dimanche 27 décembre 2009

Cluiche Ceisteanna


Idir bhia agus deoch, sioc agus síocháin, chluichí is chomhluadar, is muid a bhí sásta. Seo cluiche a d’imríomar. Cluiche ceisteanna é. Más maith leat quizeanna, taitneoidh an cluiche seo leat.Níl aon ghá le clár nó le cártaí nó le dílse; níl aon ghá le liosta ceisteanna; níl aon ghá le quizmháistir fiú; rud ar bith ach pinn agus páipéar. Tá sé iomlán daonlathach. Agus is píosa maith spóirt é.

Tugtar peann agus páipéar do gach duine. Roghnaítear duine le tús a chur leis an gcluiche. Roghnaíonn an duine sin ábhar, mar shampla, Litríocht na Gaeilge, Sacar na hÉireann, Leabharlannaíocht, Ceol Comhaimseartha, Baile Átha Cliath, Tíreolaíocht na hEorpa; rud ar bith ach an t- ábhar a bheith sách leathan le gur féidir le gach duine ceist éigin a chumadh a bhfuil baint aici leis.

Téann gach duine i mbun machnaimh – ceapann gach duine ceist faoin ábhar, m.sh. ‘Cé scríobh Cré na Cille?’ nó ‘Cén dealbh atá ar bharr Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath’ nó ‘Cén sliabh is airde san Eoraip’ etc.

Nuair atá gach duine tar éis ceist a scríobh, cuirtear tús leis an quiz. Tosaítear leis an té atá ar thaobh na láimhe clé den té a roghnaigh an t-ábhar. Cuireann sé nó sí a c(h)eist. Scríobhann gach duine freagra síos. Nuair atá sin déanta, cuireann an té atá ar a lámh chlé seisean / sise, ceist agus scríobhann gach duine sios an freagra. Agus mar sin timpeall go dtí an té a roghnaigh an t- ábhar an chéad uair.

Téitear timpeall arís ansin. Cuirean an chéad duine a cheist agus léann gach duine ar a sheal an freagra atá scríofa síos aige nó aici amach. Ar aghaidh ansin leis an dara ceist. Freagraítear mar a chéile. Má tá an freagra ceart faigheann an duine sin dhá mharc. Faigheann an té an cheap an cheist marc amháin as gach freagra mícheart. Coinnítear an scór.

Simplí go leor. Ach seo é an áit a bhfuil bunús an chluiche, agus an fáth go n-éiríonn leis. Mura bhfaigheann aon duine an freagra ceart, ní fhaigheann an té a chuir an cheist marc ar bith. Caithfidh freagra ceart amháin ar a laghad a bheith ann le go bhfaigheadh an ceistneoir marc.

Tá neart scóip ann le haghaidh plé agus argóna. Abair nach bhfuil an freagra ar eolas ag an té a cheap an cheist, nó go raibh sé nó sí mícheart. Mór an spórt é! Bealach amháin timpeall ar an deacracht sin a rá, más féidir a chruthú go bhfuil freagra an cheistneora mícheart dáiríre go bhfuil an babhta sin ar ceal (agus marc a thabhairt do na daoine a raibh an freagra ceart acu más mian).

An té a bhfuil an líon is mó marcanna aige nó aici nuair atá timpeall iomlán déanta a ghnóthaíonn.

An rud is tábhachtaí ná go mbainfeadh gach duine taitneamh as. Más gá bhur rialacha féin a chumadh chuige sin, ar aghaidh libh. Níl ansin thuas ach an bunsctruchtúr. Ach oibríonn sé go breá dúinne.

5 commentaires:

  1. D'imir. An-chluiche. Ach níor imir riamh i nGaeilge. Ba dheas an rud é leagan a oibriú amach don Ghaeilge, rud nach bhfuil éasca agus gan aon fhoclóir Gaeilge againn ach an Foclóir Beag. B'fhiú focail mar 'gréinleacha' nó 'gréiscealach' nó 'badhbaire' nó 'dachtán' a thriail. Tá oiread sin focal ann!

    RépondreSupprimer
  2. Is féidir leagan dátheangach de a imirt le FGB, leis na sainmhínithe i mBéarla. An-fhocail iad seo go léir. Ach is é an chéad cheann an ceann is fearr liomsa. Tá siad le feiceáil ar phlásóga sa chathair freisin, mar ar mhún madraí.

    RépondreSupprimer
  3. Anois díreach atáim a léamh seo, a Chailliomachais, agus faraor nár léigh mé é ní ba luaithe - tá an Nollaig thart, agus an comhluadar uile bailithe leo!

    Go raibh maith agat, mar sin féin. Beidh lá eile ag an bPaorach aineolach seo...

    RépondreSupprimer
  4. "Bhí mé i ngrá, meallta ar fhear a thug neamhaird orm ar feadh míonna. Elijah is ainm dom. Bainim úsáid as a bheith ag obair leis, agus nuair a aistríodh é go dtí an Eoraip bhí mé millte agus chuaigh mé ag cuardach cabhrach nuair a tháinig mé trasna an fear seo ar an suíomh Dr Obodo R-phost templeofanswer@hotmail.co.uk agus iarraim cabhair chun go mbeadh sé i gcuimhne agus tar éis 3 lá den obair a ghlaoigh sé orm agus dúirt sé liom go dtaitníonn sé liom.
    ... Go raibh maith agat an Dr Obodo Tá dúil mhór agam as do chuid oibre. "- Monique, SAM

    RépondreSupprimer