mardi 19 janvier 2010

Fonn a fhanann

Le cúpla lá anuas tá an fonn seo ag dul timpeall i mo chloigeann agus ní féidir liom fáil réidh leis - dá dteastódh uaim fáil réidh leis, agus sin ceist eile, mar is breá liom an fonn. Sílim go raibh caint ar a leithéid seo cheana i measc na mblagairí (anseo go cinnte, ach roimhe sin freisin, shíl mé). Ar aon chuma seo taifead maith den téama. Ach foláireamh: má thaitníonn sé ar chor ar bith leat seans go bhfanfaidh sé leatsa freisin. Ag 1:00 a thosaíonn an fonn i gceart. Bí réidh dó.



Bealach amháin, b'fhéidir le fáil réidh le péist chluaise amháin, ceann eile a chur ina háit. Seo fonn eile a thaitníonn liom, an Andante Cantabile leis an gcumadóir céanna. Níl sé baileach chomh greamaitheach céanna agus ar an ábhar sin b'fhéidir go n-oibreoidh sé níos fearr mar 'antainimh'.

8 commentaires:

  1. Péist cluaise - sin nath a tith liom go díreach, cé nár chuala mé seachas sa Ghearmáinís é.

    Táim slán go fóill ón gceann seo - níl aon challaire ar an ríomhaire seo.

    RépondreSupprimer
  2. Bealach amháin, b'fhéidir le fáil réidh le péist chluaise amháin, ceann eile a chur ina háit.

    Más tá faoiseamh iomlán uait, tá 4'33" le John Cage le cloisteáil (?) anseo.

    RépondreSupprimer
  3. Is breá liom an píosa sin, Dennis. Chuala mé cheana é - beo. Bhí sé iontach. Agus, a Aonghuis, ní gá duit aon challairí le taitneamh a bhaint as!

    RépondreSupprimer
  4. @aonghus Cloistear 'ear worm' go minic san Astráil.

    RépondreSupprimer
  5. Níor chuala mé iomrá ar 'ear worm' ná ar 'phéist chluaise' roimhe, ach is maith liom é mar íomhá ar an rud sin a tharlaíonn agus píosa ceoil greamaithe le do chluas!

    RépondreSupprimer
  6. Is focal coitianta "Ohrwurm" sa Ghearmáin ach níor chuala mé "earworm" riamh.

    An bhfuil "péist chluaise" baiste go hoifigiúil anois? ;-)

    RépondreSupprimer
  7. Faigheann sé mo vóta-sa, ar aon chuma, a Ormondo, ós mé a chuir anseo é!

    RépondreSupprimer
  8. Ag éisteach le do phéist anois, agus teacht agam ar fuaim. Ainm rud beag gránna do cheol deas!

    RépondreSupprimer