vendredi 8 janvier 2010

Drochscríbhneoireacht



Obair mhór atá i gceist le leabhar a scríobh agus bíonn an-leisce orm locht a fháil ar scríbhneoir ar bith. Ach caithfear admháil, tá a leithéid de rud agus droch-scríbhneoireacht ann - agus foilsítear cuid di. Táim ag léamh leabhair i mBéarla faoi láthair agus tá sé go dona; chomh dona sin nach dóigh liom go gcuirfí i gcló é dá mba i nGaeilge a scríobhfaí é.

Is maith liom scéalta bleachtaireachta agus mar is eol do léitheoirí Feasta d'éirigh liom a mbun is a lorg a chur le cabhair leabhar breá James Morton, The First Detective (Ebury Press, 2004). Ach is beag rud chomh dona le drochleabhar bleachtaireachta agus tá faitíos orm gurb in atá sa leabhar seo: Seventy-Seven Clocks le Christopher Fowler (Bantam Books, 2006).

Phioc mé suas é mar léitheoireacht do na laethanta saoire agus bhí sé de cheart agam a leagan uaim ach bíonn leisce orm sin a dhéanamh le leabhar ar bith; fiú is gur léigh Postern of Fate le hAgatha Christie arbh é an leabhar ba mheasa dár léigh mé riamh é (ba é a ceann deireanach é).

Tá leabhar Fowler treallach agus beagéifeachtach lán le mistéireachas gan bonn, cur síos neamhdhóchúil, agus pearsana do-aitheanta. Tá cuid den scríbhneoireacht chomh dona sin go bhfuil sé greannmhar, léithéidí 'The book-lined room was richly textured with inlaid wooden panels' ar lch 295. Tugaimse scríbhneoireacht sceabhach ar a leithéid sin mar tá sé dírithe, ní ar an ábhar a bhfuil cur síos le déanamh air, ach ar rud ceoch éigin in intinn an scríbhneora nó sa chultúr a bhfuil sé ag iarraidh a bheith páirteach ann.

Ach is beag leabhar nach mbíonn rud éigin fiúntach ann. Cuid mhór de phlota an scéil tá sé bunaithe ar an bpictiúr thuas 'The Favourites of the Emperor Honorius' le John William Waterhouse (1883) - nó leagan de a chuirtear i gcás sa scéal. Bhí an tImpire Honorius, deirtear, chomh tógtha lena chuid peataí, na colúir nach raibh am aige éisteacht leis an toscaireacht a tháinig chuige le rá leis go raibh an Róimh tar éis titim agus i lámha na nGotach (sa bhliain 410).

12 commentaires:

  1. Bhuel, más leabhar maith atá uait...molaim an ceann seo: http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=5370

    :-)

    RépondreSupprimer
  2. Má thaitníonn úrscéalta leat atá suite i saol na Rómhánach, céard faoi Imperium le Robert Harris? Bhain mise sult as. Tá tríológ pleanáilte aige, agus tá an dara leabhar, Lustrum i gcló thall, cé nach bhfuil sé ar fáil abhus anseo fós.

    Na leabhair atá á léamh agam anois díreach:

    The Devil's Alphabet le Daryl Gregory
    Reading in the Brain le Stanislas Dehaene
    Dún an Airgid le hÉilis Ní Dhuibhne

    Tá mé ag smaoineamh ar Wolf Hall le Hilary Mantel a cheannach mar chlosleabhar, cé go bhfuil sé iontach daor sa riocht sin... ró-dhaor, bh'fhéidir.

    RépondreSupprimer
  3. Sonas oraibh, a chairde. Cogadh Dearg á ordú agam inniu a Sheámais. Agus tá do chuidse moltaí priontáilte agam, a Dennis, agus tabharfaidh mé liom iad an chéad uair eile a bheidh mé ag triall ar na siopaí leabhar. Sílim go gceannóidh mé féin Wolf Hall, anois agus é i gclúdach bog anseo. Bhí mé tosaithe ar Gluaiseacht le hAlan Titley, faraor nár lean mé leis.

    RépondreSupprimer
  4. Bhí mé tosaithe ar Gluaiseacht le hAlan Titley, faraor nár lean mé leis.

    Ceal ama? Thaithin sé go mór liomsa, mar a scríobh mé thall ar bhlag s'agamsa.

    RépondreSupprimer
  5. Thosaigh mé ar 'Salann Garbh' le Joe Steve Ó Neachtain inné - Gaeilge agus scéalaíocht den chéad scoth ann...

    RépondreSupprimer
  6. Go raibh maith agat a Mhise Áine - ar ais chuig Litríocht.com (cá mbeimis gan é anois?). Agus níor cheal ama é a Aonghuis ach mheall blurbaí an leabhair Béarla mé - cé deir go dtagann ciall le haois. Leabhair Ghaeilge as seo amach!

    RépondreSupprimer
  7. An bhfuil a fhios ag éinne cad atá ag tarlú faoin úrscéal stairiúil sin faoi Bhrian Bóruma a bhí ar na bacáin bliain nó dhó ó shin.

    RépondreSupprimer
  8. Níor chuala riamh faoi. Cé bhí lena scríobh? 'Fág síos an tua, sin a Bhruadair, maith an fear.' Dhéanfadh sé an-oscailt ach amháin gurb é deireadh an scéil é.

    RépondreSupprimer
  9. GRMA. Sin dhá cheann anois... Bain sult as!

    RépondreSupprimer
  10. Bhí mé ag déanamh iontais ar léigh tú mo leabhar fós...agus imní orm, mar nuair a d'fhiafraigh mé sin de Aonghus, scríobh sé nár thaitin sé leis. Tá súil agam gur bhain (go mbainfidh) tusa sásamh as.

    RépondreSupprimer
  11. Ní hé nár thaitin sé liom, ach nár mheas mé go bhfeadfainn moladh gan locht a fháil air a thabhairt dó; agus bíonn drogall orm rudaí diúltacha faoi saothar mo lucht aitheantais, ná scríobhaithe na Gaeilge i gcoitinne, a fhoilsiú. Toisc gur amatéireach mé féin, i gcúrsaí litríochta ach go hairithe.

    RépondreSupprimer
  12. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Dr.Osagie, an luibheolaí mór a chuir leigheas orm de ghalar fibroid, agus sin an t-aon rud a chuir stop orm ó bheith i mo mháthair. Bhí na galair seo agam i gcomhair Long agus chosain mé mo phósadh beagnach mar nach raibh mé in ann a bheith ag iompar clainne. Rinne mé taighde ar mo chuid féin a chuir an fhianaise seo ar bhean ag rá conas a chabhraíonn dr.osagie léi ón gcás céanna a bhí i ró-mhaith, ní raibh aon rogha agam ach iarracht a dhéanamh. Chuaigh mé i dteagmháil leis an Dr.Osie agus phléigh muid, dúirt sé liom an imní a bhí air agus d’ordaigh sé leigheas luibhe dom le praghas agus conas a d'fhéadfainn iad a fháil. Fuair ​​mé an leigheas seo agus ghlac mé liom mar a díríodh orm agus nuair a chuir mé mo shuaimhneas is mó i gcúig seachtaine ar a laghad rinne mé tástáil agus fuair mé amach go raibh mé trí seachtaine torrach cheana féin. go léir a bhuíochas don Dr.Osagie mór as a dhrugaí luibhe a chuir mo mháthair orm agus a choinnigh mé mo phósadh bhí mé saor ó fhlaroid. le do thoil, níl eagla ar bith ar mhná nach é seo an rud é go bhfuilim anseo ag insint duit conas a chlaochlú mo bheo ó neamhaird a dhéanamh de bheith grámhar arís. Táim an-bhuíoch as an gcabhair a fuair mé ón dochtúir luibhe seo ar féidir leat teagmháil a dhéanamh le Dr.Osagie má thagann tú ar do chuid féin sa chás seo agus is féidir leis cabhrú leat amach agus le cineálacha eile galair mar Endometriosis, IVF, Uterus as a chéile, maighdean fadhb
    -má líon na sperm agus mar sin de. Faigh chuige trí Ríomhphost. trí DROSAGIE99@GMAIL.com nó glaoigh / a chuir air / uirthi é ar +2349070977669 féach freisin ar a láithreán gréasáin www.drosagiefertilty.ste.live
    Thosaigh mé arís ar an Dr.Osie do dhuine ar bith amach anseo !!! ..
    go raibh maith agat

    RépondreSupprimer