lundi 31 mai 2010

Samhradh Samhradh



Is breá liom teacht ar phíosaí ar YouTube nach bhfuil mórán daoine tar éis breathnú orthu. Tháinig mé ar an gceann iontach seo inniu - saithe beach. Gan aon mhagadh, tá an samhradh tagtha. An bhfuil a fhios ag aon duine cé tá ag déanamh tráchtaireachta? Feictear dom go bhfuil fios a ghnótha aige.

4 commentaires:

  1. Tá an físeán seo agus na cinn eile sa tsraith chéanna thar a bheith suimiúil! Ní raibh a fhios agam gur mar sin a dhéantar é! Go raibh maith agat!

    RépondreSupprimer
  2. Níl a fhios agam cé hé an tráchtaire, ach is maith liom a mhodh oibre...:-)

    RépondreSupprimer
  3. Postáilte ag "Áthbhuí1", Áth Bhuí, Co. na Mí.

    B'fhéidir sleachta as clár teilifíse. Bhí guth cosúil le Dermot Somers, an sléibhteoir, ar chuid des na físeáin eile. Ach níl a fhios agam an mbíonn Dermot bainteach leis an mbeachadóireacht.

    RépondreSupprimer
  4. Gaeltacht na Mí, seans, mar sin a Mhíshásta? Go raibh maith agat.

    RépondreSupprimer