mardi 7 décembre 2010

Duine anaithnid!

Flaithiúnas na tíre caillte? Buiséad á dheachtú ag an IMF? Ní dóigh liom é. Ní hé an IMF ná Banc Ceannais na hEorpa a dúirt leis an Rialtas gearradh siar ar liúntas lucht an mhíchumais agus ná ar liúntas na ndaoine a bhíonn ag tabhairt aire dóibh. Ní hiad a dúirt leo gearradh siar ar an liúntas leanaí, ar thógáil scoileanna, agus ar cheannach trealamh leighis.

Cé dúirt leis an Rialtas é sin a dhéanamh? Cé eile, dar liom, ach an duine anaithnid. Duine a bhfuil a ainm ar eolas ag roinnt daoine ach ar deacair aon eolas cruinn a fháil air. Cuardach a rinne mé féin ar an idirlíon ní bhfuair mé d'eolas air ach a leithéidí seo: go bhfuair sé céim i UCD agus, má thuigim an tuairisc i gceart, ceann eile in Washington. Tá sé ina státseirbhíseach le fada an lá agus ina Rúnaí Ginearálta ar an Roinn Airgeadais le cúpla bliain (theip orm a fháil amach cén bhliain a ceapadh é mar ní raibh dáta leis an bpreasráiteas a d'eisigh an Roinn Airgeadais ag an am). Seo pictiúr de. Déarfá le breathnú air gur duine lách é.

Kevin Cardiff

mise le bheith ag caint ar dhaoine anaithnide? Dáiríre níl aon chead cainte agam. Ach amháin sa chomhthéacs seo. Is duine anaithnid gan chumhacht mise. An fear a bhfuil a phictiúr thuas is é an duine is cumhachtaí sa tír é. Mura gcreideann tú sin, léigh an píosa beag seo as an bpreasráiteas úd.
As the financial crisis developed over the past 18 months, Mr Cardiff was asked to concentrate solely on financial services matters. In this role, he has worked closely with the Minister in formulating the Government’s response to the crisis.
Ba cheart go mbeadh an chaint ar fad inniu, lá na cáinaisnéise móire, faoi Kevin Cardiff, na prionsabail a d'úsáid sé agus an buiséad á dheachtú aige, an ídé-eolaíocht atá aige, an fhís atá aige don tír, an rud is dóigh leis is náisiún na hÉireann ann.

9 commentaires:

  1. Ach ní nós do na Sir Humphreys ceisteanna a fhreagairt.

    Delenda est Marlboro atque Rae Muirbhthean!

    RépondreSupprimer
  2. Ní nós, a Aonghuis. Tá baint aige leis na hAchtanna Airí agus Rúnaithe go bhfios dom: go gcosnaíonn an tAire a Rúnaí agus go gcosnaíonn an Rúnaí an tAire sa chaoi is go mbíonn an duine a dhéanann an gníomh, an Rúnaí, neamhfhreagrach agus an duine atá freagrach (an tAire ag freagairt na gceisteanna sa Dáil, abair) bíonn sé neamhghníomhach. Cur i gcéill damanta a bhfuil gach duine páirteach ann.

    RépondreSupprimer
  3. Níl san Aire, ar a mhéad, ach an réalta ar bharr an chrainn Nollag.

    Ach nach bhfuilimid féin - mise san áireamh - chomh-chiontach le haon duine eile ar chaoi éigin sa phraiseach go léir? Nach daonlathaigh leisciúla sinne a fhágann an gnó uilig faoina daoine atá gníomhach sa pholaitíocht?

    RépondreSupprimer
  4. @ 'na prionsabail a d'úsáid sé agus an buiséad á dheachtú aige, an ídé-eolaíocht atá aige, an fhís atá aige don tír'

    Beidh fanacht ort, a chara, más ag fanacht leis an eolas sin atá tú, mar nach gcloisfear é, is dóigh liom.

    Mar a dúirt Aonghuis,' ní nós do na Sir Humphreys ceisteanna a fhreagairt.'

    @ 'Nach daonlathaigh leisciúla sinne a fhágann an gnó uilig faoina daoine atá gníomhach sa pholaitíocht?'

    Ach, nach é atá i gceist le vóta a chaitheamh, a Ormondo, ná go bhfuilimid ag tabhairt ár muinín don pholaiteoir go ndéanfaidh sé/sí gnó na tíre dúinn, ar ár son, mar is ceart?

    RépondreSupprimer
  5. D'fhoilsigh The Story a dhialann siar in Aibreán i mbliana don bhliain 2008.
    Féach anseo

    Is spéisiúil líon na ndaoine ó na bainc Ghearmánacha a bhfuil sé ag bualadh leo. Ar ndóigh, d'fhéadfá a bheith ag súil leis sin.
    Ach cén tionchar a bhí ag na bainc phríobháideacha ar an rialtas agus na cinntí a rinne siad.

    Ceapadh Cardiff mar Ard-Rúnaí ag tús na bliana. D'oibrigh sé faoi David Doyle a bhí ina Ard-Rúnaí ó 2006 roimhe.
    Tháinig siad suas le NAMA, rathú bainc ar leith (lig sé do phostbhanc dul go tóin poill ach shábháil siad Anglo agus na cinn eile), agus ar ndóigh tháinig siad suas leis an smaoineamh iontach airgead an phobail a chaitheamh amú ag iarraidh bainc mharbh a shábháil. Leis na billiúin euro.
    Ach tháinig siad ar na rudaí seo le cabhair ón Eoraip agus na hidé-eolaithe thall.

    Ní shílim go bhfuil aon ghá an cheist a chur; cén saghas idé-eolaíochta atá aige, nó acu! Nach bhfuil sé an-shoiléir.

    Ní shílim go bhfuil aon ghá an cheist a chur; cad is dóigh leis is náisiún na hÉireann ann.
    Is léir nach bhfuil aon difríocht idir an náisiún seo agus na bainc a bhfuil páirt acu leo, ina dtuairim.

    Ach tá fiúntas ar leith leis an cheist; cad iad na prionsabail a d'úsáid sé agus an buiséad á dheachtú aige?

    RépondreSupprimer
  6. "Ach, nach é atá i gceist le vóta a chaitheamh, a Ormondo, ná go bhfuilimid ag tabhairt ár muinín don pholaiteoir go ndéanfaidh sé/sí gnó na tíre dúinn, ar ár son, mar is ceart?"

    Má chreideann tú go bhfuil sprioc daonlathais sroichte againn is dóigh go bhféadfaí a rá go bhfuil an ceart agat.
    Ach is léir nach n-oibríonn an córas ar son an phobail, ach ar son na n-infheisteoirí a oibríonn mar thacaíocht airgeadais don pháirtí i gcumhacht.

    RépondreSupprimer
  7. ...agus do na páirtithe sa bhfreasúra.

    Tuigeann lucht gaimbín an "each way bet" de ghnáth.

    RépondreSupprimer
  8. Is breá liom an íomhá: Brian Ó Luineacháin mar réalta ar bharr an chrainn Nollag, nó aingeal b'fhéidir, aingeal na tubaiste. Tugaimid vóta dá leithéid (aingil na tubaiste rialtais nó aingil na tubaiste freasúra, is cuma)! Ach an té a bhfuil an chumhacht agus an idé-eolaíocht aige tá sé slán ar gach cineál daonlathais agus saor ó cheistiú an phobail agus na meán.

    RépondreSupprimer
  9. "Ach, nach é atá i gceist le vóta a chaitheamh, a Ormondo, ná go bhfuilimid ag tabhairt ár muinín don pholaiteoir go ndéanfaidh sé/sí gnó na tíre dúinn, ar ár son, mar is ceart?"

    Ach nach é an ceacht atá foghlamtha againne go léir, a Áine, - agus ní amháin ar Chríocha Athbhochta Fáil - ná nach n-oibríonn an córas de réir na rudaí iontacha atá scríofa ar an gcanna.

    RépondreSupprimer