jeudi 4 février 2010

Cui bono?



Ag léamh léirmheasa ar an Irish Times dom Dé Sathairn ar leabhar le Caroline Alexander, The True Story of the Iliad, rith an cheist seo liom go fánach: An bhfuil an leabhar seo ag cur le saíocht agus cultúr an Bhéarla nó le saíocht agus cultúr na Gréigise? Le saíocht agus cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.


Mar sin na leabhair agus na haistí Béarla a scríobhtar oiread sin acu faoi litríocht agus faoi stair na nGael: An ag cur le saíocht agus le cultúr na Gaeilge atá siad nó le saíocht agus le cultúr an Bhéarla? Le saíocht agus le cultúr an Bhéarla gan dabht ar bith.


Go raibh maith agaibh a scoláirí.

6 commentaires:

  1. N'fheadar. Nach féidir go meallfadh a leithéidí daoine le dul ar tóir an mbunrud?

    RépondreSupprimer
  2. Cinnte. Ná níl aon rud agam in aghaidh leabhar agus aistí i mBéarla faoi stair agus saíocht na Gaeilge etc. Is maith ann iad. Ach ba mhaith liom a leithéid a fheiceáil i nGaeilge freisin. Ba mhaith liom léamh faoi Fhlaithrí Ó Maol Chonaire, mar shampla, i nGaeilge. Déarfainn gur mhaith le Flaithrí féin é, dá mba bheo dó. An t-ábhar gearáin atá agam gur i mBéarla amháin a scríobhann formhór na scoláirí seo sna réimsí léinn atá acu - bíodh is gurb í an Ghaeilge atá ag cur an t-ábhar ar fáil dóibh ar a saothraíonn siad a gcuid.

    RépondreSupprimer
  3. Dála an scéil, an bhfuil An Introduction to Early Irish Literature le Muireann Ní Bhrolcháin léite agat? Dúirt cara liom (scoláire Sean-Ghaeilge an bhfuil an Ghearmáinis mar mháthairtheanga aige) nach mbeadh sé ag súil le rud ar bith ró-shásúil uaithi. Ach cá bhfios? Ní bheidh deis agam súil a chaitheamhh air in aon siopa leabhar abhus anseo, mar sin ní féidir liom barúil a thabhairt de “saor in aisce”.

    RépondreSupprimer
  4. Ar aon nós is é mo bharúil ar uairibh gur sórt taithí ionadaí í a bhfuil gné mhíshásúil ag baint leis aistriúchán a léamh i do theanga féin de shaothar a scríobhadh i dteanga eile.

    Ach ní féidir teacht thart air sin go minic toisc an teanga eile gan a bheith ar ár dtoil againn!

    RépondreSupprimer
  5. Níor léigh mé leabhar Mhuireann Ní Bhrolcháin, a Dennis, agus níl sé ar bharr an liosta agam... agus maidir lena ndúirt do chara, mar a deireadh pearsa i gclár grinn Sasanach éigin 'I couldn't possibly comment.'

    Agus cinnte, Ormondo, tá 'coimhthíos' éigin ag baint le haistriúcháin áirithe, go háirithe domsa, aistriúcháin ar an nGaeilge, ach amanta braitheann sé ar an aistriúchán. Bhí mé sásta na blianta ó shin le Táin Thomas Kinsella - ach ní ró aon bhaol gur shíl mé gurb ionann é agus An Táin.

    RépondreSupprimer
  6. A Chailliomachais, nuair a léigh mé an mhír seo uait, chrom mé ar shraith a scríobh i mo bhlag féin faoi scríbhneoirí móra na Fionlainne, le cur le saíocht na Gaeilge. Níl an chéad mhír críochnaithe agam go fóill ach tá an leagan neamhchríochnaithe ann agus é le léamh cheana féin. http://gaeilgepanu.blogs.ie

    RépondreSupprimer