mardi 18 mai 2010

Sicín labhrais le hanlann oráiste

Seo béile a réitigh mé cúpla lá ó shin. Oideas de mo dhéantús féin é. Do dhuine amháin é ach ní bheadh sé deacair cur leis de réir mar a theastódh. Tugaimse sicín labhrais le hanlann oráiste air. Brollach sicín atá i gceist a cuireadh i maranáid – nó ar maos – ar feadh dhá uair a chloig ar a laghad. Bruitear san oigheann ansin é. Réitigh mé dingeacha prátaí agus scamhadh cairéid le dul leis.

Ní feoilséantóir mé, is léir. Os a choinne sin nílim gan bá leo siúd a shéanann an fheoil agus leo siúd a shéanann ábhar ainmhíoch. Mar shampla, ritheann sé liom go bhfuil gá againn le hanlanna le sicín anois mar gheall ar an gcaoi bharbartha a dtairgtear cuid mhaith feola – na mílte sicíní sáinnithe i gcliabháin mar shampla. Trí bhrollach sicín a cheannach in ollmhargadh táimse ag tabhairt tacaíochta do mhodh tairgthe nach n-aontaím leis agus ag léiriú easpa atrua do chréatúir eile na cruthaitheachta seo. Goilleann sin orm. Os a choinne sin, tar éis lá oibre amuigh faoin aer, ag an deireadh seachtaine, bhain mé an-sult an an mbéile seo.

Comhábhair

An Fheoil
Brollach sicín

An Mharanáid
2 spúnóg boird ola olóige
½ gloine fíona (geal is fearr agus den chineál a bheidh tú ag ól leis an mbéile más féidir – ag glacadh leis go mbeidh tú ag ól fíona leis an mbéile)
sú oráiste
taespúnóg anlann soighe
duilleog nó dó sáiste
slám duilleoga úra labhrais

Anlann oráiste
spúnóg milseoige de phlúr bán
cnap maith ime
beagán uisce
sú leath oráiste

Le dul leis
trí phráta (nó pé méid is maith leat)
cairéad tiubh

Modh

Cuir an sicín ar maos sa mharanáid tamall roimh ré.

Gearr na prátaí ar a bhfad in ocht slisne. Má tá na slisní rómhór ansin gearr trasna arís iad. Caith iad timpeall i mbabhla a bhfuil spúnóg boird ola olóige ann. Sula dtógann tú amach iad caith roinnt gráinní salainn orthu. Féadfaidh tú do rogha luibheanna triomaithe a chur leo freisin. Tóg amach ansin iad agus cuir ar leathán bácála iad agus cuir san oigheann iad ag teas (180°C nó 200°C nó marc 6). Ba cheart go mbeidís bruite go maith faoi cheann trí cheathrú uaire.

Agus sin déanta, réitigh mias bácála don sicín. Réitigh mise mar seo é. De bhrí go raibh crann labhrais bearrtha agam, bhrís mé suas cipíní ón gcrann agus chuir mé in íochtar na méise iad, thart ar trí shraith de chipíní muin marc ar a chéile agus cúig nó sé cipín i ngach sraith. Idir na cipíní chuir mé trí dhuilleog labhrais. Chuir mé gloine uisce anuas air sin ach níor chlúdaigh mé na cipíní ar fad.

Tóg an brollach sicín as an maranáid agus lig dó sileadh beagán. Leag anuas ar na cipíní sa mhias é. Cuir beagán scragaill anuas air, ach ná clúdaigh an mhias ar fad leis, díreach dóthain leis an sicín a choinneáil ó dhó. Féadfaidh tú an scragall sin a bhaint deich nóiméad nó mar sin roimh dheireadh na cócaireachta. Cuir é sin san oigheann leis na dingeanna prátaí. Beidh thart ar leath uaire an chloig ag teastáil uaidh.



Fáisc an sú as leath den oráiste. Déan roux leis an im agus an bplúr – leáigh an t im i bpota beag agus measc an plúr leis agus bruith iad ar feadh trí nóiméad nó mar sin, ag oibriú na spúnóige adhmaid i gcónaí. Bain den teas é agus cuir spúnóg boird uisce leis, á mheascadh i gcónaí. Coinnigh ort ag cur uisce leis de réir a chéile mar sin agus á meascadh go dtí go mbíonn ina leacht tiubh. Cuir an sú oráiste leis. Cuir ar ais ar an teas é agus fiuch é. Bain fiuchadh bog as go ceann trí nóiméad nó mar sin. Bain den teas é agus coinnigh te é.

Glan an cairéad. Tosaigh á scamhadh le scamhaire agus lean ort go dtí go mbeidh carn deas scamhadh agat agus cipín de chairéad. Ní gá duit an chéad scamhadh a choinneáil murar maith leat.

Cúpla nóiméad sula dtógann tú na prátaí agus an sicín as an oigheann cuir uisce ag fiuchadh. Cuir beagán salainn ar an uisce. Nuair tá sé ar fiuchadh caith an scamhadh cairéid isteach ann. Tabhair cúpla nóiméad dó – nóiméad nó mar sin tar éis don uisce fiuchadh arís. Ansin tóg an scamhadh amach arís agus cuir ar phláta é. Idir an dá linn beidh an sicín tógtha as an mias agat agus na prátaí curtha ar an bpláta freisin (ag glacadh leis go bhfuil bruite chun do shástachta).

Bain sult as.

7 commentaires:

  1. Beidh sé seo ar bhiachlár Dhubhaltaigh anocht.

    RépondreSupprimer
  2. Súil agam go dtaitneoidh sé leat, a Dhubhaltaigh.

    RépondreSupprimer
  3. Nach féidir leat sicíní free range nó rud éigin mar sin a cheannach le faoiseamh a thabhairt do do choinsias?

    RépondreSupprimer
  4. Cuardaím 'free range' cinnte ach ní i gcónaí a bhíonn siad ar fáil. Cuimhním ar rud a dúirt Francach éigin nach bhfuil agam i gceart - rud éigin mar seo: fimíneacht, sin an breab a íocann ár gcuid duáilcí lenár gcoinsias len é a choinneáil ciúin.

    RépondreSupprimer
  5. Bhí sé sin an-bhlasta a chara, go raibh maith agat.
    Agus is iontach an rud é ach seo an chéad oideas Gaeilge atá i mo leabhar oidis

    RépondreSupprimer
  6. An-áthas orm sin a chloisteáil, a Dhubhaltaigh. Caithfidh mé smaoineamh ar chúpla ceann eile a phostáil, nuair a bheidh siad agam.

    RépondreSupprimer