lundi 18 octobre 2010

Ficheall


Tá a fhios agam gur fir fichille de shaghas eile a bhí i gceist anseo, ach fós nuair a léigh mé an píosa ag Mise Áine, ní fhéadfainn gan smaoineamh ar an leabhar nua gleoite seo agus é a bhaint anuas den tseilf. Ní hamháin gur leabhar gleoite é Ficheall le hÚna O Boyle, ach is leabhar iontach faoin bhficheall é. Ní fhéadfadh leabhar níos fearr a bheith ag an té ar mhaith leis an cluiche a fhoghlaim agus is leabhar an-mhaith freisin é don té ar mhaith leis feabhas a chuir ar a chuid imeartha. Tá eolas ar Úna agus ar a leabhar anseo.

Ná déan bagairt gan smaoineamh roimh ré.

Ná tóg amach do bhanríon róluath.

Má tá tú i suíomh lag, is í an chosaint is fearr in aghaidh ionsaí...


4 commentaires:

  1. 'is í an chosaint is fearr in aghaidh ionsaí...

    ...ach súil a choinneáil ar na caisil chliste!

    Is cuimhin liom go maith m'athair féin ag múineadh fichille dom, a Chailliomachais, agus is aoibhinn liom gur thug tú an radharc sin ar ais ar shúile m'aigne arís...:-)

    Faraor, is i mBéarla amháin a d'fhoghlaim mé na moves, agus tá dearmad déanta agam ar a bhformhór.

    Go raibh maith agat as m'aird a tharraingt ar an leabhar seo. Dá mbeadh sé agam in am don bhlagmhír sin, seans go mbeadh i bhfad níos mó scríofa agam...;-)

    RépondreSupprimer
  2. An bhfuil aon rud le rá aici faoin mBallinderry Game Board a frítheadh sa bhliain 1932?

    RépondreSupprimer
  3. B'iontach an bealach é an leabhar seo, shílfinn, a Áine, dá dteastódh uait teacht isteach ar an bhficheall arís, idir mhoves is gach rud.

    Agus ós ag caint ar chaisil chliste dúinn chuir sé rud eile i gcuimhne dom a chuirfidh mé suas mar bhlagmhír go luath.

    Ach, a Dennis, tá an leabhar tiomnaithe don chluiche clasaiceach. D'imríodh Cú Chulainn ficheall, deir an t-údar, agus ansin láithreach, geall leis, díríonn sí ar théarmaí an chluiche agus téann ar aghaidh céim ar céim uaidh sin.

    RépondreSupprimer
  4. Tá dealramh an-deas air.
    Thosaigh mé ag imirt arís le déanaí, tar éis bearna fhada gan ach cúpla cluiche imearta agam. Tá cairde agam atá i bhfad níos fearr ná mise (Rúisigh, dar ndóigh), ach fuair mé duine ar chomhchéim liomsa freisin.

    RépondreSupprimer