vendredi 12 février 2010

Slánú na Gaeilge: aon ghníomh amháin


An Plean Straitéis 20 Bliain faoi chaibidil agam féin agus ag Seán Ó Loingsigh in Feasta na míosa seo; muid beirt ag fáiltiú roimh cruinniú Chomhchoiste na Dála a phléigh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus a theilifísiú (Cúrsaí Reatha - Cartlann 20.01.2010); muid beirt ag labhairt faoina bhfuil le déanamh amach anseo.

Tá aiste an-tábhachtach eile ann le Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin a phléann an Plean Straitéise ag díriú 'go sonrach ar chastachtaí teanga sa nGaeltacht.'

Ba mhaith liomsa pointe amháin a dhéanamh. Tagraíonn Seán don phointe seo i measc go leor pointí tábhachtacha eile aige. Luann sé a éiginnte atá mír (g) sa faoin teideal An Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí sa Straitéis, a deir go gceapfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tSeirbhís um Cheapachán Phoiblí comhshocruithe chun cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. 'Cad a chiallaíonn sé sin?' a fhiafraíonn Seán. Agus chun a fhreagra féin a léamh, beidh ort Feasta Mhí Feabhra a aimsiú in áit éigin.

Anois bheadh sé chomh dóchúil smoothy fuar a fháil in ifreann is a bheadh sé comhshocrú faoin nGaeilge a fháil ón Roinn Oideachais. Ach fág sin i leataobh. Ritheann sé liom go bhfuil aon bheart amháin a rachadh chun leasa na Gaeilge agus a chuirfeadh tuismitheoirí na Gaeltachta á labhairt lena gclann, agus cá bhfios, a chuirfeadh daoine óga á labhairt ina measc féin. (Tá laghad na gcainteoirí óga Gaeilge agus nósanna teanga na ndaoine óga i gcoitinne sa Ghaeltacht ina ábhar mór imní d'Ó Giollagáin agus d'Ó Curnáin - agus dúinn uile.) Is é an beart é ná seo: riachtanas líofachta Gaeilge a bheith ag teastáil le haghaidh gach ceathrú post sa tseirbhís phoiblí agus san earnáil leathstáit. Ní hacmhainn Ghaeilge atá i gceist agam ná cumas 'feidhmiú go dátheangach'. Is éard tá i gceist agam go gcaithfeadh gach ceathrú duine a gheobhadh post sa státseirbhís a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga laethúil.

An mbeadh dóthain daoine ann? Moladh ag Seán: comhairle a lorg ar an gCoimisinéir Teanga; labhair seisean faoi chúrsaí oideachais cheana.

Molann an bheirt theangeolaí ina n-aiste siadsan cur le Scéim Labhairt na Gaeilge agus níl aon dabht ach gurb in a choinnigh na Gaeltachtaí ag labhairt na Gaeilge sna 1930í nuair a thug Tomás Ó Deirg isteach é an chéad uair. Aontaím leo. Ach chomh maith leis sin tá gá le spreagadh buan fadtréimhseach. Cén spreagadh fadtréimhseach ab fhearr ná obair do dhaoine óga?

jeudi 11 février 2010

Polaitíocht agus intleacht

Ní theastaíonn uaim mórán a chur leis an tráchtaireacht ar an gcor is déanaí i bpolaitíocht na tíre - éirí as George Lee, T.D. (Tráchtaire Drochscéil, Teachta Díchairdiúil, Treascóir Dóchais) - ach ar tharla a chur i gcomhthéacs an mhéid a dúirt mé cheana faoin gcaoi nach féidir leis an gcóras againn - an córas polaitiúil ná córas na státseirbhíse - déileáil le fadhbanna na tíre agus iad a réiteach. Léiríonn cás Lee nach féidir le haon duine tionchar a imirt ar chumhacht rialaithe na tíre nach polaiteoir Éireannach é, sin nó státseirbhíseach coimeádach. Ní hé sin le rá nach bhfuil go leor polaiteoirí éirimiúla againn agus státseirbhíseach coimeádach cumasach. Ach cuma cé chomh éirimiúil nó cumasach is atá tú níl seans agat tionchar a imirt ar rialú na tíre mura bhfuil scil agat sa pholaitíocht nó sa riarachán coimeádach. Ní cosúil go bhfuil ceachtar acu ag George Lee.

An duine eile ar smaoinigh mé air sa chomhthéacs seo, Bill Tormey, Comhairleoir d'Fhionnghlas i mBaile Átha Cliath - duine éirimiúil cumasach a bhfuil go leor le rá aige mar shampla faoi chóras sláinte na tíre (A Cure for the Crisis – Irish Health Care in Context, Blackwater Press, 2003), agus ar tráchtaire raidió páirtaimseartha é féin. Bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre ach d'éirigh sé as agus chuaigh sé le Fine Gael. Is leo atá sé ó shin. Rith sé liom gur duine eile é Bill Tormey a d'fhéadfadh cur go mór le acmhainní intleachtacha lucht rialaithe na tíre ach a mbeadh deacracht aige luí isteach le córas na polaitíochta Éireannaí.

Tá go maith. Bhí an-spéis agam a fheiceáil mar sin gur scríobh an Comhairleoir as Fionnghlas litir oscailte chuig George Lee, T.D., ar an mblag seo aige. Tá sé i gcoinne an T.D. Lee. Ritheann sé leis gur 'bit of a prat' é. Ach má léann muid ar aghaidh feicimid go ndéanann Tormey díreach an pointe atá déanta agam féin. Rinne Fine Gael neamhsuimh de, deir sé. Admhaíonn sé go bhfuil sé fágtha as comhairlí an pháirtí ar chúrsaí sláinte, ainneoin a leabhair agus a thaithí 25 bliain mar lia chomhairleach ospidéil. Ach admhaíonn sé chomh maith go bhfuil daoine níos fearr ná eisean i mbun polasaí leighis a phleanáil don pháirtí.

Is ea b'fhéidir go bhfuil. Ach léiríonn litir an Dr Bill Tormey an méid stríocadh a chaithfidh an t-intleachtach Éireannach a dhéanamh le go mbeadh aon ghlacadh leis sa chóras polaitiúil. Ní miste beagáinín umhlaíochta - agus léiríonn Tormey umhlaíocht phraiticiúil réalaíoch sa litir - ach is bocht an scéal é agus drochthuar do thodhchaí na tíre nuair a chaithfidh duine dá chumas, dá éirim, a bhfuil oiread sin taithí aige ar an gcóras sláinte, a lámh a chur in airde agus cead cainte a iarraidh mar a bheadh buachaill dána ag bun an ranga.

Nó an é atá i gceist, nuair a thréig formhór mhuintir na tíre an Ghaeilge agus d'iompaigh ar an mBéarla briste gur thug siad cúl le cibé cé méid intleachtachais a bhí acu agus thaobhaigh le meon díchultúraithe frith-Ghaelach na naoú haoise déag. Ní hé an córas polaitíochta atá frith-intleachtach ach cultúr uile na tíre anglafónaí arb iad na polaiteoirí a hionadaithe dílse agus a heiseamláirí fíorasacha.

mercredi 10 février 2010

Hippo fliuch ramhar

Táim go mór in éad le leithéidí COC ar féidir leo spriocanna a chur rompu chun meáchan a chailliúint... agus cloí leo. Faoi láthair táim 72.64 k. Ní duine mór cnámhach mé mar sin táim ar a laghad 10k níos troime ná mar ba mhaith liom. An trioblóid gur blonag, mar a deir COC, atá ann, ní matáin, é lonnaithe sa bholg go háirithe. Bhain mé ballraíocht amach i ngiomnáisiam - nó b'fhéidir gur spórtlann aclaíochta é nó spórtlann corpacmhainne - ach níor thaobhaigh mé an áit fós. Sin iad rúnta na bliana nua duit. Ar aon chuma, ciallaíonn sin uile, ó thaobh mo cholainne de, go mbím á iompar féin rud beag cosúil leis an ainmhí san fhíseán seo - físeán Gaeilge nach raibh ach ceathrar tar éis breathnú air nuair a chonaic mise é. Céard a theastaíonn uaim a rá libh? Tugaimis lántacaíocht don hippo fliuch ramhar? Tugaimis spreagadh dó le dul chun na spórtlainne?

jeudi 4 février 2010

Cui bono?



Ag léamh léirmheasa ar an Irish Times dom Dé Sathairn ar leabhar le Caroline Alexander, The True Story of the Iliad, rith an cheist seo liom go fánach: An bhfuil an leabhar seo ag cur le saíocht agus cultúr an Bhéarla nó le saíocht agus cultúr na Gréigise? Le saíocht agus cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.


Mar sin na leabhair agus na haistí Béarla a scríobhtar oiread sin acu faoi litríocht agus faoi stair na nGael: An ag cur le saíocht agus le cultúr na Gaeilge atá siad nó le saíocht agus le cultúr an Bhéarla? Le saíocht agus le cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.


Go raibh maith agaibh a scoláirí.