vendredi 4 décembre 2009
Blagáil agus blagadóireacht
Feasta na Nollag amuigh agus caint ann ag an mblagálaí seo is mise ar an mblagáil - nó mar a thugaimse air i mo chás-sa, blagadóireacht (breathnaítear ar an gcolún ar dheis). An bhfuil an blagáil ag dul as mar a deir an duine seo? Ní dóigh liom é: tá an iomarca paisin, eolais, mothúchán, siamsaíochta agus féinsásaimh i gceist. Níor imigh na leabhair as fós agus is fada go n-imeoidh, bíodh is gur cinnte go n-athróidh an margadh le teacht chun cinn an leabhair dhigitigh etc. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé nach bhfuil an bhlagáil chomh faiseanta i ndomhan an idirlín is a bhí.
Ar aon chuma gné amháin de Feasta a thaitin liom an mhí seo - agus ní ag caint ar mo chuidse radamandádaíochta (nó randamandádaíocht) atá mé. Is éard tá i gceist agam an spléachadh beag a fuair mé ar fhealsúnacht Ghaelach a bheith ag péacadh. Idir Sheán Ó Loingish ag dul siar chuig laethanta órga an Chonartha (mar a thugtar orthu) agus tagairt aige do Dhónall Ó Corcora (i gcomhthéacs scríbhneoireacht Hilary Mantel) agus Liam Prút ag plé 'saothar tathagach' Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Aistí Critice agus Cultúir III, agus Helen Ó Murchú ag díriú ar an earnáil dheonach agus an daonlathas, gan trácht ar Mhairéad Ní Chinnéide ag caitheamh súile ar Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa le Brian Ó Conchubhair, bhraith mé dóchas éigin go mb'fhéidir go bhféadfaí comhthéacs tuisceana éigin a chur le chéile ag an leibhéal is bunúsaí agus is fealsúnta. Ní comhaontú atá mé a rá ach comhthuiscint - tuig linn tuiscint dá chéile gan aontú le chéile. Agus anuas air sin, tá gearrscéal breá séasúrach lenar gcara, Brian Ó Dochartaí.
Ach caithfidh mé a bheith cúramach. Léigh mé aréir go ndúirt leabharlannaí uair éigin in áit éigin i mBéarla: Librarians must have no politics, no religion, and no morals.
Inscription à :
Publier les commentaires (Atom)
d'fhéadfadh sé nach bhfuil an bhlagáil chomh faiseanta i ndomhan an idirlín is a bhí.
RépondreSupprimerÁ bhuel, cé chomh faiseanta agus atá an Ghaeilge ar an idirlíon? Feictear dom go n-oireann ár gcuid blagadóireacht(a) go maith don phobal beag scaipthe atá ionainn.
N'fheadar.
RépondreSupprimerAn rud faoin idirlín ná go bhfuil a lán cúinní ann, agus ní ga i bheith sa bhfaisean, faisean an Bhéarla don gcuid is mó.
Scríobann blagadóireacht tochas s'agamsa fós! Ach níl ach thart ar scór againn ar an ealaíon seo tré Ghaeilge pé scéal é.
Ce commentaire a été supprimé par l'auteur.
RépondreSupprimerNach é an rud is annamh is iontach?
RépondreSupprimerNí féidir a mhaíomh gur teanga traochta í an Ghaelainn nó Gaelainn an idirlín a gcaillfí suim inti toisc í a bheith á úsáid ag gach Tom, Dic agus Hairrí ar fud an idirlín lena gcuid seafóide - don chuid is mó - a sceitheadh amach!
Arís eile, a chairde. Aontaím libh. Níl an bhlagáil ag dul as sa chúinne seo againne de chruinne an idirlín; agus maidir le faisean, bíodh aige. Cosaint í an Ghaeilge ar fhaisean agus ar sheafóid freisin, braithim.
RépondreSupprimerPíosa deas i bhFeasta. Trua nár thug tú nascanna do na suíomhanna a luaigh tú. Níl aon chuir amach agam ar Netvibes, mar shampla.
RépondreSupprimerGo raibh maith agata, a Aonghuis; agus an ceart agat. Sin le ceartú. Anseo, go luath.
RépondreSupprimerBhain mé sult as d’alt i bhFéasta, a Chailliomachais. Maith thú!
RépondreSupprimerBainim taitneamh as chuile bhlag a léim as Gaeilge. Bíodh an Ghaeilge nó an t-eolas iontu cruinn nó ná bíodh, is cuma liom – cuidíonn na blaganna liom theacht ar m’fhírinne féin maidir leis an méid atá scríofa iontu, agus cuireann siad le ‘stór’ na teanga, chomh maith le ‘stór’ an tsaoil, i mo thuairim.
Tá éagsúlacht iontu, mar atá éagsúlacht daoine ann ar fud na cruinne, agus ní dochar bheith ar an eolas faoi mheon an duine daonna, fiú mura n-aontaímid le gach rud a scríobhtar.
Nár laga do Ché do lámh, a chara!