vendredi 3 juillet 2009

Eagrú Leabhar


Anois agus an samhradh faoi lán tseoil tá an Leabharlann ag tapú na deise chun atheagrú a dhéanamh ar a cuid leabhar, seilfeanna nua á gcur isteach, leabhair á gcur orthu, agus mar sin de. Táim sáite ann faoi láthair – glacaim briseadh beag chun é seo a scríobh. Amanta bím sásta nach mise an príomhleabharlannaí anseo ach an tánaiste.

teach, agus mar sin schun atheagrú a dhéanamh ar a gcuid leabhar, seilfeanna nua a chur isteach, agus mar sin sTá deacrachtaí móra bunúsacha ag baint leis an obair. Nílim ag caint faoi lóistíocht an atheagraithe ar fad – cén chaoi le leabhar a aistriú ó áit go háite, cén chaoi le hiad a choinneáil in ord etc. Táim ag caint faoi rud níos bunúsaí go mór na sin: an rangú féin, an t‑aicmiú.

An cheist seo mar shampla: an n‑eagraímid na leabhair de réir ábhair nó de réir teanga? An gcuirimid na leabhair Ghaeilge ar fad le chéile nó an roinnimid na leabhair Gaeilge, dála mar a rinne Méabh leis na Gaileoin, ar na leabhair eile de réir ábhar. Casadh ollamh ollscoile orm uair amháin a dúirt gur de réir teanga ba cheart na leabhair a roinnt. Rith sé liom go mb’fhéidir go raibh ciall leis sin: freagraíonn teanga do chultúr agus is caomhnú cultúir atá uainn, seans. Díreach mar nach mbíonn coibhéis dhíreach idir focail in aon dá theanga, ní bhíonn coibhéis dhíreach idir leabhar réalteolaíochta, abair, sa Ghaeilge agus leabhar faoi astronomy sa Bhéarla.

Os a choinne sin, níl muide, pobal na Gaeilge, ag plé le cultúr atá dochtshéalaithe nó leáshéalaithe; nílimid beag beann ar chultúir eile, go háirithe cultúr an Bhéarla agus cultúr comónta liobrálach an Iarthair. Cuid den chultúr sin díriú ar an ábhar, díriú ar an eolas. Má tá an t‑eolas ar fáil i nGaeilge nó sa Rúisis, tá go maith; ní dhéanann sin aon difear.

Féach go bhfuilim cheana féin tar éis teacht chuig ceann de na bundeacrachtaí a bhaineann le Gaeilge agus le cultúr na Gaeilge: an aguisín í an Ghaeilge nó ab í ár saol ar fad í? Ach níl an t‑am agam anois é sin a phlé. Ní mór dom filleadh ar na leabhair.

Cén córas aicmithe a úsáideann an Leabharlann seo againne? Tá muide ar cheann den fhíorbheagán leabharlanna in Éirinn a dhiúltaíonn d’impiriúlachas anglashacsanach an Dewey Classification System (féach 820 ar fad i gcomhair litríocht an Bhéarla - tús áite agus rannóg mhór - agus 891.68 i gcomhair litríocht na Gaeilge ar fad agus 895.1 i gcomhair litríocht na Sínise – an litríocht is sine ar domhan agus an teanga a bhfuil an líon is mó cainteoirí aici). Bí ag caint ar WASPachas abú. Is mór an náire gurb é Dewey atá fós in úsáid in Éirinn sna leabharlanna poiblí ar fad agus i leabharlanna na n‑ollscoileanna.

UDC, Universal Decimal Classification, a úsáideann muide. Tá sé i bhfad níos cothroime – agus níos ciallmhaire – agus dar liomsa, níos cruinne. Ach tá na leabhair ag glaoch. Ní mór dom dul ar ais chucu.

Aucun commentaire:

Enregistrer un commentaire