mercredi 1 décembre 2010

Mioncheist mhór


Taobh istigh den Mundaneum

Ceist agam a théann go croí na leabharlannaíochta, go háirithe in Éirinn áit a bhfuil dhá theanga oifigiúla againn. Is í an tseanfhadhb í. An rangaítear leabhair de réir an ábhair nó de réir na teanga a bhfuil siad scríofa inti.

Réiteach amháin ná an cheist a chur 'cé le haghaidh an rangú?'. Nó ceisteanna eile a d'fhéadfaí a chur: 'cé bheidh ag baint úsáide as an leabharlann agus cén fáth?'

Seo sampla. Úsáidtear an uimhir 821 móide uimhir chúntach i gcomhair na litríochta i dteangacha faoi leith. Mar shampla litríocht na Gaeilge as féin: 821.152.1. D'fhéadfaí a chur i gcás mar sin go bhféadfaí uimhir mar seo a thabhairt do An Uain Bheo: 821.152.1 ÓSÚ.

Ach más leabharlann Gaeilge atá ann ní gá go mbeadh sé seo ró-chabhrach - cuid mhór de na leabhair sa leabharlann agus an uimhir chéanna acu. B'fhearr b'fhéidir uimhir an úrscéil inbhreathnaithigh a úsáid: 82-311.1 ÓSÚ.

Cá gcuirtear na húrscéalta Iodáilise sa leabharlann Ghaeilge? Faoi 821.131.1? Nó faoi na húrscéalta 82-31 agus uimhir chúntach teanga leo, b'fhéidir, mar shampla 82-31=131.1?

Is í an uimhir atá ag an tuiseal ginideach ná 81`366.543. Anois d'fhéadfaimis uimhir a thabhairt don tuiseal ginideach i nGaeilge go héasca mar seo: 81`366.543.152.1; nó an mar seo is ceart dó a bheith: 81.152.1`366.543?

4 commentaires:

  1. Cad a déantar sna tíortha dhá theangacha? An Bheilg, abair?

    I leabharlann Gaeilge, bheinnse ag súil le húrscéalta faoi úrscéalta.

    RépondreSupprimer
  2. Bheadh an suim agamsa i leabharlann Ghaeilge. Sa leabharlann áitiúil ní rangaítear na leabhair. Caitear iad i gcúinne leis na leabhair go léir eile ón iasacht!

    RépondreSupprimer
  3. Ba cheart go mbeadh neamhfhicsean agus na clasaicigh sa Deweys, úrscéaltaí san fhicsean. Sílim gur cheart go cuireann muid na leabharthaí Gaeilge ina rannóg féin.

    RépondreSupprimer
  4. Tá súil agam cuairt a thabhairt ar leabharlanna ar mhór-roinn na hEorpa sa bhliain úr. I leabharlann Ghaeilge - rud nach bhfuil ann, fiú sa Ghaeltacht - ba cheart go mbeadh na leabhair leighis ar fad le chéile bíodh siad i nGaeilge nó i mBéarla. Ar ndóigh sna leabharlanna poiblí don ghnáthphobal bíonn an ficsean ar fad as féin. Ní hamhlaidh i ngach leabharlann.

    RépondreSupprimer