhneas a bhaineann leis an bheith amuigh seo (garraíodóireacht) theastaigh uaim pictiúr de thom aitinn a phostáil - tháinig an boladh ar an aer chugam gan choinne agus mé i mbun 'garraíodóireachta' - cócónat éalaitheach le hiarracht lag de cholainn agus chuimhne - ach féach gur bhain An Códú an bhearna díom. Tá an pictiúr seo agamsa tógtha le cúpla lá ach ní fhaighim deis ar an idirlíon chomh minic sin na laethanta seo. Ach ar aon chuma, cár mhiste aiteann eile.

7 commentaires:

  1. Cócónat an ea?

    Is cosúil nach raibh meas ró-mhór sa tseanlitríocht ar áille ná ar bholadh an aitinn. Cuireadh san aon charnán amháin é le dris is draighean, fraoch is giolcach go minic. Ach is cosúil freisin gur bhain na feirmeoirí úsáid as in a lán dóigheanna. Cad é an Ghaeilge ar gorse mill? Muileann aitinn?

    RépondreSupprimer
  2. Tá dhá ghluais ag A.T. Lucas i ndeireadh a leabhair, Furze: a survey and history of its uses in Ireland ([Baile Átha Cliath]: An Roinn Oideachais / The Stationery Office, 1960), ceann Gaeilge agus ceann Béarla. Ní 'gorse mill' tugtha aige. Ach tá focail eile aige, m.sh. máiléad aiteanadh - mallet for pounding furze; gearrthóir aitinn - 'furze cutter,' for chopping furze for fodder; tolca - implement for chopping furze for fodder; cot - id.; umar - trough for chopping furze for fodder; whin mallet - mallet used in pounding furze for fodder; whin mell - id.; furze machine - chaff-cutter or similar machine used for preparing furze for fodder etc. Ar ndóigh tá trí fhocal Béarla in Éirinn ag freagairt don fhocal 'aiteann': gorse, furze, agus whins. Is ea, cnó cócó a shamhlaímse ach níl sin luaite sa litríocht!

    RépondreSupprimer
  3. "Tá go leor aitinn ann do chach!" a deireann an Codú! ;-)

    RépondreSupprimer
  4. Ní raibh dúil agam riamh sa gharraíodóireacht, a Chailliomachais, ach bhain mé sult, ar feadh mo shaoil, as an nádúr agus as na bronntanais a thug, agus a thugann, Ollmháthair na Cruinne dúinn go fial.

    Le coicís anois, tá mo shláinte feabhsaithe go mór, agus tá mo lámha sa chré agam, plandaí á gcur agam, agus mé thar a bheith buíoch as an aer úr a líonann mo scamhóga le neart an nádúir...:-)

    Go raibh maith agat féin, agus ag an gCodú, as na híomhánna áille sin a roinnt linn - tá mé in ann an boladh a fháil as seo!

    RépondreSupprimer
  5. Nach in agat é! Do lámha sa chré. Is maith liom a chloisteáíl go bhfuil do shláinte feabhsaithe.

    RépondreSupprimer
  6. Bíonn rúnta na garraíodóireachta á scaoileadh ar chlár BBC Radio 4 "Gardeners' Question Time". Bhí siad ag caint faoi 'chairde' agus 'naimhde' sa ghairdín an tseachtain seo caite. Mar shampla, ní thaitníonn oiniúin agus pónairí lena chéile. Ní fhásann siad go maith i dteannta a chéile. Níor luaigh éinne an aiteann! Is dócha go bhfásadh sé in aon áit.

    RépondreSupprimer
  7. Ag caint ar naimhde agus cairde, a John, rún eile a thaitníonn liom. Níl sna fiailí ach plandaí san áit nach dteastaíonn siad uait.

    RépondreSupprimer