vendredi 9 avril 2010

Teagmháil agus tnúthán agus scoláireacht


Ag cur ar son na scoláireachta trí Ghaeilge atá mé san aiste liom i bhFeasta na míosa seo. Mar a deirim ansin, má scríobhann scoláire Gaeilge leabhar i mBéarla gan a chomh-mhaith de leabhar i nGaeilge a chur amach, is buille in aghaidh na Gaeilge í sin. Treisíonn an gníomh sin cultúr anglafónach na hÉireann - cultúr craosach nach mbíonn riamh sásta gan gach uile shórt a tharraingt chuige féin - come all to me, come all to me, mar a deireadh an tseanchailleach phiseogach a bhíodh ag iarraidh im na gcomharsan a ghoid. Lagaítear cultúr na Gaeilge gach uair a roghnaíonn scoláire Gaeilge scríobh i mBéarla agus gan scríobh i nGaeilge faoin ábhar céanna.

Sin ráite tá ábhar intleachtach scolártha le fáil i nGaeilge a choinneoidh lón intinne leis an intleachtaí is ocraí. Luaim dhá cheann san aiste:
Fin de Siecle na Gaeilge le Brian Ó Conchubhair (Cló Iarchonnachta / An Clóchomhar) agus Johannes ó Éirinn agus Máistrí an Gréige: léamh ar shaothar Johannes Scottus Eriugena le hEoghan Mac Aogáin (Coiscéim).

Leabhar eile atá tarraingthe anuas den tseilf agam anois díreach
Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge le Marie Whelton (An Sagart). D'fhéadfadh sé go bhfuil an leabhar sin ar cheann de na staidéir is tábhachtaí ar an bhfilíocht agus ar an nualitríocht a foilsíodh le tamall de bhlianta. Tá an coincheap den 'apastróf' a úsáideann sí fairsing agus leitheadach ag tadhall le réimsí na reitrice, na diagachta, láithriú na filíochta, agus le ceisteanna a bhaineann go díreach le cultúr féinlárnach nó egolárnach an lae inniu.

Ó! Agus rud eile! teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.



google-site-verification: google0fc9fb33630665ec.html

3 commentaires:

  1. Is dóigh liom go mbeadh suim agam in Johannes ó Éirinn agus Máistrí na Gréige. An bhfuil sé léite agat? An mbeifeá sásta beagán níos mó a rá faoin údar nó faoin a bhfuil ann? Nó an féidir leat sliocht gairid as a thabhairt dúinn?

    RépondreSupprimer
  2. Níl sé léite agam fós ná níl cóip faighte agam. Táim ag súil go mór leis - agus a luaithe a bheith sé idir mo dhá láimh....

    RépondreSupprimer
  3. GRMA as na moltaí. Beidh suim agam i ngach ceann acu, déarfainn.

    RépondreSupprimer