lundi 21 septembre 2009

Bambairne Beathaisnéise


Bambairne. Focal breá é. Má thuigim i gceart é, is éard a chiallaíonn sé suíomh nó rud nó ‘staid bheatha’ a chuireann as duit, a chuireann bac leat, a sháraíonn tú – is é sin, nach féidir leat féin é a shárú cuma cén iarracht a dhéanann tú. Má tá tú ‘frustrated’ ag rud tá tú i do bhambairne aige. Is mar sin a thuigimse an focal, ar aon chuma. Agus is é an fáth a dtarraingím chugam an focal sin anois, toisc go bhfuil mé i mo bhambairne ag an leabhar seo atáim a léamh i láthair na huaire, beathainéis Ignazio Silone le hOllamh in Hofstra University sna Stáit Aontaithe, Stanislao G. Pugliese. Bitter Spring atá air agus foilsíodh i mbliana é.


Tá an fear tar éis céad míle de chártaí innéacs a chur as a chéile agus leabhar a thabhairt air; cuid de na ráitis nó de na fíricí aige tá siad curtha faoi cheannteidil théamúla áirithe, cuid mhaith eile déarfá gur thit sin ar an urlár fad a bhí an leabhar á chur le chéile, agus is mar a phioc sé suas arís iad an lá dár gcionn a cuireadh isteach sa leabhar iad. Bíonn sé síoraí ag léim siar agus ar aghaidh ó thaobh dátaí de; déarfá nach cuimhin leis ar leathanach amháin a bhfuil ráite aige trí leathanach roimhe sin; tugann sé tuairim daoine leathchéad leathanach sula ndeir sé cé hiad féin; is minic nach mbacann sé le dhá phíosa eolais a tharlaíonn in aon alt a chéile a cheangal le chéile; agus is iomaí mír eolais aige gan chomhthéacs agus gan chúlra. Tá an leabhar breac lán le ráitis a chaithfidh an léitheoir a léamh mar ‘non sequiturs’.



Ba chuma ach tá an t-uafás eolais sa leabhar agus tá go leor leor taighde déanta ag an údar. Is mór an gar go bhfuil an t-eolas sin le fáil in aon leabhar amháin. Scríbhneoir ríspéisiúil ba ea Silone, a d’fhulaing go leor ó mharaigh crith talún a mháthair ina bhaile dúchais, Pescina, san Abruzzo, i ndeisceart na hIodáile, i 1915 (bhí orm breathnú san innéacs le teacht ar an mbeagán eolais sin, tá an leabhar chomh míchothrom sin). Bhí Silone (Secondino Traquilli a bhí air agus is i 1900 a rugadh é) ina fhinné ionraic ar ar fhualingt phobal bocht na tuaithe san Iodáil agus chaith sé a shaol i ndiaidh na tubaiste i gceartlár pheannaid fhisiciúil, idé-eolaíoch, agus intleachtach na hEorpa san fhichiú haois. Tá an leabhar seo tar éis é sin a thaispeáint go ríshoiléir – an trodaí diogbháilte macánta i gcoinne ollsmachta de gach cineál ag cur ar son na fírinne, na saoirse, agus leas na ndaoine a bhí gan cearta, gan maoin. Ar an gcaoi sin is leabhar an-mhaith é seo, is mór is fiú é, bíodh is go bhfuil mé i mo bhambairne aige.

6 commentaires:

  1. Ah, tá tú i do bhall den treibh a léann beathaisnéisí. Ní bheinn i mo bhambairne aige toisc go bhfuilimse i bhall den treibh eile. Tá dhá chineál ann, tá's agat, iad siúd a ...
    :-)

    RépondreSupprimer
  2. Is maith liom beathaisnéisí ach ní fhéadfainn a rá gur 'léigh' mé an ceann seo. Phioc mé mo bhealach tríd. An treibh eile? Iad siúd a scríobhann iad?

    RépondreSupprimer
  3. Ní hea. Iad siúd a léann rud ar bith seachas beathaisnéisí! Ní raibh mé riamh in ann beathaisnéis a chríochnú nach raibh athinste i riocht úrscéil. Bhain mé taitneamh as Mémoires d'Hadrien le Marguerite Yourcenar, mar shampla. Ach d'éirigh mé as Palimpsest: A Memoir le Gore Vidal níos lú ná leath bealaigh tríd.

    RépondreSupprimer
  4. Maith liom greann Gore Vidal - ina phíosaí beaga - ach níl a fhios agam an bhféadfainn 'memoir' leis a léamh as a chéile. Léigh mé Éamonn Mac Giolla Iasachta le Seán Ó Ceallaigh le déanaí agus thaitin sé liom. Sílim go léimse iad mar a léim scéalta: agus céard a rinne sé ansin? agus céard a tharla ansin? agus céard dúirt a bhean, a chara, a chomrádaí airm faoi sin? Níl a fhios againn? Spéisiúil....

    RépondreSupprimer
  5. Níor chuala mé an focal sin 'bambairne' cheana. Caithfidh mé ceist a chur ar mhuintir Chonamara le go bhfeicfidh mé an bhfuil sé in úsáid ann.

    Alt suimiúil. Go raibh maith agat, a Chailliomachais.

    RépondreSupprimer
  6. Bheadh sin an-spéisiúil, a Mhise Áine. Is fadó ó chuala mé féin an focal. Déarfainn gur focal é a bhí ag an seandream atá imithe as faisean anois.

    RépondreSupprimer