samedi 11 juillet 2009

Fadhbanna / Eagrú

Tá obair atheagraithe na leabhar fós ag dul ar aghaidh... ach a dheireadh le feiceáil, ceapaimid, ar fhíor na spéire. Bhí sé i gceist agam liosta a dhéanamh ar na príomhfhadhbanna a bhaineann leis an obair seo – iad a aicmiú go fiú. Ach anois agus an chéad fhlosc chun oibre imithe tá dearmad déanta ar chuid mhaith acu. Seo an méid is cuimhin liom.

1. Baineann fadhbanna áirithe leis an tosaíocht a thugtar do na prionsabail aicmithe thar a chéile. Ar na prionsabail aicmithe a d’fhéadfadh a bheith i gceit tá: (a) an teanga ina bhfuil an leabhar scríofa, (b) an t‑ábhar lena mbaineann an leabhar, (c) méid an leabhair, (d) fiúntas an leabhair ó thaobh úsáidte nó eile de, (e) maisiú nó cuma an leabhair, (f) seánra, (g) aois. Cé acu sin is tábhachtaí?

2. D’fhéadfadh sé go mbaineann an leabhar le hábhair dhifriúla: bailiúchán béaloideasa d’oidisí cócaireachta as Dún Chaoin; leabhar faoi stair na hamharclannaíochta in Éirinn san ochtú haois déag móide cur síos beathaisnéisiúil ar na príomhaisteoirí; nó ceann a chonaic mé fágtha i leataobh ar bhord an lá cheana: Stair na hEitileoireachta. Amanta is féidir leis an UDC (nó leis na huimhreacha cúnta a bhíonn in úsáid mar chuid den chóras) na deacrachtaí seo a réiteach ach go minic bíonn cinneadh le déanamh: 398 (béaloideas) 641 (cócaireacht) 9417 (CIA: DCh) .

Tá an t‑ábhar seo aistreánach, deir tú. Cé eile ach leabharlannaí a chuirfeadh spéis ann? Ach tá na prionsabail agus na deacrachtaí céanna sin ag obair in gach gné den saol. Níl cistin ar bith nach bhfuil córas eagraithe agus aicmithe de shaghas éigin ag obair ann. I dtarraiceán an sceanra céard a chuirtear ar clé? Na sceana? Na foirc? Na spúnóga? Nach cuma? Ceart go leor... athraigh thart iad. Agus cá gcuireann tú an corcscriú?

1 commentaire: