Táim go mór in éad le leithéidí COC ar féidir leo spriocanna a chur rompu chun meáchan a chailliúint... agus cloí leo. Faoi láthair táim 72.64 k. Ní duine mór cnámhach mé mar sin táim ar a laghad 10k níos troime ná mar ba mhaith liom. An trioblóid gur blonag, mar a deir COC, atá ann, ní matáin, é lonnaithe sa bholg go háirithe. Bhain mé ballraíocht amach i ngiomnáisiam - nó b'fhéidir gur spórtlann aclaíochta é nó spórtlann corpacmhainne - ach níor thaobhaigh mé an áit fós. Sin iad rúnta na bliana nua duit. Ar aon chuma, ciallaíonn sin uile, ó thaobh mo cholainne de, go mbím á iompar féin rud beag cosúil leis an ainmhí san fhíseán seo - físeán Gaeilge nach raibh ach ceathrar tar éis breathnú air nuair a chonaic mise é. Céard a theastaíonn uaim a rá libh? Tugaimis lántacaíocht don hippo fliuch ramhar? Tugaimis spreagadh dó le dul chun na spórtlainne?
mercredi 10 février 2010
jeudi 4 février 2010
Cui bono?
Ag léamh léirmheasa ar an Irish Times dom Dé Sathairn ar leabhar le Caroline Alexander, The True Story of the Iliad, rith an cheist seo liom go fánach: An bhfuil an leabhar seo ag cur le saíocht agus cultúr an Bhéarla nó le saíocht agus cultúr na Gréigise? Le saíocht agus cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.
Mar sin na leabhair agus na haistí Béarla a scríobhtar oiread sin acu faoi litríocht agus faoi stair na nGael: An ag cur le saíocht agus le cultúr na Gaeilge atá siad nó le saíocht agus le cultúr an Bhéarla? Le saíocht agus le cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.
Go raibh maith agaibh a scoláirí.
lipéid:
cultúr an Bhéarla,
cultúr na Gaeilge,
scoláirí
| measúnú |
mardi 19 janvier 2010
Fonn a fhanann
Le cúpla lá anuas tá an fonn seo ag dul timpeall i mo chloigeann agus ní féidir liom fáil réidh leis - dá dteastódh uaim fáil réidh leis, agus sin ceist eile, mar is breá liom an fonn. Sílim go raibh caint ar a leithéid seo cheana i measc na mblagairí (anseo go cinnte, ach roimhe sin freisin, shíl mé). Ar aon chuma seo taifead maith den téama. Ach foláireamh: má thaitníonn sé ar chor ar bith leat seans go bhfanfaidh sé leatsa freisin. Ag 1:00 a thosaíonn an fonn i gceart. Bí réidh dó.Bealach amháin, b'fhéidir le fáil réidh le péist chluaise amháin, ceann eile a chur ina háit. Seo fonn eile a thaitníonn liom, an Andante Cantabile leis an gcumadóir céanna. Níl sé baileach chomh greamaitheach céanna agus ar an ábhar sin b'fhéidir go n-oibreoidh sé níos fearr mar 'antainimh'.
lipéid:
andante cantabile,
ceol Rococo,
ohrwurm,
Tchaikovsky
| measúnú |
mercredi 13 janvier 2010
Mise mé féin

Thosaigh sé le Scott ag lorg stíle dó féin. Ansin d'aistrigh an plé go Nótaí Imill. Cén chaoi a d'aistreofá 'Be yourself' go Gaeilge? Ó thaobh brí na habairte de d'aistrigh Proinsias go breá é i rith na díospóireachta: 'Bí dílis duit féin.'
Is é an chaoi a bhfuil sé, níl aon mhodh ordaitheach ag an gcopail. Cén fáth a mbeadh? Dhá fheidhm atá leis an gcopail: (a) a rá gurb ionann dhá rud agus (b) a rá go mbaineann rud éigin le haicme faoi leith.
Samhlaigh An Táin á cur ar stáitse (tá a fhios agam, beagáinín aisteach, ach tá cúis agam leis, mar a fheicfidh sibh). Tá an léiritheoir ag roinnt na bpáirteanna agus ag tabhairt orduithe don chliar. 'Is tusa Cú Chulainn,' a deir sé. 'Agus is tusa Ferdia' ar seisean le duine eile - dhá shampla de (a). 'Is cairde sibh' a deir sé ansin - sampla de (b).
Samhlaigh é ag teacht chuig deireadh an liosta agus duine amháin fágtha gan pháirt. 'Tusa tú féin,' a deir an léiritheoir leis. 'Tá gach duine eile tógtha.' Tugtar faoi deara an modh táscach tríd síos. Insint faoi chúrsaí mar atá atá i gceist leis an gcopail, ní cúrsaí mar ba mhaith linn a bheadh siad. Bheadh An Táin sách mór mar dhráma ach fiú ansin ní féidir brath air nach mbeadh gach páirt tógtha. Sa deireadh, mise me féin.
Má táimid ag iarraidh rudaí a athrú, caithfidh muid briathar a úsáid agus ordú a thabhairt. 'Imir do ról féin feasta'; nó rud éigin mar sin. Ach mise mé féin. Cén chaoi ar féidir sin a athrú?
lipéid:
An chopail,
An Táin,
Cú Chulainn,
Ferdia
| measúnú |
Inscription à :
Messages (Atom)
