vendredi 4 juin 2010

An tImeall

Caithfidh mé a rá gur bhreathnaigh Aonghus na Smaointe Fánacha agus Tomás Ó Conghaile an-mhaith sa Mhúsaem Cló ar Imeall TG4 agus iad ag caint ar an mblagaireacht is faoin mblagáil. Réaltaí teilifíse na blagaireachta iad anois gan aon dabht. Go maire sibh beirt.

Tá ábhar sásaimh ag duine eile freisin, mar gheall ar an gclár, duine nach raibh ann mar a tharlaíonn. Is é sin an blagadóir áirithe seo, mise, Cailliomachas. Tá an mhír seo liomsa le feiceáil ar an teilifís, níl a fhios agam cén fáth. Ach dá bhfeicfeadh sibh an straois a bhí orm agus mé ag breathnú air! Ar ndóigh sin an leathanach ar a ndeirim gur fearr liom fanacht faoi scáth. Mar sin ní ceart dom a bheith ag únfairt san fhéinsástacht mar atá mé... go háirithe agus blagadóirí eile ann atá ag freastal, ar iliomad bealaí, i bhfad níos fearr ná mise ar an sféar seo againne (breathnaítear ar imeall deas bhlag Mise Áine, mar shampla, faoi 'blagálaithe eile').

Ach mar a deir Aonghus is aisteach an meán é an teilifís. Sé nóiméad lena bhfuil ag tarlú sa bhlagaireacht Ghaeilge a léiriú! Ní féidir é. Ach thug an bheirt an-spléachadh dóibh siúd atá ar an imeall.

8 commentaires:

  1. Faraor, ní raibh Tomaí san iarsmalann. Ba bhreá liom buaileadh leis; tá éachtaí curtha i gcrích aige. Ach is i mBéal Feirste, mar atá sé lonnaithe a cuireadh agallamh air.

    RépondreSupprimer
  2. Go raibh maith agat as an soiléiriú. Sin teilifís duit. Níor thugas faoi deara. Nó sin mise!

    RépondreSupprimer
  3. Tugaim faoi deara go raibh suíomh Mhyles an Nissan Micra faoi chaibidil chomh maith agus gur pléadh úsáid na n-ainmneacha cleite i gcomhthéacs an tsuímh sin. Seo é an polasaí atá agam: má bhíonn rud éigin tromchúiseach le rá agam, cuirim m'ainm leis agus foilsítear é i bhfoirm leabhair nó mar alt in iris. Ach ós rud é gur duine sách dáiríre mé, níor mhaith liom go luafaí m'ainm ceart leis an mbrilléis a bhíonn ar siúl ag Myles. Is rud buan é an dúch, ach téann pixel le gaoith.

    RépondreSupprimer
  4. téann pixel le gaoith.

    Ná bí ró chinnte!

    Féach: http://www.archive.org

    RépondreSupprimer
  5. Aontaím leat a Aonghuis: d'fhéadfadh sé go bhfanfadh na pixels áit éigin san ollchuimhne chibearspásúil. Ach go bhfios dom ní phléann archive.org ach le hábhar nach bhfuil faoi chóipcheart. Bíodh sin mar atá tá prionsabal ar fónamh agatsa, a Mhyles: bíodh an t-ainm ceart leis an tromchúis. Prionsabal é a gcaithfidh mé aghaidh a thabhairt air luath nó mall. Mar shampla, tá tromchúis i gceist le mo chuid ar Feasta faoi láthair.

    RépondreSupprimer
  6. Tá níos mó ná sin i gceist ag archive.org

    Tá samplaí de beagnach gach leathanach idirlín riamh ann, ag dátaí éagsúla.

    Féach ar an "Way back machine"

    RépondreSupprimer
  7. An-spéisiúil. Ní raibh a fhios agam é sin. GRMA.

    RépondreSupprimer
  8. Maith thú a Aonghuis. Chonac aréir thú. Ní fhéadfainn urlabhraí níos fearr a shamhlú chun labhairt ar son blagadóireacht na Gaeilge.

    RépondreSupprimer