jeudi 27 août 2009

Eriugena agus Theodorus


Is é Dennis King a d’iarr orm an pictiúr seo a scanadh agus tá súil agam gur éirigh liom sin a dhéanamh go sásúil. Feictear dom go bhfuil giorria álainn dúisithe aige féin agus ag Aonghus. Tá an pictiúr le fáil mar thulmhaisiú le heagrán I.P. Sheldon-Williams de Periphyseon (De Diuisione Naturae) Iohannes Scottus Eriugena. Is i lámhscríbhinn in Bibliothèque Nationale na Fraince atá sé: lat. 6734 f. 3r. Is éard tá sa lámhscríbhinn sin cóip d’achoimre ar an Periphyseon, an Clavis Physicae, a scríobh Honorius Augustodunensis. Deir Dermot Morgan gur idir na blianta 1125 agus 1130 a scríobh Honorius a leabhar agus go bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuil sé le fáil ann lán de phictiúir áille. Baineann an lámhscríbhinn leis an dara haois déag. Is í an leagan is sine den Clavis í dá bhfuil ar fáil.


Is iad atá sa phictiúr Iohannes seo againne – ‘genere scotho’ – ar thaobh na láimhe deise agus Theodorus éigin – níl a fhios agam cérbh é ach deir an pictiúr gur Gréagach é – ‘genere greci’ – ar thaobh na láimhe clé.


Tá scrolla ag sileadh as a láimh chlé gach duine acu. Tá castacht álainn ag baint leis na scrollaí seo nach bhfuilim in ann a scaoileadh. Ní cosúil go bhfuil na scoláirí ar aon intinn, fiú, faoina bhfuil scríofa orthu (léann Sheldon-Williams an focal ‘pandit’ mar ‘pendit’). Tá ceann Theodorus níos airde; mar sin, de réir choinbhinsiúin na gcartún is na n-anime pléifimid leis sin ar dtús. Seo mar atá scríofa air:


Dogmatis is. lumen pan

dit per mentis acumen.


Sileann scrolla Eriugena trasna air sin agus seo mar atá air:


I.nvolucrum rerum. petit

is. fieri sibi clarum.


Deacracht amháin a fheicim leis na scrollaí seo ná go simplí cé leis na focail atá scríofa orthu? An iad Theodorus agus Eriugena féin atá ag labhairt? Nó an é an t‑ealaíontóir atá ag miniú an scéil dúinn agus ag insint dúinn faoin té a bhfuil an scrolla ina láimh aige? Is é sin an bhfuil Theordorus ag rá faoi Eriugena (agus é ag díriú méire air): Osclaíonn an fear seo (‘is’) solas an dogma le géire intinne. Nó an é an t‑ealaíontóir atá á rá sin faoi Theodorus. Mar a chéile, cé hé an ‘is’ atá ‘ag iarraidh go ndéanfaí castacht rudaí soiléir dó’? Theodorus nó Eriugena? Tá mo thuairim féin agam ar ndóigh.


Agus níl ansin ach ceann amháin de na castachtaí áille atá ag baint leis an léaráid seo, cuid acu pléite ag Dolores Warwick Frese agus ag M.-Th. d’Alverny; ach níl a leabhair siadsan ar an tseilf agam faraor.

3 commentaires:

  1. An ag iarraidh des commentaires en français atá tú? Bon, ben, je te remercie du fond de mon coeur d'avoir copié le frontispice et surtout de l'avoir expliqué avec tant de clarté! :-) Maidir le do thuairim féin faoin scrolla, nár mhaith leat í a roinnt linn? Thug mé faoi deara go bhfuil Theodorus cosnocht agus go bhfuil bróga maithe ar Eriugena. Meas tú an bhfuil tábhacht ar bith leis sin sa scenario a chuir an t-ealaíontóir romhainn?

    RépondreSupprimer
  2. Lean mé an giorria le google.
    Ceann de na torthaí ar "Iohannes Scottus Eriugena theodorus"
    ná an leabhar seo seo, ach tá sé ró dhoimhin d'innealtóir bocht cosúil liomsa.

    RépondreSupprimer
  3. De rien, Dennis. Fáilte romhat. Agus go raibh míle maith agatsa, a Aonghuis as leabhar eile nach raibh ar eolas agam a chur ar mo shúile dom.

    Mo thuairim féin? Níl ann ach tuairim. Tá codarsnacht ar bun ag an ealaíontóir: bróga v. cosa nochta, gruaig chatach v. caipín, Theodorus beagáinín níos airde agus níos mó ná Eriugena. Ach tá an chodarsnacht is mó sna scríbhinní: solas, oscailteacht, dogma ar thaobh amháin, ábhar clúdaithe, tóraíocht na soiléire ar an taobh eile. Ní scrolla atá i lámha Theodorus ach stiall fhada pháir. Ach tá an chuid is mó dá bhfuil i lámh Eriugena clúdaithe, ceilte, fós le léamh, is involucra é. Agus rud eile, tá cuid Eriugena bun os cionn le cuid Theoduras agus deacair a léamh. Le cuid an Ghaeil a léamh caithfidh tú gach rud eile a chur a chloigeann. Ach sin a dhéanamh, tá sé soiléir agus gearrann trasna ar chuid róshimplí an dogma.

    RépondreSupprimer