mardi 7 septembre 2010

Ecce! Fugax Parthus



Tá na laethanta saoire thart. Tá seachtain na scoláirí thart. Nach í a bhí go haoibhinn, an tseachtain nuair a d’fhill na daoine óga ar ais ar an scoil? An aimsir ba ghile is ba ghrianmhaire le fada. Is ea, ach níl sí imithe ar fad, feictear dom. A iarsma ann fós. Saighead beag gealbhuí caite ina dhiaidh aige. Nuair a fhéachaim amach an fhuinneog anseo feicim scalladh gréine ar an tsráid lasmuigh agus na braonacha a bhí ar an bpána gloine ar ball geall leis glanta. In ionad a bheith ag caoineadh imeacht an tsamhraidh tugaimis aghaidh ar an bhfómhar ildathaithe atá romhainn.


B’fhéidir gur mó an taitneamh a bhainfinn féin as an bhfómhair céanna, ar ndóigh, mura mbeadh an brú oibre atá orm i láthair na huaire. Iliomad leabhar, iliomad uimhreacha, iliomad iontrálacha. Lámhscríbhinní freisin nó tá bailiúchán beag páipéar tagtha chugainn a gcaithfidh mé dul tríothu. Lámhscríbhinní Gaeilge? I ndomhnach ní hea, ach litreacha, leabhair nótaí, agus bileoga a rinneadh le seanmheaisín Gestetner nach bhfuil aon luach leo anois ach a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil i gceann céad bliain.


Ar aon chuma, mar atá ráite agam ar Feasta na míosa seo, idir seo is siúd, táim ag glacadh sosa ón scríbhneoireacht. Is é an t‑alt sin ar Feasta an buille scoir agam. Nó más maith leat, an saighead Pairtiach uaim – ‘féach,’ mar a deir Ovidius sa líne atá tugtha thuas agam, ‘tá an Pairtiach imithe leis.’ Agus saighead úd na himeachta:


Teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.


Creidim é agus creidim é go láidir: má tá an Ghaeilge le bheith beo mar theanga labhartha phobail agus mar theanga litríochta beo caithfidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta féin a bheith i mbun oideachais a gcuid gasúr. Tá spléachadh ar cé chomh iontach agus cé chomh fiontrach agus cé chomh fiúntach is a d’fhéadfadh an t‑oideachas sin a bheith tugtha ag an Dr Neil Buttimer san eagrán céanna sin de Feasta Mheán Fómhair. Ná scaoilimis an deis tharainn. Cruthaímis oideachas Gaelach den scoth anois, dúinn féin agus do na daoine óga atá ag teacht inár ndiaidh. Anois an uain agus níl againn ach í. Ná ligimis do Fantômas na Roinne Oideachais (pictiúr de thuas) an Ghaeilge a chur i leataobh.


Táim éirí paiseanta in athuair faoi rudaí nach iad mo chúram iad. Fáth eile go gcaithfidh mé gearradh anuas ar an scríbhneoireacht seo. Níl sé go maith don chroí. Éirí as an mblagaireacht freisin? Níor mhaith liom é sin a rá. Ach mar is léir ón ráta postála agam an samhradh seo, caithfidh gearradh siar éigin a bheith i gceist. Sin agus, mar a deirim i bhFeasta, níos mó aird a thabhairt ar na leabhair. Agus cúram níos fearr a dhéanamh de chúrsaí meáchain: go leor meáchain curtha suas thar an samhradh agam – mé beagnach dhá chloch déag go leith! Caithfear gearradh anuas. Fillim, mar sin, ar na leabhair is ar an aclaíocht agus ar an scéal atáim ag léamh i láthair na huaire agus a chuir An Craoibhín in eagar i 1927, táim ag ceapadh: 'Eachtra an Amadáin Mhóir.'

2 commentaires: