Tá sí faoi bhláth faoi dheireadh, an sceach gheal. Bhuel, le bheith féireáilte di tá sí faoi bhláth le seachtain nó deich lá anois. Ach bhraith mé go raibh sí mall i mbliana. Ar aon chuma sin thuas pictiúr a thóg mé agus mé faoin tuath ag an deireadh seachtaine.
Is le scrios Chathair Chonstaintín i 1453 a chuireann Maurice Craig tús lena leabhar breá ar Bhaile Átha Cliath, Dublin 1660-1860, is é sin le scaipeadh na scoláirí is na lámhscríbhinní tar éis na gabhála sin agus an chaoi ar chuidigh a n-athdháileadh leis an Renaissance san Eoraip. Leanann sé air sa dara halt:
Like a seismic ripple or the last reverberation of a tidal wave, this great Levantine catastophe spread its rings until, two hundred years later, a little wave washed up the sands of a remote western shore, and James Duke of Ormonde stepped out of his pinnace on to the sands of Dublin Bay. The Renaissance, in a word, had arrived in Ireland. It was July the 27th in the year 1662. The peasantry welcomed him on the shore, dancing and strewing flowers in his path. They sang, in Irish, 'Thugamar féin an samhra linn.'Ní hiad bláthanna na Bealtaine a chaith siad roimhe is léir ná ní mó ná sásta a bhí Dáibhí Ó Bruadair le Diúc Urmhumhan a theacht go hÉirinn.
Bunting a bhí mar fhoinse eolais ag Craig. 'It was sung,' arsa an bailitheoir cáiliúil sa réamhrá dá chéad imleabhar, A General Collection of the Ancient Irish Music (1796), 'by the band of Virgins that went out of Dublin to welcome the Duke of Ormond when he landed in Ireland.' Má thug Séamas Buitléir an Renaissance leis - agus má ba mhaith ba mhithid is dócha - ba san ailtireacht é agus sin trí Bhéarla, is cosúil. Ar fhág sé Maighdeana an tSamhraidh ar an trá fholamh, mar sin? Ar aon chuma, tá an t-amhrán go deas agus níorbh aon stró ar mhuintir na príomhchathrach - bhí Gaeilge dhúchasach riamh i mBaile Átha Cliath - é a rá. Seo daoine eile a chanadh.
An dóigh leat go bhfuil sióga ina gcónaí sa sceach geal seo?
RépondreSupprimerCeist mhaith. Is dócha go bhfuil sióga i ngach sceach gheal agus gurb in é an fáth a ndeirtí gan na bláthanna a thabhairt isteach sa teach. Ach ansin tá sé seo ann: http://www.iol.ie/~clogheen/clogheen/clogpage/fairytre.html
RépondreSupprimer