lundi 9 novembre 2009

Cuairteanna ar an Dochtúir


An chéad chuairt ar an dochtúir dúirt sé nár mhór a bheith ag faire ar an mbrú fola. An dara cuairt labhair sé liom faoi 'cross-winds' agus 'go round'. Cuir isteach 'Madrid Airport go around' in Youtube. Bainfidh tú taitneamh as. Bhí sé ag iarraidh mé a chur ar mo shuaimhneas. Ansin thástáil sé an brú fola. Bhí sé an-ard.

Nílim buartha. Gach dara duine ar labhair mé leis ó shin tá siad ag tógáil taibléidí i gcomhair an bhrú fola. Nó sin an chuma a bhí air. 'Confirmation bias' is dócha. Bíonn gá againn ar fad leis anois is arís.

Ach ciallaíonn sé go bhfuilim ag gearradh siar. Nílim ag rásaíocht thart mar a bhíodh agus nílim ag blagadóireacht chomh minic is a bhíodh ná ag glacadh páirte sa phlé ríspéisiúil a bhíonn ag dul ar aghaidh. Os a choinne sin, nílim tar éis a shocrú éirí as rud ar bith. Táim díreach ag cur níos mó spéise sa leimhe órga a mbíodh Arastatail ag caint air.

8 commentaires:

  1. Súil agam go bhfuil fuinneamh fágtha agat don saeva indignatio is dual agus tú ag plé an Roinn Éadóchais!

    RépondreSupprimer
  2. Ní éalóidh siad chomh héasca sin, a Aonghuis.

    RépondreSupprimer
  3. Bhí do dhochtúir ag iarraidh “hipirtheannas an chóta bháin” a chur as an áireamh, cé nach dtuigim cén fáth ar thogh sé an t-ábhar sin. Bhí an nasc sin l-e-a-d-r-á-n-a-c-h. Ní chreidim gur fhéach mé ar an rud iomlán!
    leimhe órga?!? I bhfad uainn an drochrud! Mar a dúirt Blake, the road of excess leads to the palace of wisdom.
    Agus, dála an scéil, slogam féin 10 mg. de Lisinopril chuile mhaidin.

    RépondreSupprimer
  4. Go raibh maith agat, Dennis. Tugann sin misneach dom. Idir go arounds, fhiseáin leadránacha (an ceart agat) agus chótaí bána an hipirtheannas, nílim ach ag tosú dul i ngleic leis an scéal. Tá na harrows of desire curtha i dtaisce go fóill beag agus an chariot of fire parcáilte go ceann scaithimhín beag eile.

    RépondreSupprimer
  5. Deirtear go n-íslíonn féachaint ar éisc ag snámh brú fola. Faigh umar éisc, mar sin! Is maith an comhluadar iad, freisin. Éisteoirí maithe.

    RépondreSupprimer
  6. Smaoineamh an-mhaith, a Shéamais. Agus tá a fhios agam go díreach cá gcuirfidh mé iad: trasna ón deasc ar an tseilf fholamh idir na haistí Gaeilge agus na seanmóirí Gaidhlice.

    RépondreSupprimer
  7. Tá an ceart agat, a Chailliomachais, gearradh siar a dhéanamh, agus tús áite a thabhairt do do shláinte.

    Beidh mé ag tnúth le d'ionchur in earnáil na mblaganna, a chara, is cuma cén uair ann é...:-)

    RépondreSupprimer
  8. Go raibh maith agat as sin, a Mhise Áine. Gearradh siar - ach ní gearradh as.

    RépondreSupprimer