lundi 10 mai 2010

Rún na garraíodóireachta


An tráthnóna faoi dheireadh agus an ghrian ag dul faoi, mórán mar atá sí ag déanamh anois, i bhfallaing sheomra dheargóir, bhí mé an-bhuíoch go raibh leithscéal agam a bheith amuigh: an gairdín. Sin é é, a dúirt mé liom féin, sin é rún na garraíodóireachta. Leithscéal atá ann dul amach sa dea-aimsir. Tá leithscéalta eile ann: galf, an madra, siúlóid. Ach is beag ceann ar féidir oiread céanna ama a chaitheamh leis agus atá a bheag nó a mhór faoi do smacht féin. Go dtí seo bhí mé ag breathnú ar an ngarraíodóireacht mar obair, mar dhualgas. Nach orm a bhí an dul amú.

Mar chomhartha ar an aoibhneas a bhaineann leis an bheith amuigh seo (garraíodóireacht) theastaigh uaim pictiúr de thom aitinn a phostáil - tháinig an boladh ar an aer chugam gan choinne agus mé i mbun 'garraíodóireachta' - cócónat éalaitheach le hiarracht lag de cholainn agus chuimhne - ach féach gur bhain An Códú an bhearna díom. Tá an pictiúr seo agamsa tógtha le cúpla lá ach ní fhaighim deis ar an idirlíon chomh minic sin na laethanta seo. Ach ar aon chuma, cár mhiste aiteann eile.

mercredi 28 avril 2010

Splanca tintrí


Diúltaím ó bhonn don smaoineamh go bhfuil seanleaid neamhbhásmhar éigin ag siúl thart i ndiminsean eile, nach é an diminsean seo againne é ach atá teorantach leis ar bhealach éigin - agus é ag caitheamh splanca tintrí isteach sa saol seo againne díreach ar mhaithe le cur as dúinn; Zeus nó Séas abair nó a leithéidí sin; Bolcán nó Vulcanus nó Hephaestos i gcás nithe a tharlaíonn faoin talamh.


Tá a fhios agam gur féidir le tintreach cur as do línte gutháin agus cáblaí idirlín ach ní hé sin a tharla sa chás seo agamsa - agus atá ag tarlú dom go rialta le tamall de mhíonna anuas - ach easpa smaoinimh agus easpa éifeachta an duine. Má théann tú ag tochailt poill sa bhóthar féach, le do thoil, nach bhfuil aon línte gutháin nó cáblaí idirlín ann...

Ach táim féin chomh dona le duine. Nuair a thosaigh an tochailt ar an tsráid lasmuigh den leabharlann anseo níor chuimhnigh mise ar shreanga ná ar cháblaí. Deirtear liom go bhfuil an fhadhb réitithe ach tá mo mhuinín as cumas an duine smaoineamh - mo chumas smaointe féin san áireamh - pollta.

Murar féidir liomsa smaoineamh i gceart ar rudaí atá ag tarlú faoi mo shrón gach lá a dtéim ag obair an ceart dom iontas a dhéanamh de murar féidir le daoine eile léamh mar is cóir ar rudaí atá ag tarlú na mílte méadar suas sa spéir os a gcionn, rudaí nár tharla riamh cheana lena linn, seans? Ach bhí géarchéim ann, a deir tú. Níl aon fhianaise ann go bhfios domsa go smaoiníonn daoine níos fearr agus níos éifeachtaí le linn géarchéime.

Céard é an chéad splanc eile? Ag dia éigin atá a fhios. Ach ní hionann fios agus freagracht.

vendredi 9 avril 2010

Teagmháil agus tnúthán agus scoláireacht


Ag cur ar son na scoláireachta trí Ghaeilge atá mé san aiste liom i bhFeasta na míosa seo. Mar a deirim ansin, má scríobhann scoláire Gaeilge leabhar i mBéarla gan a chomh-mhaith de leabhar i nGaeilge a chur amach, is buille in aghaidh na Gaeilge í sin. Treisíonn an gníomh sin cultúr anglafónach na hÉireann - cultúr craosach nach mbíonn riamh sásta gan gach uile shórt a tharraingt chuige féin - come all to me, come all to me, mar a deireadh an tseanchailleach phiseogach a bhíodh ag iarraidh im na gcomharsan a ghoid. Lagaítear cultúr na Gaeilge gach uair a roghnaíonn scoláire Gaeilge scríobh i mBéarla agus gan scríobh i nGaeilge faoin ábhar céanna.

Sin ráite tá ábhar intleachtach scolártha le fáil i nGaeilge a choinneoidh lón intinne leis an intleachtaí is ocraí. Luaim dhá cheann san aiste:
Fin de Siecle na Gaeilge le Brian Ó Conchubhair (Cló Iarchonnachta / An Clóchomhar) agus Johannes ó Éirinn agus Máistrí an Gréige: léamh ar shaothar Johannes Scottus Eriugena le hEoghan Mac Aogáin (Coiscéim).

Leabhar eile atá tarraingthe anuas den tseilf agam anois díreach
Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge le Marie Whelton (An Sagart). D'fhéadfadh sé go bhfuil an leabhar sin ar cheann de na staidéir is tábhachtaí ar an bhfilíocht agus ar an nualitríocht a foilsíodh le tamall de bhlianta. Tá an coincheap den 'apastróf' a úsáideann sí fairsing agus leitheadach ag tadhall le réimsí na reitrice, na diagachta, láithriú na filíochta, agus le ceisteanna a bhaineann go díreach le cultúr féinlárnach nó egolárnach an lae inniu.

Ó! Agus rud eile! teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.



google-site-verification: google0fc9fb33630665ec.html

mardi 16 mars 2010

Lá Fhéile Pádraig i Mullach Íde


Sin é an teideal ar an aiste is déanaí le Cailliomachas in Feasta na míosa seo. Ag labhairt faoi phictiúr le Erskine Nicol atáim. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuilim ábhairín cantalach san aiste seo. Ach má tá féin is ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis na Gaeil é - an seanscéal gan aos oifigiúil an Bhéarla a bheith ag tabhairt aon airde orainn.

Rud nach miste dom a mhíniú: cé tá i gceist agam nuair a deirim 'Gael'? Go simplí, gan cur chuige ná uaidh, aon duine a labhraíonn Gaeilge.

Téarma idirnáisiúnta, trasnáisiúnta, ilnáisiúnta is ea 'Gael' agamsa. Cinnte ní téarma náisiúnta nó náisiúnaíoch agam é. Níl aon bhaint aige le náisiúntacht ná fiú ná le saoránacht ná - i bhfad uainn an anachain - le DNA.

Tá a fhios agam go bhfuil an úsáid seo agamsa bun os cionn leis an úsáid a bhaintí as an bhfocal san am atá thart. Sa Leabhar Gabhála agus i scoileanna na bhfilí, chiallaigh an focal, 'Gael' nó 'Goídel' duine de chlann Mhilesius nó Míl Easpáine, a bheag nó a mhór. San ochtú haois déag chiallaigh sé duine a raibh 'Ó' nó 'Mac' sa sloinne aige. In aimsir na hathbheochana féachadh lena úsáid agus an bhrí 'Éireannach' leis.

Ní mar sin domsa - agus sin é an fáth nach n-úsáidim an focal chomh minic sin - ar fhaitíos na míthuisceana.

Ach is maith liom a cheapadh go bhfuil an leagan amach agamsa i dtiún le Bunreacht Chonradh na Gaeilge.
Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.
Is maith liom a cheapadh, chomh maith, go bhfuil sé ag teacht, ar bhealach éigin, leis an méid seo a scríobh Amhlaoibh Ó Súilleabháin in Aibreán 1831.
Is clos dom gurb í an teanga Ghaelach is teanga mháthartha i Montserrat san India Thiar ó aimsir Oilibher Cromaill, noch do dhíbir cuid de chlanna Gael ó Éirinn gusan Oileán sin Montserrat. Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána. Maise mo ghrá na díbeartaigh bhochta Ghaelacha. Cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael.
Agus bíodh sé sin mar bheannacht uaimse chugaibhse Lá Fhéile Pádraig. Bainigí sult as.

dimanche 14 mars 2010

Dí-ainm


Idir bhrú oibre agus bhrú fola (atá smachtaithe anois cuid mhaith le diansuaimhneasú) agus turais go leor as baile, níl ag éirí liom mórán blagála a dhéanamh.

Sin agus rud eile: go bhfuil an clóca dí-ainm - Cailliomachas - ag tosú ag goilliúint orm, méid áirithe. Go háirithe tar éis dom post Dennis chuig an gCainteoir Dóchais a léamh. B'fhéidir gur dearcadh piúratánach atá agam (agus mar leigheas air sin b'fhéidir gur mithid dom aiste Wilde faoi ealaín na bréagadóireachta a léamh arís) ach fós tá an cheist á cur agam orm féin: céard is fiú do chuid tuairimí mura bhfuil tú sásta seasamh leo trí d'ainm ('fírinneach') a lua leo? Cén fáth an mbeifeá ag súil go léifeadh daoine eile iad mura bhfuil tú féin sásta tú féin a cheangal leo mar dhuine aonair, mar shaoránach neamhspleách.

Ar dtús shíl mé go dtabharfadh an phostáil dí-ainm, an neamhainmníocht, saoirse dom - dála an duine óig sa chathaoir mhóir a deir leis féin gur féidir leis a rogha rud a dhéanamh anois toisc nach bhfuil a fhios ag duine ar bith cé hé. Tá sin fíor go pointe - tá saoirse áirithe agam. Ach tá rud éigin cladhartha ag baint leis an tsaoirse chéanna. Agus más cladhaire féin mé ní maith liom é sin a admháil dom féin. Ar an ábhar sin féachaim leis an gníomh cladhartha a sheachaint agus is ciorrú ar an tsaoirse dhí-ainm sin.

Toisc nach maith liom a bheith i mo chladhaire amach is amach coinním siar. Tá rudaí áirithe nach ndeirim. Go háirithe faoi dhaoine lasmuigh de shaol na blagála. Ach da mbeinn ag scríobh faoi m'ainm sa saol lasmuigh (lasmuigh?) b'fhéidir nach ndéarfainn tada. Níl aon réiteach ar an bhfadhb fós agam. Mar sin, leanfaidh mé orm chomh fada is a ligeann an dá bhrú eile orm a dhéanamh.

Agus rud eile: teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.

lundi 1 mars 2010

Géarchéim


Ag caint le daoine thar an deireadh seachtaine a bhí i láthair ag an Tóstal ar Bhóthar na Trá i nGaillimh agus le daoine eile a bhí ag an gcruinniú de Chomhchoiste na Dála in Indreabhán. 'Géarchéim,' is cosúil, an focal is fearr a dhéanann cur síos ar shuíomh na Gaeilge sa Ghaeltacht de réir mar a thuigimse uathu. Is iad na daoine óga atá ag roghnú an Bhéarla in ionad na Gaeilge is cosúil, mar ghnáth-theanga eatarthu féin, agus sin ainneoin dícheall na dtuismitheoirí Gaeilge a choinneáil leo. Sin mar a tharlaíonn i gcás go leor teangacha atá i gcontúirt, agus tá 4000 de os cionn 6000 teanga ar fud an domhain i gcontúirt mhór.

Ba éard a bhí na pobail Ghaeltachta ag rá leis an gComhchoiste Dála go gcaithfear an Ghaeltacht a láidriú ó thaobh institiúidí de: Údarás na Gaeltachta, cúrsaí oideachais, cúram daoine óga. Úsáideadh an focal géarchéim sa chomhthéacs sin freisin.

Tá an moladh agamsa déanta anseo thíos, ach aisteach go leor ní cosúil go ndúirt aon duine é sna téarmaí loma céanna a dúirt mise é. Is é sin céatadán suntasach de na postanna nua sa státseirbhís a chur i leataobh do dhaoine a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga.