
Sin é an teideal ar an aiste is déanaí le Cailliomachas in Feasta na míosa seo. Ag labhairt faoi phictiúr le Erskine Nicol atáim. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuilim ábhairín cantalach san aiste seo. Ach má tá féin is ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis na Gaeil é - an seanscéal gan aos oifigiúil an Bhéarla a bheith ag tabhairt aon airde orainn.
Rud nach miste dom a mhíniú: cé tá i gceist agam nuair a deirim 'Gael'? Go simplí, gan cur chuige ná uaidh, aon duine a labhraíonn Gaeilge.
Téarma idirnáisiúnta, trasnáisiúnta, ilnáisiúnta is ea 'Gael' agamsa. Cinnte ní téarma náisiúnta nó náisiúnaíoch agam é. Níl aon bhaint aige le náisiúntacht ná fiú ná le saoránacht ná - i bhfad uainn an anachain - le DNA.
Tá a fhios agam go bhfuil an úsáid seo agamsa bun os cionn leis an úsáid a bhaintí as an bhfocal san am atá thart. Sa Leabhar Gabhála agus i scoileanna na bhfilí, chiallaigh an focal, 'Gael' nó 'Goídel' duine de chlann Mhilesius nó Míl Easpáine, a bheag nó a mhór. San ochtú haois déag chiallaigh sé duine a raibh 'Ó' nó 'Mac' sa sloinne aige. In aimsir na hathbheochana féachadh lena úsáid agus an bhrí 'Éireannach' leis.
Ní mar sin domsa - agus sin é an fáth nach n-úsáidim an focal chomh minic sin - ar fhaitíos na míthuisceana.
Ach is maith liom a cheapadh go bhfuil an leagan amach agamsa i dtiún le Bunreacht Chonradh na Gaeilge.
Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.Is maith liom a cheapadh, chomh maith, go bhfuil sé ag teacht, ar bhealach éigin, leis an méid seo a scríobh Amhlaoibh Ó Súilleabháin in Aibreán 1831.
Is clos dom gurb í an teanga Ghaelach is teanga mháthartha i Montserrat san India Thiar ó aimsir Oilibher Cromaill, noch do dhíbir cuid de chlanna Gael ó Éirinn gusan Oileán sin Montserrat. Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána. Maise mo ghrá na díbeartaigh bhochta Ghaelacha. Cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael.Agus bíodh sé sin mar bheannacht uaimse chugaibhse Lá Fhéile Pádraig. Bainigí sult as.