mardi 23 juin 2009

Pleananna

Táimid i lár an tsamhraidh agus is gearr uainn eagrán mhí Iúil de Feasta. I measc na n-ábhar a ndéanaim tagairt dóibh san eagrán sin tá Tuarascáil Uí Riain ar mhí-úsáid leanaí agus freagracht na Roinne Oideachais sa drochobair. Tagraím freisin do na chéad teagmhálacha atá ar marthain idir Éire agus Pápacht na Róimhe.

Amach anseo – ach níl a fhios agam fós cén uair – ba mhaith liom cúpla rud a rá faoin eilifint i Seomra na Staire. Táim cinnte go bhfuil a fhios agaibh céard é féin.
Agus ós ag caint ar phleananna dom, ba mhaith liom na seanaistí in Feasta a chur suas anseo in áit éigin – na cinn a scríobh mé roinnt míonna siar, abair. Tá sé cinn ar fad acu ann go dtí seo – mar a deir lucht ceoil, tempus fuga est.
Idir an dá linn, bainigí sult as as an dea-aimsir agus as na laethanta fada. Is i ngioracht a bheidh siad ag dul as seo amach.

3 commentaires:

  1. Ce commentaire a été supprimé par l'auteur.

    RépondreSupprimer
  2. Cá bhfios, a Shéamais. Deirtear gur leagan í seo d'eilifint a rinne Hieronymus Bosch. Sa mhéid is go bhfuair Bosch bás roinnt blianta roimh léigear Vín i 1529 ní móide gurb ea. Ach b'fhéidir nach cóip í ach buneilifint. I leagan eile fós tá bratach na Tuirce ar iompar aici. Tá tú tar éis ceist an-spéisiúil a mhúscailt. Faraor níl an freagra agam.

    RépondreSupprimer