mardi 14 juillet 2009

Shakespeare agus Goethe


Ag leanúint orm ag léamh Eckermann faoi Ghoethe. Amanta is féidir le Goethe a bheith dochreidte uasal le híseal agus thar a bheith tromchosach. Is mall dá réir sin atáim ag dul tríd na Converstions. Léigh mé an píosa faoi Shakespeare anois beag. Ritheann sé liom go bhfuil deacracht bhunúsach ag baint le Shakespeare, fiú sa léamh seo ag Goethe air: go bhfuil sé mór, go bhfuil nádúr an duine ar fad léirithe aige, gur beag is féidir le drámadóir a dhéanamh ina dhiaidh, cinnte ní féidir leis tada a dhéanamh gan staidéar a dhéanamh air.
Déanann Eckermann pointe maith: nach raibh cuid dá ndearna sé ag brath ar an aois inar mhair sé agus ar na daoine tallannacha eile a bhí thart air? Aontaíonn Goethe leis sin. Ach, dar liomsa, tá i bhfad níos mó i gceist ná lucht comhaimsire. Tá teacht le chéile smaointe i gceist, chomh maith le teacht chun cinn foirmeacha léirithe, agus thar aon rud eile – polaitíocht. Tá eochair an chinéal seo léamh tugtha dúinn ag Edward Said.
Ach, ag léamh Orientalism Said dúinn, ná ceapaimis go mbaineann sé le litríocht na hEorpa san naoú haois déag amháin – Jane Austen agus plandálacha siúcra na nIndiacha Thiar etc. Bhí go leor polaitíochta agus plandála i gceist in aimsir Shakespeare freisin, mar is eol dúinn. Is dlúthchuid de litríocht na tréimhse iad an feachtas mór i gcoinne bharbaracht na nGael, éirí amach Essex, agus beartaíocht cruinn rúnda neamhscrupallach Cecil. Sa bhliain 1607, mar shampla, ní hamháin gur imigh na hIarlaí, ach bunaíodh Virginia Colony i Meiriceá agus léiríodh Hamlet ar bhord loinge amach ó chósta Sierra Leone. Ná déanaimis dearmad, ach an oiread, gur ghlac Shakespeare páirt sa chaitheamh anuas ar na Gaeil chomh fonnmhar céanna le Sidney, Spencer, agus Ben Johnson. Drámadóir polaitiúil é Shakespeare chomh maith le duine.
An “Renaissance,” an drámaíocht stáitse, náisiúnachas Shasana, agus an concas agus an coilíniú go háirithe in Éirinn agus i Meiriceá, a chruthaigh cuid nach beag de shaoldearcadh Shakespeare. An mianach céanna sin a bheith ag teacht chun cinn sa Ghearmáin i dtús na naoú haoise déag a chruthaigh freagairt Ghoethe dó. Chruthaíonn impiriúlachas náisiúnach an Renaissance litríocht ina íomhá féin. Feileann sé don dearcadh sin go mbeadh fathaigh liteartha ann a sheasann d'oireachas agus d’ardchéimíocht an náisiúin agus a léiríonn a ollmhaitheas os cionn cách – über alles – mar a sheasann an Eiger os cionn sléibhte an nAlp – an íomhá beagáinín leamh a d’úsáid Goethe féin ag caint ar Shakespeare dó. Seasann Goethe do náisiún na Gearmáine mar a sheasann Shakespeare do náisiún Shasana – agus bhí a fhios aige é.
Ach abair mura nglacann muid le príomaíocht an duine aonair, le hardchéimíocht an náisiúin, le forlann an chultúir seo againn féin, le ceartas an choncais agus an choilínithe, le cead an phlandálaí magadh faoi Ghaeil agus caitheamh anuas ar Ghiúdaigh? Cá bhfágann sé sin Shakespeare? Cá bhfágann sé Goethe?

1 commentaire: