De bhrí nach raibh mé ar fónamh agus gan a bheith in ann mórán oibre a dhéanamh, tharraing mé catalóg na lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Náisiúnta anuas den tseilf. Is breá liom an blaiseadh de shaol fairsing léannta na Gaeilge fadó a bhíonn le fáil sna leabhair sin. Seanoidis leighis - más é sin atá ann:
Do dhenam an phúdair fhínailte ann so .i. seacht cuid don tshalphíotair 7 énchuid don raibh [ruibh, is dócha] 7 énchuid don ghual.
Nó tús an Lebor Bretnach: Iar ndílinn ro rannadh an domhan a dtrí rannuibh.
Seanbhealaí le ham agus spás a thomhas. Seanmhiorúiltí:
Bean do-chuaidh ar cend uisce a Craoibh Chaille oidhche na hEpefania 7 fion tuc sí lé a n-ionadh an uisci.
B'in tús maith leis an mbliain úr. Sin uile agus tuilleadh i lámhscríbhinn pháir a scríobh Pilip Ballach Ua Duibhgeanáin idir na blianta 1579 agus 1584.
Tamall de bhlianta roimhe sin, in 1548, scríobh Éumann Ó Bolgaoi lámhscríbhinn eile, leabhar leighis. Áit scríofa na lámhscríbhinne seo a tharraing m'aird: Bodosdoig.
Anocht oidhche Chasc a mBodosdoig dham anois e.
Agus cearnóg timpeall an 'e' a sheasann d'Éamonn.
Tuairimíonn Nessa Ní Shéaghdha gur Woodstock ( ó Boddestock) in aice le hÁth Í atá i gceist. Tá sin níos soiléire ón iontráil eile seo:
I mBodasdaic damh anois i pfochuir corce Dondchaidh mheic Deinis. Et taphradh gach aen leigfeas oraid ar anmain an ti ro scriobh Émann.
Déanfad san.
Seanoidis leighis Leigheas an bháis? Púdar gunna é sin, a Ch. :-)
RépondreSupprimerSúil agam go bhfuil tú feabhsaithe anois, a chara.
RépondreSupprimerÚps. Caithfimid a bheith cúramach leis na seanlámhscríbhinní seo. Caithfidh gurb é an tinneas é - gur shíl mé gur leigheas é. Tá sé fós orm (go raibh maith agat as an dea-ghuí a Mhise Áine). Má tá sé fós orm, b'fhéidir... ní hea, fágfaidh mé an púdar gunna san áit a bhfuil sé. Níl aon ruibh agam.
RépondreSupprimerGo raibh biseach ort go luath!
RépondreSupprimerGo raibh maith agat, Dennis.
RépondreSupprimer