mardi 8 septembre 2009

Treoirleabhar do lucht staire an Bhéarla


Ceann de na rudaí a thaitníonn liom faoi shaol éitreach seo na mblaganna – agus nílimse ach ag dul dó le cúpla mí – an chaoi ar féidir linn foghlaim óna chéile agus an chaoi a spreagann rud amháin rud eile. ‘Faoi mar a bheadh nimh ar an aithne’ a deir Ua Duinín – luaitear ábhar amháin agus seo trácht nó scéala ó dhuine eile ar an ábhar céanna nó blag faoi nó tagairt dó. An bhfuil a leithéid seo de leabhar léite agat? Níl. Ach nuair a chuirim ceist faoi síntear chugam é.


Leabhar é Medieval Gaelic Sources le Katharine Simms a fhéachann le treoir a thabhairt do léitheoirí faoi na foinsí Gaeilge ionas gur féidir leo ‘usable historical information’ a bhaint astu. Tacaíonn an leabhar, dar liom, leis an téis atá agam faoin Eilifint i Stair na hÉireann. Ar lch 10 deir sí:


However, the wider range of published sources available may have been better-known in the past to Celtic Scholars than to historians, and these deserve greater attention than they have so far received.


Ní hamháin gur léir di nach raibh staraithe an Bhéarla ag baint móran úsáide as na foinsí Gaeilge ach braitheann sí go gcaithfidh sí a rá leo, ar lch 16, cén chaoi len iad a úsáid nuair a thógann siad anuas den tseilf iad. Ag caint faoina dheacra atá sé dáta a chur le téacs Gaeilge go minic deir sí:


That is why it is always important for a historian to read carefully the editor’s introduction to a medieval Irish text, to glean as much as possible from his or her comments on the language used....


Nach bocht an scéal é. Treoirleabhar ag teastáil ó staraithe na hÉireann le foinsí na staire sin a chur ar a súile dóibh agus treoir á tabhairt dóibh ina dhiaidh sin cén chaoi leis an leabhar a léamh. Historians?


Is iontach go bhfuil an leabhar seo ann anois. Is léir go dteastaíonn sé go géar.

Táim chomh tógtha leis go bhfuil fonn orm léirmheas beag a scríobh air. Ach beidh sé tamall eile sula ndéanfaidh mé sin. Bí ag faire ar an Litríocht seo againne. Idir an dá linn mo bhuíochas le Dennis as an leabhar breá seo a lua liom.

4 commentaires:

  1. Tá mé díreach tar éis nasc leis an teachtaireacht seo a chur chuig an liosta Old-Irish-L. An chéad rud eile atá le déanamh agam: cóip de a ordú dom féin!

    RépondreSupprimer
  2. Ní bocht an scéal é amháin ach is greannmhar an scéal é freisin.
    Tá eagla ar staraithe Éireannacha roimh an Ghaeilge toisc go gcuireann sé os comhair a súile nach bhfuil siad oilte a dhóthain labhairt ar ábhair a bhaineann le stair na tíre.

    Ní bheadh iontas orm dá mbeadh fearg ar roinnt staraithe don theanga óir taispeánann sé go neamhbhalbh a neamhábaltacht.

    Níl d'alt leite agam go fóill ach tá súil agam cuair a thabhairt don Siopa Leabhair inniu

    RépondreSupprimer
  3. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an ceart agat, a Dhubhaltaigh. Faitíos > fearg > neamhaird iomlán. Ní mar sin a fheiceann muidne é ach mar seo: neamhaird iomlán > easpa proifisiúntachta > neamhábaltacht. Ach ná habair leis an Impire nach bhfuil aon éadaí air. Ní chreidfidh sé tú. Ach is impire mé, a déarfaidh sé. Ní fhéadfadh nach bhfuil éadaí orm. Ach is staraí mé. Aon rud a dhéanaimse is stair í.

    RépondreSupprimer