vendredi 28 janvier 2011

Turas in aisce

An Dart - Níl sé ann fós!
Aistriúcháin phoiblí ag tarraingt m'airde le tamall anois. Tharla go raibh mé ar an Luas i mBaile Átha Cliath dhá lá ó shin agus thaitin sé liom an chaoi a raibh na stadanna á dtabhairt amach i nGaeilge chomh maith le Béarla. B'fhearr an traein mhór a raibh mé ag taisteal uirthi ina dhiaidh sin - thaitin sé liom an chaoi a raibh an Ghaeilge agus an Béarla cothrom. Bhí an Ghaeilge chun tosaigh: "Cuireann Iarnróid Éireann fáilte romhaibh ar bord; seo é an traein go ...." agus mar sin de (ní cuimhin liom na focail go beacht) agus nóiméad ina dhiaidh sin an Béarla. Anois agus an Straitéis 20 Bliain ann (súil agam píosa a scríobh faoi in Feasta) ba cheart go mbeadh muid ag dul i dtreo an dá theanga a bheith cothrom ar fad go poiblí. Tá an Dart ag dul sa treo sin ach níl sé ann fós - níl sé ann fós, níl sé ann fós.

Rud a chuireann i gcuimhne dom nathán a chonaic mé ar na bacainní iontrála ar an mbealach isteach go stáisiún traenach tamaillín ó shin. Bhí an bhacainn fágtha ar oscailt agus scríofa san fhuinneoigín os cionn sliotán na dticéad bhí na focail: "turas in aisce".  Thaitin an débhríocht liom. Chiallaigh an nathán nár ghá dom íoc as an turas. Nó chiallaigh sé an turas a bhí le déanamh agam, nach mbeadh aon toradh air, nach bhfaighinn an rud a bhí uaim, nach mbeadh an éadáil,  an bronntanas, an t-eolas, an comhluadar, an gáire nó an phóg a raibh mé ag dúil léi ag ceann scríbe ní bheadh sí ar fáil dom ag ceann scríbe. Nó b'fhéidir gur mhí-aistriú a bhí ann agus go gciallaíonn "turas in aisce" rud éigin eile ar fad.

7 commentaires:

  1. "Bhí an bhacainn fágtha ar oscailt agus scríofa san fhuinneoigín os cionn sliotán na dticéad bhí na focail: "turas in aisce"."

    Sílim go bhfaca Aonghus an comhartha céanna.

    RépondreSupprimer
  2. Nach mbeidís in ann “saor” a chur ann gan dua? Tá an spás ann, agus níl sa teachtaireacht ach patrún ar “electronic reader board” (clár léitheoireachta leictreonach?).

    RépondreSupprimer
  3. Sílim gur chuimhin liom tagairt ag Aonghus don nathán ach chinn orm é a aimsiú. Cinnte níorbh fhadhb "saor" nó "gan íoc" a chur isteach ach ritheann sé liom go mb'fhéidir gur jóc beag ag an aistritheoir Gaeilge é.

    RépondreSupprimer
  4. Níl ach Ceann Scríbe amháin ann domsa...;-)

    RépondreSupprimer
  5. Mar a deir siad, a Áine: Is maith liom é!

    RépondreSupprimer
  6. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    RépondreSupprimer