jeudi 17 février 2011

Enda éigeantach?

Na Ceannairí ag díospóireacht ar TG4 16 Feabhra 2011
 
Bhuel, tá a fhios againn anois é. Rogha pearsanta é (‘whim’ sílim an t‑aistriú Béarla a chonaic mé le mo shúil eile sna fotheidil). Níl aon taighde déanta ag Enda ná ag a pháirtí ar cheist na Gaeilge éigeantaí, níl aon bhunús eolaíochta, sochtheangeolaíoch, nó eile leis an gcinneadh. Tá sé dochreidte go mbunódh ceannaire páirtí (ceannaire stáit?) polasaí chomh tábhachtach le Polasaí Gaeilge ar mhothúchán pearsanta, cuma cé chomh ionraic agus cé chomh macánta is atá na mothúcháin chéanna.

Sula mbreathnaím ar cheist na Gaeilge, ba mhaith liom a rá gur thaitin an díospóireacht liom agus shíl mé go raibh sé chomh maith le haon rud a bhí feicthe cheana agam. An seanscéal, bígí ag damhsa ach ná cuirigí cos amú. Agus níor chuir. Ar an gcaoi sin chuir Enda lena sheansanna (an taoiseach éigeantach faoin am seo?) mar bhíomar ag ceapadh go gcuirfeadh sé cos amú. Ach d'éirigh le Éamon agus le Micheál ó thaobh phobal na Gaeilge de, cheapfainn, sa mhéid is go raibh siad chomh láidir sin ar son stádas an Gaeilge san Ardteist. Ach bhí sé go maith iad ar fad a chloisteáil chomh dearfa sin faoin Údarás agus faoin Straitéis i gcoitinne. Is í ceist na Gaeilge dáiríre a thug úire don díospóireacht.

Ach an raibh an ceart ag Enda nach bhfuil ach aon ábhar amháin ‘éigeantach’ san Ardteist? An Ghaeilge. Níl féidir liom a dhéanamh amach. Ní hamháin go bhfuil suíomh idirlín na Roinne Oideachais agus Scileanna amscaí agus easnamhach – agus i mBéarla den chuid is mó – ach tá an dá ráiteas a d’aimsigh mé ann ag teacht salach ar a chéile
.
Thabharfadh an freagra ar an gceist choitianta seo maidir le pointí i gcomhair traenáil múinteoireachta le fios go bhfuil trí ábhar éigeantach ann: Gaeilge, Béarla agus Mata.
Do I have to count the compulsory subjects for points?
No; while you must secure the specified minimum standard in Irish, English and Maths, you need not necessarily count those subjects for points. Your points will be calculated on your best six subjects, regardless of which subjects those are.
 Os a choinne sin, seo a ndeirtear faoin Ardteist féin:
Pupils following the established Leaving Certificate programme must take at least five subjects, including Irish.

 B’fhéidir go bhfuil dearcadh na Roinne Oideachais doiléir bíodh is go ndeir an blagaire Béarla seo gur shoiléirigh Mary Hanafin an scéal d'Enda sé bliana ó shin ag tabhairt le fios nach raibh ach an Ghaeilge éigeantach. Nó b’fhéidir go bhfuil dhá rud á mheascadh anseo. Polasaí na Roinne Oideachais agus na riachtanais iontrála i gcomhair coláistí agus institiúidí tríú leibhéal a bhíonn á bpróiseáil ag an Lár-Oifig Iontrála. Tá na riachtanais sin leagtha amach anseo agus anseo d'institiúidí teicneolaíochta. Mar is léir tá Gaeilge, Béarla agus Mata éigeantach i gcásanna áirithe agus níl i gcásanna eile. I gcásanna na nInstitiúidí Teicneolaíochta, má thuigim an scéal i gceart, tá an Mata riachtanach agus ceachtar acu Gaeilge nó Béarla.

Ach seo é an pointe. Tá an Ghaeilge ag iarraidh tacaíochta mar nach í gnáth-theanga fhormhór mhuintir na hÉireann í. Bheadh athrú i stádas na Gaeilge tubaisteach i gcomhthéacs na tíre uile agus i gcomhthéacs na tacaíochta a thugann pobal Béarla na tíre don Ghaeilge tríd an stádas san Ardteistiméíreacht. Ach maidir le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta féin, is éard tá uainne Roinn Oideachais dár gcuid féin.


5 commentaires:

  1. Delenda est Marlboro!

    Ach sílim go bhfuil Roinn Oideachais de dhíth ar an dtír ar fad - i bhfianaise na torthaí Mata & rl a bheith ag sleamhnú.

    Níl i staid na Gaeilge ach comhartha den teip forleathan a bhfuil an Roinn Éadóchais freagrach as.

    RépondreSupprimer
  2. Cinnte, a Aonghuis, tá gá le Roinn Oideachais de shaghas éigin. Creidim gur cheart go mbeadh oideachas gasúir na Gaeilge agus na Gaeltachta i lámh lucht labhartha na teanga, ní i lámha Béarlóirí gan aghaidh gan ainm i mBaile Átha Cliath. Ach ní faide gob an ghé ná gob an ghandail. Teastaíonn córas ceart oideachais ó phobal Béarla na tíre agus fhoghlaim líofacht Ghaeilge san áireamh ansin.

    RépondreSupprimer
  3. Chuala mé iriseoir ar an raidió inné, agus dúirt sí nach raibh sí riamh in ann freagra na ceiste sin, 'nach bhfuil ach aon ábhar amháin ‘éigeantach’ san Ardteist?', a fháil ón Roinn.

    Feictear dom nach bhfuil an Roinn féin cinnte agus, más mar sin atá, is léir go gcaithfear slacht de shaghas éigin a chur ar an Roinn sin!

    RépondreSupprimer
  4. Trua nach é sin an t-aon fhadhb leis an Roinn sin.

    RépondreSupprimer
  5. 'Mífheidhmiúil' an téarma a d'aimsigh mé ar focal.ie ar maidin. Feictear dom nach teaghlaigh amháin a bhíonn mífheidhmiúil. Faiteach nó cad?

    RépondreSupprimer