mercredi 18 mai 2011

Scafall Mumhan

Tá obair mhór thábhachtach ar bun ag dream na nOibreacha Poiblí ar Shéipéal Chormaic agus ar an Ard-Eaglais ar an gCarraig i gCaiseal Mumhan. Ar an ábhar sin tá scafall agus leatháin phlaisteacha crochta acu timpeall cuid den fhoirgneamh. Mar atá sa ghrianghraf thuas a bhreathnaigh an áit agus mé ar cuairt ann roinnt seachtainí ó shin. Níl a fhios agam cé mar a bhreathnóidh sé amárach.

6 commentaires:

  1. Breathnóidh sé go maith, mar is gnáth.

    RépondreSupprimer
  2. An ceart agat, Ormondo. Ní cuimhin liom an é Wilde nó Mahaffy a thug Acropolis na hÉireann air. Cá bhfios nach mbeidh siad sa cheant céanna faoi chasúr Bhanc Ceannais na hEorpa faoi dheireadh na bliana.

    RépondreSupprimer
  3. Cad a cheapann tú, a Chailliomachais, an bhfuil an Bhanríon Éilís II ag cur i gcuimhne dúinn ar chaoi indíreach gurbh í an eaglais a bhronn oileán na hÉireann ar rítheaghlach Shasana? Cuimhnímis ar Shionad Chaisil sa bhliain 1172.

    RépondreSupprimer
  4. Baigh Dead níor chuimhnigh mé air sin. Is cinnte nach aon 'fake' é Laudabiliter mar scríobh na Pápaí litreacha mar é ina dhiaidh sin. Ach ar an mbonn sin, chaill Anraoi a theideal ar Éirinn nuair a rinne sé Ceann na hEaglaise de féin. B'fhéidir go bhfuil Eilís II ag admháil anois an rud ar cheart d'Anraoi agus dá bheirt iníonacha a admháil os cionn ceithre chéad bliain ó shin: nach léi Éire níos mó. (Sea, sea, sea, ach is léi cúinne amháin di...)

    RépondreSupprimer
  5. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    RépondreSupprimer