dimanche 14 mars 2010
Dí-ainm
Idir bhrú oibre agus bhrú fola (atá smachtaithe anois cuid mhaith le diansuaimhneasú) agus turais go leor as baile, níl ag éirí liom mórán blagála a dhéanamh.
Sin agus rud eile: go bhfuil an clóca dí-ainm - Cailliomachas - ag tosú ag goilliúint orm, méid áirithe. Go háirithe tar éis dom post Dennis chuig an gCainteoir Dóchais a léamh. B'fhéidir gur dearcadh piúratánach atá agam (agus mar leigheas air sin b'fhéidir gur mithid dom aiste Wilde faoi ealaín na bréagadóireachta a léamh arís) ach fós tá an cheist á cur agam orm féin: céard is fiú do chuid tuairimí mura bhfuil tú sásta seasamh leo trí d'ainm ('fírinneach') a lua leo? Cén fáth an mbeifeá ag súil go léifeadh daoine eile iad mura bhfuil tú féin sásta tú féin a cheangal leo mar dhuine aonair, mar shaoránach neamhspleách.
Ar dtús shíl mé go dtabharfadh an phostáil dí-ainm, an neamhainmníocht, saoirse dom - dála an duine óig sa chathaoir mhóir a deir leis féin gur féidir leis a rogha rud a dhéanamh anois toisc nach bhfuil a fhios ag duine ar bith cé hé. Tá sin fíor go pointe - tá saoirse áirithe agam. Ach tá rud éigin cladhartha ag baint leis an tsaoirse chéanna. Agus más cladhaire féin mé ní maith liom é sin a admháil dom féin. Ar an ábhar sin féachaim leis an gníomh cladhartha a sheachaint agus is ciorrú ar an tsaoirse dhí-ainm sin.
Toisc nach maith liom a bheith i mo chladhaire amach is amach coinním siar. Tá rudaí áirithe nach ndeirim. Go háirithe faoi dhaoine lasmuigh de shaol na blagála. Ach da mbeinn ag scríobh faoi m'ainm sa saol lasmuigh (lasmuigh?) b'fhéidir nach ndéarfainn tada. Níl aon réiteach ar an bhfadhb fós agam. Mar sin, leanfaidh mé orm chomh fada is a ligeann an dá bhrú eile orm a dhéanamh.
Agus rud eile: teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn.
Inscription à :
Publier les commentaires (Atom)
Ní thuigim go beacht. Tá domhan na Gaeilge an-bheag, agus tá níos lú daoine fós ann a shaothraíonn na teanga mar a dhéanann tú féin. Ní féidir a bheith “ar nós an duine óig sa chathair mhór” i mBaile na Gaeilge!
RépondreSupprimerIs féidir: má chaitheann tú an clóca dí-ainm. Nó ba é sin a shíl mé. Nílim cinnte níos mó.
RépondreSupprimerBhuel, is Mise Áine, agus is léir cé mé féin, ceapaim, ach bainim úsáid as an neamhainmníocht sin atá luaite agat, a Chailliomachais, agus daoine ar m'aithne, nó daoine muinteartha liom, mar ábhar sa bhlag agam - cé go bhfaighim cead uatha i gcónaí scéal a roinnt sula roinnim é! Is é mo thuairim, ar aon nós, go mbeidh a fhios ag daoine, tar éis tamaill, cé tú féin, agus ní scríobhaim a dhath a ghortódh aon duine - tá súil agam!
RépondreSupprimerAch, mar is eol daoibh, a Dennis agus a Chailliomachais, ní réiteoidh gach duine le gach atá le rá againn, agus ní dochar sin, mar sin mar atá an saol - chuile dhuine agus a fhírinne féin acu.
Áthas orm go bhfuil do bhrú fola faoi smacht agat, a chara, ach ní féidir an rud céanna a dhéanamh le meon an duine, mar sin, bí ag 'claidhreacht' leat...;-)
B'fhéidir nár chóir aistí tráchtaireachta ná tuairimíochta a fhoilsiú mura bhfuil na húdair sásta a n-ainm a chur leo. Bheadh drogall orm a leithéid a dhéanamh cibé ar bith.
RépondreSupprimerAch sílim gur rud eile ar fad é aistí cruthaitheacha a fhoilsiú faoi ainm pinn. Ní ar ainm an údair ach ar chaighdeán na scríbhneoireachta iontu a bhraitheann fiúntas an tsaothair liteartha. Caithfidh siad a mbealach féin a dhéanamh sa saol, gan chabhair ón tuiste a ghin iad.